Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faoi rá is
R análach amháin atá ann fearacht rogha, réir, roimh-ré agus rl.
+
Bhí sé le buile agus le báine faoi rádh agus nach n-innseochainn dhó cá raibh mé ag dul = ó thárla, o's rud é
Ní raibh sé sásta ná leath-shásta faoi rádh agus nach dtiubharfainn an t-airgead dó
TUILLEADH (10) ▼
Badh é an droch-bhodach é faoi rádh agus nach bhfuigheadh sé ól
Ná bac le olc! Bhí sé oibrighthe faoi rádh agus nach bhfuair sé cuireadh
Chaith sé an oíche ag diúgaireacht faoi rádh agus nach dtiubharfaí cead cuartaidheacht' dó
Faoi rádh's a raibh de chíosannaí caithte air, a tháinic an seoraim (sirriam) chuige. 'Deile!
Shílfeá gur pus a bhí air, faoi rádh agus nach bhfanfainn in mo chomhnaí igcaitheamh an lae ag coinneál chainte leis-sean
Cuireadh amach as í faoi rádh agus nach ngéillfeadh sí dona ceannphuirteachaí a bhí uirre. Is dána í sin ná muic
Cé'n chaoi a bhféadfadh barr a bheith aige? Síleann sé go mbeidh bárr aige, faoi rádh agus nach gcuireann sé aon-leasú amach!
Ní bheidh smacht ar bith ar an madadh sin faoi rádh agus nach bhfaghann sé corr-ghriosáil mhaith bhuailte
'Sí a bhí musánach air, faoi rádh agus nach dtáinic sé ag breathnú uirre cho uain agus a bhí sí ina luighe
Tá luighe seoil air indiu faoi rádh agus ar ól sé indé

Féach freisin