Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faoi rá is
r análach amháin atá ann fearacht rogha, réir, roimh ré srl.
+
Bhí sé le buile agus le báine faoi rá is nach n-inseoinn dhó cá raibh mé ag dul — ó tharla, ós rud é
Ní raibh sé sásta ná leathshásta faoi rá is nach dtabharfainn an t-airgead dó
TUILLEADH (10) ▼
Ba é an drochbhodach é faoi rá is nach bhfaigheadh sé ól
Ná bac le olc! Bhí sé oibrithe faoi rá is nach bhfuair sé cuireadh
Chaith sé an oíche ag diúgaireacht faoi rá is nach dtabharfaí cead cuartaíochta dó
Faoi rá is a raibh de chíosannaí caite air, a tháinig an seoraim (sirriam) chuige. Deile!
Shílfeá gur pus a bhí air, faoi rá is nach bhfanfainn in mo chónaí i gcaitheamh an lae ag coinneáil chainte leisean
Cuireadh amach as í faoi rá is nach ngéillfeadh sí do na ceannphoirteachaí a bhí uirthi. Is dána í sin ná muic
Cén chaoi a bhféadfadh barr a bheith aige? Síleann sé go mbeidh barr aige, faoi rá is nach gcuireann sé aon leasú amach!
Ní bheidh smacht ar bith ar an madadh sin faoi rá is nach bhfaigheann sé corrghreasáil mhaith bhuailte
'Sí a bhí mosánach air, faoi rá is nach dtáinig sé ag breathnú uirthi chomh uain is a bhí sí ina luí
Tá luí seoil air inniu faoi rá is ar ól sé inné

Féach freisin