Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fasair
Ainmfhocal, Buineann
níor chuala mé aon-chlaochló tuisil air
1.
láithreachán de rud ar bith a bheadh scarha amach ar an talamh.i leabaidh "easair" — f sciorrach.
+
Tá fasair mhór feamainne isteach = í in a brachlainn san gcladach
Tá fasair eile sprémhóna in a scaradh thoir annsin thoir fós againn
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an fhasair fhataí atá ar urlár an chró sin amuigh fós, dhá mbeidís cruinnithe idteannta a chéile in aon-chlúid amháin
Bhí fasair leabhra agus pháipéir scaiphe amach ar fud na sráide ann. Go deimhin b'obair thuatach í, cébrí cé a rinne í
Bhí fasair thuí ar an talamh agam agus mé ag súisteóireacht san am a dtáinig sé isteach in mo mhullach (fc. easair)
2.
foracún; go leor.
+
Tá fasair aoil annsin amuigh ag an mbinn fós. Go deimhin níor mhór é a bhailiú agus a chur in áit eicínt as an mbealach
Is diabhlaí an fhasair phínneachaí atá agam. Shíl mé nach raibh ann, ach má bhí sé pínne
TUILLEADH (7) ▼
Tá fasair oinniúin annsin amuigh. Thuit siad den chlaidhe
Cuirfidh mé fasair eile den bhuidéal seo ar mo chois = cuimilt eile de bhuidéal a mbeadh íce ann
Cuir fasair eile den rud sin faoi do shúil = duine a chuirfeadh "foghairt" bhuidéil faoin a shúile
An dtiúrfaidh mé fasair eile den tsnaoisin seo dhuit?
Uair ar bith a mbíodh ocras orainn fadó dheamhan ceó a dhéanadh muid ach fasair fhataí a bhualadh síos san splainnc. Ní fheicfeá gasúr ar bith ag róstadh bruineógaí anois. Tháinig críonnacht do ghasúir ó shoin. Sin, nó d'imigh an goile uatha. Dheamhan a fhios agam nach hé an goile fhéin atá dúinte. Dúinte ag tae agus ag beatha mí-fholláin
Nuair a bhíodh fasair den choirce scóthbhuailte i gcomhnaí aige, diabhal blas a níodh sé ach cuid de a cháthadh agus é a chur i máilín inganfhios. Soir chuile oíche annsin agus "cruit" choirce air, l'aghaidh óil
Cuir síos fasair eile mhóna ar an teine
3.
brabach bantáiste, bun.
+
Cén chiall nach mbeadh sé indon fasair a dhéanamh dhíob, má choinníonn sé leo = fear ag díol fhaochan; bantáiste; bun
Rinne sé fasair de mhóin anuiridh. Dhíol sé as cionn fiche leoraí
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh fasair a dhéanamh a bhí sé de rith agus de léim, agus chuir sé an chrúib san scipéad. Nach maith a rugthas air in a dheidh sin!

Fasair in iontrálacha eile (2)

 
Is maith an dóigh fataí í sin' adeir N. leis an Dumhaichín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliadhain bán í, as fasair mhaith feamuinn' builgínighe a's 'special' (cineál leasú siopa) a chur annsin uirthe, a's cur tús earraigh, dar mo choinsias a's bheadh an toradh chéadtach uirre. Dar sliabh bheadh'.
 
Iasc — Iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mara féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaidhe ins an iasc. Níl aon-lá dá dteigheann sé chuig an D. nach cinneamhaint air críochnuighthe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réidhtigheann sé annsin go h-am suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuiridh sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac