Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fasair
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé aon chlaochló tuisil air
1.
láithreachán de rud ar bith a bheadh scartha amach ar an talamh (i leaba easair — f sciorrach).
+
Bhí fasair thuí ar an talamh agam agus mé ag súisteoireacht san am a dtáinig sé isteach in mo mhullach (fc. easair)
Tá fasair mhór feamainne isteach — í ina brachlainn sa gcladach
TUILLEADH (3) ▼
Tá fasair eile sprémhóna ina scaradh thoir ansin thoir fós againn
Is diabhlaí an fhasair fhataí atá ar urlár an chró sin amuigh fós dhá mbeidís cruinnithe i dteannta a chéile in aon chlúid amháin
Bhí fasair leabhra agus pháipéir scaipthe amach ar fud na sráide ann. Go deimhin b'obair thuatach í, cé brí cé a rinne í
2.
foracún; go leor.
+
Tá fasair aoil ansin amuigh ag an mbinn fós. Go deimhin níor mhór é a bhailiú agus a chur in áit eicínt as an mbealach
Is diabhlaí an fhasair phínneachaí atá agam. Shíl mé nach raibh ann ach má bhí sé pínne
TUILLEADH (7) ▼
Tá fasair oinniúin ansin amuigh. Thit siad den chlaí
Cuirfidh mé fasair eile den bhuidéal seo ar mo chois — cuimilt eile de bhuidéal a mbeadh íce ann
Cuir fasair eile den rud sin faoi do shúil — duine a chuirfeadh foghairt bhuidéil faoina shúile
An dtabharfaidh mé fasair eile den tsnaoisin seo dhuit?
Uair ar bith a mbíodh ocras orainn fadó dheamhan ceo a dhéanadh muid ach fasair fhataí a bhualadh síos sa splainc. Ní fheicfeá gasúr ar bith ag róstadh bruithneogaí anois. Tháinig críonnacht do ghasúir ó shin. Sin, nó d'imigh an goile uathu. Dheamhan a fhios agam nach é an goile fhéin atá dúnta. Dúnta ag tae agus ag beatha mífholláin
Nuair a bhíodh fasair den choirce scothbhuailte i gcónaí aige, diabhal blas a níodh sé ach cuid de a cháitheadh agus é a chur i máilín i ngan fhios. Soir chuile oíche ansin agus "cruit" choirce air le aghaidh óil
Cuir síos fasair eile mhóna ar an tine
3.
brabach buntáiste, bun.
+
Cén chiall nach mbeadh sé in ann fasair a dhéanamh dhíobh má choinníonn sé leo — fear ag díol fhaochan; buntáiste; bun
Rinne sé fasair de mhóin anuraidh. Dhíol sé os cionn fiche leoraí
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh fasair a dhéanamh a bhí sé de rith is de léim agus chuir sé an chrúib sa scipéad. Nach maith a rugthas air ina dhiaidh sin!

fasair in iontrálacha eile (2)

 
'Is maith an dóigh fataí í sin,' adeir N. leis an Dumhachín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliain bán í, is fasair mhaith feamainne boilgíní agus special(cineál leasú siopa) a chur ansin uirthi, agus cur tús earraigh, dar mo choinsias agus bheadh an toradh chéatach uirthi. Dar sliabh bheadh'
 
Iasc — iasc ar fad. Ballach nó bradán nó an ribe róibéis féin mura féidir leis a malrait a fháil … Tá É. bocht an-dúlaí san iasc. Níl aon lá dá dtéann sé chuig an D. nach cinniúint air críochnaithe é nó gheobhaidh sé breac. Ní réitíonn sé ansin go ham suipéir é. Fasair fhataí leis go gcuire sé ceas air féin leo ag dul a chodladh dhó … Dheamhan smid bhréige adeirim leat. Sin é a bhuac