Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

easair (16)

 
Níl caolóid ag gabháil leis an ngarraí nach bhfuil cis ar easair déanta ag na beithígh dhe.
 
Is maith an scéal duine eicínt a bheith ann le comaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Murach sin, dhéanfadh sé cis ar easair de na daoine.
 
binse
Éirigh as, nó m'anamsa ná raibh ag an diabhal, go dtabharfaidh mise rud ar a shon duit! Tá an binse ina chis ar easair agat.
 
buail
Níor thug sé leathbhualadh ar an eorna mar ní raibh aon chóir ar an easair acub.
+
Dheamhan a dhath ariamh a rinne sé ach snaidhm den bhuailteán a thabhairt aniar ó mhaol na gualann dhó, agus é a shíneadh mín marbh san easair.
TUILLEADH (1) ▼
Choinneofá an colpán in do láimh agus chasfá an buailteán aniar thar do ghualainn go mbuailfeá an dornán san easair.
 
Is fada aríst go bhfága mise ag aireachas ar thada an tuaifisc sin. Bhí cis ar easair déanta den fhéar ag na beithígh romham dhá barr.
 
forás
Is baile gan forás é an baile seo ó thosaigh na pailitéaraí ag taithí ann. Caithfear a dhul rompu nó déanfaidh siad cis ar easair dhínn
 
Tuige nach siúlann siad soir ar an leathfhód le claí agus gan a bheith ag taltú na n-iomrachaí. Tá siad ina gcis ar easair acu, tá sin
 
An-leaba beithíoch é an dearglaoch sin, ach an fraoch a bheith thríd. Is minic a chuir mé easair dhe isteach faoi bheithígh
 
Deasaigh suas an tuí sin amuigh nó déanfaidh asail cis ar easair di
+
deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
TUILLEADH (1) ▼
Fágadh an domhan agus a mháthair talúna aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois ligthe chun fiántais aige, cheal saothraithe agus cheal aire. Dar príosta, is olc an oidhe ar chuid de na daoine tada a fhágáil acu. Déanfaidh siad cis ar easair dó
 
Mo dhiomdha go deo don té a chuimhnigh ar an intreacht (intleacht) chéanna an chéad uair. Ach chreidim gur smál é atá ar an saol. Is mór adeireadh muid le toirneach roimhe seo, ach ní raibh an saol ina chis ar easair cheart gur tháinig na báid aeir seo
 
díbir
Cuir díbirt ar na cearca sin siar amach agus ná déanaidís cis ar easair de na cupla súileog céadfhómhair sin théis ár n-anró.
 
Tá sé ag imeacht agus dúrúch air mar bheadh tarbh ann. Braoinín atá ar bord aige is cosúil. Bhí lá den tsaol muis agus is beag an ghlaomaireacht a dhéanfadh sé ar an mbaile seo. Deirimse leatsa gur maith gasta a cheansófaí a chuid dúrúch. Ach tá chuile chuimleachán in ann cis ar easair a dhéanamh dhínn anois faraor. Nach é an saol a d'imigh!