1.
sruth san bhfarraige; cineál fágannaí nó fágaí san bhfarraige.
+–
Bhí an bád ag imeacht san bhfeacht le toiliúna dé = ag imeacht le sruth san bhfarraige; na sruthannaí a bhíos ag imeacht ar uachtar na farraige; ach is ar thonntrachaí a thugtar é go minic: teagann ceann de na bristeachaí móra nó na farabógaí farraige. Bíonn an-airde agus an-toirt inte. B'fhéidir go mbeadh dhá bhréidín farraige nach mbeadh cho mór sin ann annsin nó go dteagadh an chéad cheann eile de na bristeachaí móra. Siad na mion-bhréidíní seo idir an chuid mhóir na feachta. Ní bhíonn sé neamh-chosúil in a n-imeacht leis an sruth. Tugtar scaití freisin ar na bristeachaí móra fhéin é
Bhí feacht agus taoille in aghaidh a chéile
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh aon-ghoir aige an bád a cheannsú. Rug feacht agus tuile rabharta in éindigh air. Níorbh fhuláir bádóir thar cionn len a cinnireacht mar bhí an-tarraint mhór ann.
Fainic an feacht. Fan as. Tá feachta láidir amach faoi íochtar an Ch. sin.
Is gárha na feachtaí atá san bhfarraige anocht. Tá: farabógaí farraige ann
Fan anois go n-imighe an tonn mhór. Tapuigh an feacht annsin, agus ní bheidh stró ar bith ort a dhul ar an gcarraig tirm
Ní brí na feachta sin nó go dtige na cinn mhóra. Sin iad an chontúirt
2.
cuid den bhád.
+–
Bhí an saor ag cur na bhfeachta uirre = sórt neartú a theigheas ar shlat boird an bháid len a coinneál daingean. As cionn na slata boird a theigheas siad
Tá an tslat bhoird uirre anois dhá mbeadh feachta uirre
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr go mbeidh na feachta sin caite. Millfidh siad an tslat bhoird, millfidh sin
Breá nar thapuigh tú na feachtaí. Sé a bhí agad a dhéanamh. Tá siad ó rath ar fad
3.
uair; iarraidh, geábh, turas.
+–
Déanfaidh sé cúis an feacht seo = an babhta seo, an iarraidh seo (tá an fhuigheall seo den tsean-chéill beó san gcaint)
Rinne sé é an feacht sin
TUILLEADH (2) ▼
D'fhéach sé leis trí huaire cheana, mar a ndéanaidh sé an feacht seo anois. Aire dhuit! Tá sé thuas aige! Nar laga Dia thú!
Chuaigh mé chuige faoi dhó cheana, ach ní bhfuair mé san mbaile é. B'fhéidir go mbeadh sé rómham an feacht seo.
Feacht in iontrálacha eile (6)
Cá bhfágfadh sé iad mar dhinndiúirí. Badh é an dlí an chéad-bhiadh ins an sliogán dó sin. Bhánuigh a athair é féin le dlí. Ní fhéadfadh sé labhairt ar thada ach ar an gceird chéadna sin fheacht agus áirid. Bhí sé sáthach tolgtha dhó (dhe) ins an deireadh
Tháinic sé ina lom gaoithe adtuaidh orra, agus cuireadh amach ar dhomhainn na seiscinne iad. Leig siad do'n churach imeacht 'sa bhfeacht faoi thoildeona Dé
Nach hé an ríste é nach mbeadh fataí aige féin agus gan a bheith idtuilleamaí na comharsan d'fheacht agus go h-áirid. Fuair sé drad-mhála annseo muis an lá faoi dheireadh
→
duifean
M'anam pébrí cén pháighe atá dhó nach mhór dhó sin, fear atá amuigh d'fheacht agus go h-áirid faoi fhuacht agus faoi dhuifean
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mara n-eirighidh tú as do chuid díomhaontais, agus creachlaois eicínt a dhéanamh go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith indíomhaontas, tá do dhóthain dó déanta agad le bliain. Ach níl aon-mhaith agad ann mara mbeidh tú d'fheacht agus go h-áirid in do chomhnaí