Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feacht
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: feachta, feachtaí
1.
sruth sa bhfarraige; cineál fágannaí nó fágaí sa bhfarraige.
+
Bhí an bád ag imeacht sa bhfeacht le toiliúna Dé — ag imeacht le sruth sa bhfarraige; na sruthannaí a bhíos ag imeacht ar uachtar na farraige; ach is ar thonntrachaí a thugtar é go minic: teagann ceann de na bristeachaí móra nó na farabógaí farraige. Bíonn an-airde agus an-toirt inti. B'fhéidir go mbeadh dhá bhréidín farraige nach mbeadh chomh mór sin ann ansin nó go dteagadh an chéad cheann eile de na bristeachaí móra. 'Siad na mionbhréidíní seo idir an chuid mhóir na feachta. Ní bhíonn sé neamhchosúil ina n-imeacht leis an sruth. Tugtar scaití freisin ar na bristeachaí móra fhéin é
Bhí feacht agus taoille in aghaidh a chéile
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh aon ghair aige an bád a cheansú. Rug feacht agus tuile rabharta in éindí air. Níorbh fholáir bádóir thar cionn lena cinnireacht mar bhí an-tarraingt mhór ann.
Fainic an feacht. Fan as. Tá feachta láidir amach faoi íochtar an Ch. sin.
Is gártha na feachtaí atá sa bhfarraige anocht. Tá: farabógaí farraige ann
Fan anois go n-imí an tonn mhór. Tapaigh an feacht ansin agus ní bheidh stró ar bith ort a dhul ar an gcarraig tirim
Ní brí na feachta sin nó go dtige na cinn mhóra. Sin iad an chontúirt
2.
cuid den bhád.
+
Bhí an saor ag cur na bhfeachta uirthi — sórt neartú a théas ar shlat boird an bháid lena coinneáil daingean. Os cionn na slata boird a théas siad
Tá an tslat bhoird uirthi anois dhá mbeadh feachta uirthi
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr go mbeidh na feachta sin caite. Millfidh siad an tslat bhoird, millfidh sin
Breá nár thapaigh tú na feachtaí. 'Sé a bhí agat a dhéanamh. Tá siad ó rath ar fad
3.
uair; iarraidh, geábh, turas.
+
Déanfaidh sé cúis an feacht seo — an babhta seo, an iarraidh seo. Tá an fhuíoll seo den tseanchéill beo sa gcaint
Rinne sé é an feacht sin
TUILLEADH (2) ▼
D'fhéach sé leis trí huaire cheana, mura ndéana sé an feacht seo anois. Aire dhuit! Tá sé thuas aige! Nár laga Dia thú!
Chuaigh mé chuige faoi dhó cheana, ach ní bhfuair mé sa mbaile é. B'fhéidir go mbeadh sé romham an feacht seo

feacht in iontrálacha eile (1)

 
domhain 1
Tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthu, agus cuireadh amach ar dhomhain na seiscinne iad. Lig siad don churach imeacht sa bhfeacht faoi thoil deona Dé