Feadh, ar feadh
—Ainmfhocal; Fireann; Rádh Réamhfhoclach.
—Is doiligh comhfhocla a mhíneódh ciall a (iii) a chur ar fáil, i mBéarla ná in Gaeilge, mar is iomdha casadh a bhaintear as i gcainnt. Leagan an-choitianta (ii) agus (iii) cho maith le (i)).
—Fágtar an "ar" ar lár le "ar feadh" go minic go háirid más fuaim gutha atá roimhe. Is minice ar lár le (ii) agus (iii) é ná le (i). Fea (/f'a/) adeirtear ní "feádh".
1.
fad sé troithe nó fathom ag tomhais dorú nó ag tomhais domhainn uisce. (Feá, adeirtear go hiondúil, ach deirtear fea freisin).
+–
Bhí sé feadh déag de dhorú aige
Níor mhór dhuit sé feadh déag ar an meath mhóir
TUILLEADH (5) ▼
Is gearr ar an bpoll báite siúd amuigh deich bhfeadh
Ní dhéanfadh cheithre feadh san stupóig thú, agus ní mó ná idir dhá uisce a ghabhfadh sé amuigh annsiúd
Thug muid leigean hocht bhféadh déag don chailleach. Níorbh fhuláir di sin go mbuailfeadh sí tóin (fc. cailleach).
Tá an áit siúd fiche feadh ar domhainn = tá domhainn fiche feadh ann
Ní tada ar dhomhainn mar atá annsiúd chúig feadh déag de dhorú
2.
Ar feadh
a.
"i gcaitheamh", "cho uain agus", "maidir le am", during, "throughout".
+–
Bhí sé ann ar feadh an lae = i gcaitheamh an lae; during the whole course of the day
Ná bí ar feadh na hoíche dhá dhéanamh (ar feadh na bliana, na seachtaine, na míosa, do shaoil, an trathnóna, an Earraigh, na Nollag, agus rl.)
TUILLEADH (20) ▼
D'fhan sé liom ar feadh an dínnéir
Níor fhága sé mé feadh na bainse
An raibh sé amuigh ar feadh an ama ar fad
Bhí sé ag obair feadh na báistí
Bhí na fataí sin ar an iomaire feadh an tseaca
Níor ith sé gionnóid ar feadh an tslaghdáin
Sén áit a raibh sé ar feadh na nurchair sínte faoin mbord
Cá raibh sé ar feadh na troda?
Ní fhaca mise é ar feadh an achair = all during the time or period in question
D'fhan sé istigh ar feadh na fuide. Ní chorródh sé amach ar bhás an domhain gur imigh D. = during all that time
An raibh tusa in do chodladh ar feadh na fuide?
D'fhan sé ar feadh scathamh = for a while
D'éist sé ar feadh an scéil = chomh uain agus a bhí an scéal dhá innseacht
Theigheadh muid ann chuile oíche ar feadh na gealaí = whilst the moon lasted
Bhí sé amuigh ag obair ar feadh an aitealla, ach nuair a tháinig sé in a bháistigh aríst, chrap sé leis isteach
Cá raibh tú ar feadh na tóirní móire?
Bhí mé san gcladach chuile lá ar feadh an rabharta
Theagadh sé annseo go minic ar feadh an teach a bheith dhá dhéanamh = nuair a bhí an teach dhá dhéanamh
Ní fheicfidh tú é ach ar feadh an mhóin (na móna freisin) a bheith dhá baint = whilst that the turf is being cut
Síos ag bun na habhann a bhéas sé ar feadh na dolaíocht(a), ag tnúthán go gcaithfí liathán aige
·
Ní chomhnaíonn sé ar feadh scéal ar bith a chloisteáil, go dteighe sé agus go n-innsighe sé don duine é a bhfuil an "trom trom" air. Is leath tógáil air, biadán a bheith len innseacht aige
·
Bhí daoine soir ar fad ar feadh m'amharc = cho fada agus a bhí feiceál agam
Chonnaic mé carrannaí rómham ar feadh m'amharc. Diabhal a leithide de scuaidrín! Bhí céad ann, má bhí ceann ann
b.
fad, réim, síneadh, i bhfoigseacht.
+–
Shiúil sé síos uilig ar feadh (feadh) an gharraí = ar fhad an gharraí; ó ceann go ceann di; nó ón áit ar thosaigh sé as go dtí ceann an gharraí
Bhí sé ag báisteach orainn ar feadh an bhóthair uilig go Gaillimh
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig dhá shearrach anoir aice ar feadh an aonaigh = ó cheann thoir an aonaigh go dtí an an ceann thiar
Chonnaic mé ag dul síos é feadh an sconnsa, ach níl a fhios agam cén padhar a ndeachaidh sé annsin
Deir tú le Franncach a chonnaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn
Rith sé síos feadh na haibhne, agus é ag breathnú indiaidh a leicinn, feaint a bhfeicfeadh sé áth ar bith a ngabhfadh sé anonn inte (go dtí an taobh eile)
Tá an driog suas anois ar feadh mo choise ón rúitín aníos
Shiúil sé soir feadh na dúirlinne ag forcamhás ar fheamainn dearg
Tá an cnáimh briste síos feadh na láimhe uiliog
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claidhe. 'Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
Tá na runga briste suas ar feadh an dréimire ar fad
Shiúil sí síos ar feadh an phobail (i dteach an phobail)
c.
whilst that, considering that, when, when that, provided that etc.
+–
Ní dhéanfaidh sib aríst é ar feadh mise a bheith réidh lib = ach a mbeidh mise réidh lib; a thúisce agus a bhéas mise réidh lib.
Gabhfaidh mé ann feadh's an mhóin a bheith díolta agam
TUILLEADH (14) ▼
Tá an sionnach socair go leór anois, ach déanfaidh sé lot feadh's an chuain a bheith aige aríst = ach a mbeidh; nuair a bhéas
Scuirfidh mé ar feadh an ghitín (iomaire) seo a bheith curha agam
Cuirfidh mé tosaí orra (ar bhróga), feadh's mé leathar a fháil
Sin é a mbeidh (nó a bhfuil) de shaol aige: ar feadh mise a dhul ar ais abhaile = nuair a shroichfeas mise an baile maróidh mé é
Ní ghabhfaidh sé i mbradaíl aríst feadh T. greim a fháil air (feadh T. ag fáil greim air)
Ní bheidh stró ar bith orainn a árdú ar feadh an bheirt eile a theacht
Cuirfidh mé scéala chugad ar feadh mé a theacht go Baile Átha Cliath
Ní bheidh cheal ar bith ar an mbean anois, ach ar feadh a fear a bheith i Sasana (nuair a ghabhfas sé go Sasana). Coinneóidh sé deóladh anall léithe.
Trí mhíle a chosain an séipéal sin. Chuir an sagart míle punt igcomórtas na hoibre ar feadh cloiche agus gaineamh a bheith tarraingithe. Rinne muinntir na háite an méid sin in aisce. Dhá mhíle eile a chosain an tsaoirsinn agus an troscán = nuair a bhí clocha etc. tarraingithe; ach clocha etc.; le cur i gcás go raibh clocha etc.
Ní bhíonn aon-tsásamh aige, ar feadh cupla pionnta pórtair a bheith ólta aige, gan tosaí ag bollaireacht agus ag tarraint achrainn = nuair a bhíos cupla pionnta agus rl.; ar an dá luath agus a mbíonn
Tá sé an-chaifeach ar feadh's breith ar chupla punt in a láimh = nuair a bheireas sé ar chupla punt — nuair a fhaghas sé é — caitheann sé go frasach é
Ní chorródh sé amach go deó i gcíonn a chuid oibre, ar feadh leabhar ná páipéar a fháil in a láimh
Deich bpunt fhichead a chuaigh siad (muca a díoladh). Ach ar feadh bran, fataí, agus bainne a bheith bainte as sin (luach a gcothuithe a bheith bainte as), is slabhctha an éadáil a mbeadh le cois agad
Bhí sé an-tsaghdha in aghaidh an "Ghovernment". Ach ar feadh agus an pinsean a fháil, mise i mbannaí nar chuala aonduine mórán fuasaoid' aige ó shoin
+–
Ní fiú a bheith ag plé le fataí ná le cur anois. Ar feadh fear a bheith ag obair leo. Céard a bhíos dhá mbarr le hais móna = considering that a man works hard or for a long time sowing etc. he has nothing for his troubles
Sílimse go mb'fhearr leigint den fheamainn uiliog ar feadh an méid a bheadh déanta ag fear léithe. Tá an t-aoileach agus an diúain in a leasú cho maith lá ar bith = is beag fheamainn atá fear indon a bhaint agus a chruinniú cé go gcaitheann sé achar fada in a héadan
TUILLEADH (5) ▼
Ar feadh agus a raibh de bharr an churaigh sin ó a ceannaíodh í, bhí sé cho maith a bheith dhá huireasa. Dheamhan ceó a buachadh uirre. Níor baineadh bord feamainne léithe, agus níor mharuigh sí breac le dhá bhliain
Caithfidh sib fhéin í a dhéanamh feasta, ar feadh agus a ndéanfaidh mise dhi (obair) = ní dhéanfaidh mise mórán oibre feasta ("for all I will do")
Ní fiú an tairbhe an trioblóid ar feadh agus a bhfaghann duine d'anró uatha. = ní fiú a bheith ag coinneál muc agus a bhfuil d'anró le fáil uatha
Bhí sé cho maith do dhuine fanacht san mbaile ar feadh a raibh le fáil annsiúd aige. Ní raibh inte ach ainm bainse. Dheamhan cárt fuisce a roínneadh ann ar feadh na hoíche
Faraor má cheannuigh mé chor ar bith é, ar feadh a bhfuil de mhaith ann. = níl aon-mhaith ann, rud gan mhaith é
Feadh in iontrálacha eile (50+)
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
Bíonn luchain bheaga ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an urláir annsin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rí-rá a chuala tú ariamh agus a bhíos aca! Airíonn siad nach bhfuil aon-chat annseo
+
→
fáideog
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
TUILLEADH (4) ▼
Fág san diabhal annsin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suímínteacht leis an bpionnta sin annsin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige. Bheitheá caillte ag fanacht leis
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheóil an-roighin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thiúrfá de shamhail dó ach cut ag cangailt fáideóige
Má fhaghann Cóil fáill ar an bpíopa is leis ar feadh na hoíche é! Beidh sé dhá dhiúgadh annsin mar a bheadh cut ag cangailt páideóige. Ní fhágfaidh sé an ghail ghorm fhéin ann. Tá baol air
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
→
fáinneog
D'árduigh sé an fháinneóig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scathamh, ach chinn air a cur i dtiúin
→
fálach
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
→
cadhail
Is beag a' dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, a's gan fascadh ná dídean aige, ach mar bheadh lorg coise na bó ar a' gcneagaire (Féach "cneagaire")
Imthigheamuid sul a dteaga sé nó ní thiocfa iabh air ar feadh an lae, ach a' ceartú, a's a' cíbleadh cainnte.
→
ceas
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin, 'chuile uair dhá dteigheann sé ag ithe. D'íosfad sé an oiread ar thráth, a's d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
→
claibín
Dhá mbeadh duine ag éisteacht leis ar feadh lá fada faoi Fhéil San Seáin, dheamhan iabh a thiocfadh air, ach 'na chlaibín muilinn mar sin. Tá na daoine sáruighthe aige le neart cainnte.
→
colg
Dar a shon go ngéillfinnse dhá chuid cuilg. Dheamhan scóchas a chuirfeadh sé ormsa, dá mbeadh sé ag gabhail le cuthach ar feadh na h-oidhche.
+
→
baile
Shíl mé nach ndeanfainn de mhoill, ach feadh's mé an ceap a fhaghail, ach chinn orm imtheacht uaithe. Ó deir siad 'nach h-ionann a dhul do'n bhaile mór a's é 'fhágáil.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tusa ro-sháithteach ar fad. Feicfe tú fhéin, go bhfanfa tú sa mbaile feadh's mise a bheith réidh leat.
→
bannaí 1
Tiocfa mise imbannaí go ndéanfa tú é a's giodar ionnad, ach feadh mé 'dhul chomh fada leat.
+
→
bealach
Scaoil bealach leis feasta, a's ná coinnigh ar feadh an lae é.
TUILLEADH (6) ▼
Ná bacaimse thú, má tá fonn pósta ort. Ní bheidh mise sa mbealach ort, ach feadh's mé 'faghail mo phaisinéaracht go Meriocá.
Bhí sé 'báisteach ar feadh an bhealaigh; bhí sé 'báisteach i gcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinic iabh na forus air, ach a' baint achrainn asam ar feadh an bhealaigh anoir.
Níor tháinic iabh ar a bhéal, ach a' scithleigeadh bréag ar feadh an bhealaigh.
Bhí cóir aghainn ar feadh an bhealaigh soir, ach baineadh siar asainn é, ar a shon sin a' teacht anoir (bhí an ghaoth in ar n-aghaidh ar rothair, a's sháruigh sí muid).
Níor ísligh muid de na 'bicycles' ar feadh an bhealaigh.
→
beart
Ba diabhaltaidhe an séideán a bhí ann faoi'n mbeart. Tá ceart aige 'anáil a bheith briste ar chuma ar bith, má bhí sé ar a' gcaoi údaidh ar feadh an bhealaigh.
Sílim gur chaith ceannuidhe an oidhche aréir imbéalmhachaí an tighe seo. Fuair mé leaba dhearg 'san iothlainn ar maidin, a's níor tháinic iabh ar a' mada, ach a' tafann ar feadh na h-oidhche.
+
→
beo 1
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chodail mé néal ar feadh na h-oidhche aréir. Bhí iasc beo liom ar feadh na h-oidhche, aindeoin go sílfeá nach gcoinneochadh sin duine ó chodladh
Is beag a' dochar do ghasúir, speireachaí a's bonn-bhualadh fhéin a bheith orra(b), a's a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach aca(b) annsin thíos, a's dheamhan duine dhá dteang(mh)ócha ceann aca(b) le na chosa, nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliadhna.
Tá biorachaí a' teacht ag mo dhorus (i.e ag dul tharm) ar feadh na h-oidhche a's gan goir agam drannadh leo(b).
→
bior
Deir siad a' té nach mbeadh bior-eanga air, dhá bhfaghadh sé feoil chearc, smior mairt nó bainne bó gamhnach ar feadh aon-mhí amháin, go mbeadh sé tuithte i bhfeoil in a dhiaidh.
Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin. Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air. Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
→
breoigh
Fuair sé amladh (amlú) ar feadh seachtmhaine ar a' talamh a's bhí sé breac-lobhtha ina dhiaidh. Annsin nuair a tháinic na cupla lá breagh údaidh, thriomuigh sé, a's chuir sé i gcoca é, ach má tá fhéin, tá sé breoidhte as éadan.
→
aer
Is mór a' t-aer dhuit, bualadh síos go Bóthar na Trágha ar feadh coicíse = is mór an t-eirghe-amach duit é.
→
aice 2
Níor fhan aonduine ina h-aice, ar feadh na h-oidhche = fágadh aonraic í; ní raibh cuideachta 'bith aice.
→
aiféala
Nar b'fhearr dhuit a theacht le beagán aréir, ná bheith in aithmhéala (faoi aithmhéala) ar feadh an lae indiu = nárbh fhearr (dh)uit déanamh le roinnt nó riar óil aréir, ná póit a bheith ort igcaitheamh an lae indiu, agus aithmhéala ort gur ól tú an oiread aréir.
→
buail ar
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá, a's bhuail siad an inghean air, ar a chuid óil. Marach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirre le na ló, ná a bhfuigheadh sí fear a h-iarrta.
Níl neart aige múr báistighe a fhaghail, nach mbíonn sé buailte suas ar fad, ar feadh míosa 'na dhiaidh. Tá sé an-ghoilleamhnach a' duine bocht.
→
buail
Tá casán buailte thríd a' bhféar ag clann T. Mh. a' tarraingt suip, as Garrdha an Lín. Cuirfe mise ó thalltú ar mo chuid féir iad, feicfe tú fhéin air, ach feadh's mé dhá bhfeiceál.
→
buil
Ní buil le Tom, a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, a's dheamhan mé, nach bhfuil sin le tóigeál air, ná ar dhuine 'bith eile, a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtmhaine.
→
buille
D'airigh sé an buille iomradha uirre isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léar dhó go raibh duine ar bith sa gcurrach ach é fhéin. Chaithfead sé nar dhuine saoghalta a bhí thiar aigeán a tóin.
→
buinne 1
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
Ní raibh ann ach aircín beag, ar feadh i bhfad, ach rinne sé buinneán annsin d'aon-iarraidh = duine a mhéadaigh d'aon-iarraidh.
→
bunastán
M'anam muise má's sin é, do scéal anois, gur choinnigh an bunastán sin an teach thrídh na chéile ar feadh na h-oidhche.
→
ainm
Le gleacuidheacht má b'fhíor (dh)ó fhéin a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfa an ghleacuidheacht daor air, feadh 's na póilíos dhá fhaghail amach air (féach 'gleacuidheacht')
→
aire
'Bhí an rud dhá fheiceál dom ar feadh tamaill, ach níor thugas mórán áirde air, mar ní raibh nóiméad de'n am nach ag smaoineadh ar Pheadar Ó Mathghamhna a bhí mé, agus ag súil leis, agus mé a' dearcadh amach go neamh-shuimeamhail, gan rud áithrid ar bith dhá chronú agam, gur ghoin an rud seo m'aire' (In Aimsir Emmet l. 296) = gur bhrathas an rud seo.