Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feadh, ar feadh
ainmfhocal, fireann; rá réamhfhoclach
is doiligh comhfhocla a mhíneodh ciall a (3) a chur ar fáil i mBéarla ná in Gaeilge, mar is iomaí casadh a bhaintear as i gcaint. Leagan an-choitianta 2 agus 3 chomh maith le 1.
fágtar an ar ar lár le ar feadh go minic, go háirid más fuaim gutha atá roimhe. Is minice ar lár le 2 agus 3 é ná le 1. Fea (/f'a/) adeirtear ní feádh.
1.
fad sé troithe nó fathom ag tomhais dorú nó ag tomhais domhain uisce. Feá, adeirtear go hiondúil, ach deirtear fea freisin.
+
Bhí sé feadh déag de dhorú aige
Níor mhór dhuit sé feadh déag ar an meath mhóir
TUILLEADH (5) ▼
Is gearr ar an bpoll báite siúd amuigh deich bhfeadh
Ní dhéanfadh cheithre feadh sa stopóig thú, agus ní mó ná idir dhá uisce a ghabhfadh sé amuigh ansiúd
Thug muid ligean hocht bhfeadh déag don chailleach. Níorbh fholáir di sin go mbuailfeadh sí tóin (fc. cailleach).
Tá an áit siúd fiche feadh ar domhain — tá domhain fiche feadh ann
Ní tada ar dhomhain mar atá ansiúd chúig feadh déag de dhorú
2.
ar feadh.
a.
i gcaitheamh, chomhuain is, maidir le am, during, throughout.
+
Bhí sé ann ar feadh an lae — i gcaitheamh an lae; during the whole course of the day
Ná bí ar feadh na hoíche dhá dhéanamh (ar feadh na bliana, na seachtaine, na míosa, do shaoil, an tráthnóna, an earraigh, na Nollag, srl.)
TUILLEADH (20) ▼
D'fhan sé liom ar feadh an dinnéir
Níor fhága sé mé feadh na bainse
An raibh sé amuigh ar feadh an ama ar fad
Bhí sé ag obair feadh na báistí
Bhí na fataí sin ar an iomaire feadh an tseaca
Níor ith sé gionnóid ar feadh an tslaghdáin
'Sé an áit a raibh sé ar feadh na n-urchair sínte faoin mbord
Cá raibh sé ar feadh na troda?
Ní fhaca mise é ar feadh an achair all during the time or period in question
D'fhan sé istigh ar feadh na faide. Ní chorródh sé amach ar bhás an domhain gur imigh D. during all that time
An raibh tusa in do chodladh ar feadh na faide?
D'fhan sé ar feadh scaithimh for a while
D'éist sé ar feadh an scéil — chomhuain is a bhí an scéal dhá inseacht
Théadh muid ann chuile oíche ar feadh na gealaí whilst the moon lasted
Bhí sé amuigh ag obair ar feadh an aitealla ach nuair a tháinig sé ina bháistigh aríst, chrap sé leis isteach
Cá raibh tú ar feadh na toirní móire?
Bhí mé sa gcladach chuile lá ar feadh an rabharta
Theagadh sé anseo go minic ar feadh an teach a bheith dhá dhéanamh — nuair a bhí an teach dhá dhéanamh
Ní fheicfidh tú é ach ar feadh an mhóin (na móna freisin) a bheith dhá baint whilst that the turf is being cut
Síos ag bun na habhann a bheas sé ar feadh na dolaíochta, ag tnúthán go gcaithfí liathán aige
·
Ní chónaíonn sé ar feadh scéal ar bith a chloisteáil, go dté sé agus go n-insí sé don duine é a bhfuil an "trom trom" air. Is leath tógáil air béadán a bheith le n-inseacht aige
·
Bhí daoine soir ar fad ar feadh m'amharc — chomh fada agus a bhí feiceál agam
Chonaic mé carrannaí romham ar feadh m'amharc. Diabhal a leithide de scuaidrín! Bhí céad ann má bhí ceann ann
b.
fad, réim, síneadh, i bhfoisceacht.
+
Shiúil sé síos uilig ar feadh (feadh) an gharraí — ar fhad an gharraí; ó ceann go ceann di; nó ón áit ar thosaigh sé as go dtí ceann an gharraí
Bhí sé ag báisteach orainn ar feadh an bhóthair uilig go Gaillimh
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig dhá shearrach anoir aici ar feadh an aonaigh — ó cheann thoir an aonaigh go dtí an an ceann thiar
Chonaic mé ag dul síos é feadh an sconsa, ach níl a fhios agam cén paer a ndeachaigh sé ansin
Deir tú le Francach a chonaic mé an lá cheana ag siúl siar ar feadh chíor an tí. M'anam gur shiúil go binn
Rith sé síos feadh na haibhne agus é ag breathnú i ndiaidh a leicinn féint a bhfeicfeadh sé áth ar bith a ngabhfadh sé anonn inti (go dtí an taobh eile)
Tá an driog suas anois ar feadh mo choise ón rúitín aníos
Shiúil sé soir feadh na duirlinge ag forcamhás ar fheamainn dearg
Tá an cnáimh briste síos feadh na láimhe uileag
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claí. Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
Tá na runga briste suas ar feadh an dréimire ar fad
Shiúil sí síos ar feadh an phobail (i dteach an phobail)
c.
whilst that, considering that, when, when that, provided that srl.
+
Ní dhéanfaidh sibh aríst é ar feadh mise a bheith réidh libh — ach a mbeidh mise réidh lib; a thúisce agus a bheas mise réidh libh
Gabhfaidh mé ann feadh is an mhóin a bheith díolta agam
TUILLEADH (14) ▼
Tá an sionnach socair go leor anois ach déanfaidh sé lot feadh is an chuain a bheith aige aríst — ach a mbeidh; nuair a bheas
Scoirfidh mé ar feadh an ghitín (iomaire) seo a bheith curtha agam
Cuirfidh mé tosaí orthu (ar bhróga), feadh is mé leathar a fháil
Sin é a mbeidh (nó a bhfuil de shaol aige: ar feadh mise a dhul ar ais abhaile — nuair a shroichfeas mise an baile maróidh mé é
Ní ghabhfaidh sé i mbradaíl aríst feadh T. greim a fháil air (feadh T. ag fáil greim air)
Ní bheidh stró ar bith orainn a ardú ar feadh an bheirt eile a theacht
Cuirfidh mé scéala chugat ar feadh mé a theacht go Baile Átha Cliath
Ní bheidh cheal ar bith ar an mbean anois ach ar feadh a fear a bheith i Sasana (nuair a ghabhfas sé go Sasana). Coinneoidh sé deoladh anall léithe.
Trí mhíle a chosain an séipéal sin. Chuir an sagart míle punt i gcomórtas na hoibre ar feadh cloiche agus gaineamh a bheith tarraingthe. Rinne muintir na háite an méid sin in aisce. Dhá mhíle eile a chosain an tsaoirsin agus an troscán — nuair a bhí clocha srl. tarraingthe; ach clocha srl.; le cur i gcás go raibh clocha srl.
Ní bhíonn aon tsásamh aige, ar feadh cupla pionta pórtair a bheith ólta aige, gan tosaí ag bollaireacht agus ag tarraingt achrainn — nuair a bhíos cupla pionta srl.; ar an dá luath is a mbíonn
Tá sé an-chaifeach ar feadh is breith ar chupla punt ina láimh — nuair a bheireas sé ar chupla punt — nuair a fhaigheas sé é — caitheann sé go frasach é
Ní chorródh sé amach go deo i gcionn a chuid oibre ar feadh leabhar ná páipéar a fháil ina láimh
Deich bpunt fhichead a chuaigh siad (muca a díoladh). Ach ar feadh bran, fataí, agus bainne a bheith bainte as sin (luach a gcothaithe a bheith bainte as), is sleabhctha an éadáil a mbeadh le cois agat
Bhí sé an-tsaighdte in aghaidh an Ghovernment. Ach ar feadh is an pinsean a fháil, mise i mbannaí nár chuala aon duine mórán fuasaoide aige ó shin
+
Ní fiú a bheith ag plé le fataí ná le cur anois. Ar feadh fear a bheith ag obair leo. Céard a bhíos dhá mbarr le hais móna considering that a man works hard or for a long time sowing srl. he has nothing for his troubles
Sílimse go mb'fhearr ligint den fheamainn uileag ar feadh an méid a bheadh déanta ag fear léithe. Tá an t-aoileach agus an diúain ina leasú chomh maith lá ar bith — is beag fheamainn atá fear in ann a bhaint agus a chruinniú cé go gcaitheann sé achar fada ina héadan
TUILLEADH (5) ▼
Ar feadh is a raibh de bharr an churaigh sin ó ceannaíodh í, bhí sé chomh maith a bheith dhá huireasa. Dheamhan ceo a buachadh uirthi. Níor baineadh bord feamainne léithe, agus níor mharaigh sí breac le dhá bhliain
Caithfidh sibh fhéin í a dhéanamh feasta ar feadh is a ndéanfaidh mise dhi (obair) — ní dhéanfaidh mise mórán oibre feasta (for all I will do)
Ní fiú an tairbhe an trioblóid ar feadh is a bhfaigheann duine d'anró uathu — ní fiú a bheith ag coinneáil muc agus a bhfuil d'anró le fáil uathu
Bhí sé chomh maith do dhuine fanacht sa mbaile ar feadh a raibh le fáil ansiúd aige. Ní raibh inti ach ainm bainse. Dheamhan cárt fuisce a roinneadh ann ar feadh na hoíche
Faraor má cheannaigh mé chor ar bith é ar feadh a bhfuil de mhaith ann — níl aon mhaith ann, rud gan mhaith é

feadh in iontrálacha eile (50+)

 
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
 
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
 
Bíonn luchain bheaga ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an urláir ansin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rírá a chuala tú ariamh agus a bhíos acu! Airíonn siad nach bhfuil aon chat anseo
+
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal sa síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul ina éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar a bheadh cat ann ag cangailt páideoige anois. Beidh scéal agat air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarthach a fháil!
TUILLEADH (4) ▼
Fág sa diabhal ansin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suimínteacht leis an bpionta sin ansin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige. Bheifeá caillte ag fanacht leis
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheoil an-righin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thabharfá de shamhail dó ach cat ag cangailt fáideoige
Má fhaigheann Cóil faill ar an bpíopa is leis ar feadh na hoíche é! Beidh sé dhá dhiúgadh ansin mar a bheadh cat ag cangailt páideoige. Ní fhágfaidh sé an ghail ghorm fhéin ann. Tá baol air
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin aréir (gasúr), bhí sé ag snámh le fáideogaí fuara. Bhí siad ag titim as a chrioslaigh ina gcuasnógaí, de bharr a bheith dhá únfairt fhéin sa bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaitneoidís liom chor ar bith
 
D'ardaigh sé an fháinneoig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scaithimh, ach chinn air a cur i dtiúin
 
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
 
Bhí sé ag fánóireacht (ag fánadóireacht) ar an mbóthar ar feadh an lae.
 
Is gearr go dtéitear síos anois ag leagan binne ar na turlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orthu … Gheobhadh beithígh tiomsacht orthu ar feadh an tsamhraidh
 
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
 
Imímid sula dteaga sé nó ní thiocfaidh iamh air ar feadh an lae ach ag ceartú agus ag cíble cainte.
 
ceas
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin chuile uair dhá dtéann sé ag ithe. D'íosfadh sé an oiread ar thráth agus a d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
 
Dhá mbeadh duine ag éisteacht leis ar feadh lá fada faoi Fhéil San Seáin, dheamhan iamh a thiocfadh air ach ina chlaibín muilinn mar sin. Tá na daoine sáraithe aige le neart cainte.
 
colg
Dar a shon go ngéillfinnse dhá chuid coilg. Dheamhan scóchas a chuirfeadh sé ormsa, dá mbeadh sé ag gabháil le cuthach ar feadh na hoíche.
+
baile
Shíl mé nach ndéanfainn de mhoill ach feadh is mé an ceap a fháil, ach chinn orm imeacht uaithi. Ó deir siad nach ionann a dhul don bhaile mór agus é a fhágáil.
TUILLEADH (1) ▼
Tá tusa rósháiteach ar fad. Feicfidh tú fhéin go bhfanfaidh tú sa mbaile feadh is mise a bheith réidh leat.
 
bannaí 1
Tiocfaidh mise i mbannaí go ndéanfaidh tú é agus giodar ionat ach feadh mé a dhul chomh fada leat.
+
Scaoil bealach leis feasta agus ná coinnigh ar feadh an lae é.
TUILLEADH (6) ▼
Ná bacaimse thú má tá fonn pósta ort. Ní bheidh mise sa mbealach ort ach feadh is mé ag fáil mo phaisinéaracht go Meiriceá.
Bhí sé ag báisteach ar feadh an bhealaigh; bhí sé ag báisteach i gcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinig iamh na foras air ach ag baint achrainn asam ar feadh an bhealaigh anoir.
Níor tháinig iamh ar a bhéal ach ag scilligeadh bréag ar feadh an bhealaigh.
Bhí cóir againn ar feadh an bhealaigh soir, ach baineadh siar asainn é ar a shon sin ag teacht anoir (bhí an ghaoth inár n-aghaidh ar rothair agus sháraigh sí muid)
Níor ísligh muid de na bicycles ar feadh an bhealaigh.
 
beart
Ba diabhaltaí an séideán a bhí ann faoin mbeart. Tá ceart aige a anáil a bheith briste ar chuma ar bith má bhí sé ar an gcaoi údaí ar feadh an bhealaigh.
 
Sílim gur chaith ceannaí an oíche aréir i mbéalbhachaí an tí seo. Fuair mé leaba dhearg san iothlainn ar maidin, agus níor tháinig iamh ar an mada ach ag tafann ar feadh na hoíche.
+
beo 1
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chodail mé néal ar feadh na hoíche aréir. Bhí éasc beo liom ar feadh na hoíche, ainneoin go sílfeá nach gcoinneodh sin duine ó chodladh
 
biorach 1
Is beag an dochar do ghasúir, speireachaí agus bonnbhualadh fhéin a bheith orthub agus a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach acub ansin thíos agus dheamhan duine dhá dteangmhóidh ceann acub le na chosa nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliana.
 
biorach 2
Tá biorachaí ag teacht ag mo dhoras (.i. ag dul tharam) ar feadh na hoíche agus gan gair agam drannadh leob
 
bior
Deir siad an té nach mbeadh bior eanga air, dhá bhfaigheadh sé feoil chearc, smior mairt, nó bainne bó gamhnach ar feadh aon mhí amháin go mbeadh sé tite i bhfeoil ina dhiaidh.
 
Dheamhan iontas ar bith a dhéanfainnse gur théigh an coca féir sin. Nár fhága sé ina bhratscair ansin thíos é ar feadh coicíse gan breathnú siar air. Bíodh sé buíoch nuair nár lobh sé ar fad.
 
Fuair sé amlú ar feadh seachtaine ar an talamh agus bhí sé breaclofa ina dhiaidh. Ansin nuair a tháinig na cupla lá breá údaí, thriomaigh sé agus chuir sé i gcoca é, ach má tá fhéin, tá sé breoite as éadan.
 
aer
Is mór an t-aer dhuit bualadh síos go Bóthar na Trá ar feadh coicíse — is mór an t-éirí amach duit é
 
aice 2
Níor fhan aon duine ina haice ar feadh na hoíche — fágadh aonraic í; ní raibh cuideachta ar bith aici
 
Nárbh fhearr dhuit a theacht le beagán aréir ná bheith in aiféala (faoi aiféala) ar feadh an lae inniu — nárbh fhearr dhuit déanamh le roinnt nó riar óil aréir ná póit a bheith ort i gcaitheamh an lae inniu agus aiféala ort gur ól tú an oiread aréir
 
Bhí brúisc dhaoine síos ar feadh t'amhairc ar an tsráid.
 
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá agus bhuail siad an iníon air ar a chuid óil. Murach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirthi lena ló, ná a bhfaigheadh sí fear a hiarrta.
 
Níl neart aige múr báistí a fháil nach mbíonn sé buailte suas ar fad ar feadh míosa ina dhiaidh. Tá sé an-ghoilliúnach an duine bocht.
 
buail
Tá cosán buailte thríd an bhféar ag clann T. Mh. ag tarraingt soip as Garraí an Lín. Cuirfidh mise ó thaltú ar mo chuid féir iad, feicfidh tú fhéin air, ach feadh is mé dhá bhfeiceáil.
 
buil
Ní buil le Tom a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, agus dheamhan mé nach bhfuil sin le tógáil air, ná ar dhuine ar bith eile a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtaine.
 
buille
D'airigh sé an buille iomramha uirthi isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léir dhó go raibh duine ar bith sa gcurach ach é fhéin. Chaithfeadh sé nár dhuine saolta a bhí thiar ag a tóin.
 
buinne 1
Tá an braon ag dul isteach idir an dá bhonn. Airím an fhraighfhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh is mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobhaidh mé gréasaí eicínt a chuirfeas buinne leathair inti dhom.
 
Ní raibh ann ach aircín beag ar feadh i bhfad ach rinne sé buinneán ansin d'aon iarraidh — duine a mhéadaigh d'aon iarraidh.
 
M'anam muise más sin é do scéal anois, gur choinnigh an bunastán sin an teach thrí na chéile ar feadh na hoíche.
 
ainm
Le gleacaíocht má b'fhíor dhó fhéin, a thug sé an t-ainm contráilte uaidh, ach sílim go dtiocfaidh an ghleacaíocht daor air feadh is na póilíos dhá fháil amach air (fc. gleacaíocht)
 
airde 1
Cuirfidh mise ó éirí in airde thú feadh is mé slat a fháil.