Fealladh
—Briathar as feall ach go minic ní bhíonn ciall na héagóra nó an mhí-ghnímh ann cho mór le "feall" an t-ainmfhocal
—Feallaim etc.:
—"feall", "feallaim" etc. Fuaim an bhréithir.
—
loiceadh, údar diomú a thabhairt duit, cliseadh ort, gan an cur leis a bheith ionad; eágóir a dhéanamh.
+–
Más i gcleithiúnas A. atá tú, ní bheidh tú ro-bhuíoch duit fhéin. Feallfaidh sé ort (loicfidh, clisfidh. He will let you down; he will play the "dirty" on you
'Ar ndú gheall sé a theacht in éindigh linn, agus d'fheall sé orainn. Bhí muid taobh leis an triúr againn fhéin annsin
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic muid cheana an rud a rinne sé. Thairg sé labhairt le J. B. dhuinn, faoin talamh. Labhair, ach d'fheall sé orainn. Séard adúirt sé leis, gur an iomarca talúna a bhí againn cheana, agus go raibh a leath 'un báin orainn cheal saothruithe
Ní féidir gur fealladh orm a dhéanfadh sé. Dar fiadh má sea muise, ní bheidh aige ach malrait. Gheobhaidh sé garbh uaimse é