Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feall
briathar as feall ach go minic ní bhíonn ciall na héagóra nó an mhíghnímh ann chomh mór le feall an t-ainmfhocal
feall, feallaim srl. fuaim an bhriathair
loiceadh, údar diomú a thabhairt duit, cliseadh ort, gan an cur leis a bheith ionat; eágóir a dhéanamh.
+
Más i gcleithiúnas A. atá tú, ní bheidh tú róbhuíoch duit fhéin. Feallfaidh sé ort (loicfidh, clisfidh. He will let you down; he will play the "dirty" on you)
Ar ndóigh gheall sé a theacht in éindí linn, agus d'fheall sé orainn. Bhí muid taobh leis an triúr againn fhéin ansin
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic muid cheana an rud a rinne sé. Thairg sé labhairt le J. B. dhúinn, faoin talamh. Labhair, ach d'fheall sé orainn. Séard adúirt sé leis gur an iomarca talúna a bhí againn cheana agus go raibh a leath chun báin orainn cheal saothraithe
Ní féidir gur fealladh orm a dhéanfadh sé. Dar fia más ea muise, ní bheidh aige ach malrait. Gheobhaidh sé garbh uaimse é

Féach freisin

feall in iontrálacha eile (50+)

 
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
+
focal
Fiacal con nó focal duine uasail: an dá rud is fealltaí ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad — íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe ina dhrochghníomh
 
ceal 1
Nach é an feall an méid sin mílte a fhágáil aige agus a bhfuil cheal airgid.
 
cleite
Is mór an feall gur thug lucht cuarta cúl uileag don teach sin, arae is iomaí cleite comhrá agus greann a bhíodh ann. Ach ó phós M. héiríodh as an obair sin.
 
Ó ar chuala tú ariamh é, más feall filleann. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tiarnaí sa deireadh, cuid mhaith acub a chniogadh agus iad a dhó agus a loscadh as teach is áras.
 
Chuaigh mé go dtí giall an dorais, ach nuair a chonaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
 
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Ansin shín sí siar ó chluais go rioball agus cailleadh í. Ba é an feall é, arae ba bhreá feiceálach an bhó í, agus an-bhó bhainne.
 
Is mór an feall nár bhain sé bliain eile amach ag an scoil, arae ba togha scoláire é.
 
anó
'Sé an feall a bhfuil d'anó uirthi, arae ba bhreá an bhean í.
 
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
 
Dhá bhfaighinnse ligean ceart air (bradán) bhí a chnaipe déanta, ach ní bhfuair. Bhí flithghob na camóige faoina bholg agam nuair a shín sé uaim. Ba mhór an feall é. Bhí béilí maith éisc air
 
Bain an fhabhtáil as an meaingeal sin. Scríob amach leis an scian as é. Sin meaingeal breá agus ba é an feall é a chaitheamh amach — an méid dhe a bhí lofa
 
"Na trí ní is fealltaí: cois capaill, fiacail madaidh, focal duine uasail"
+
fill
'Fill abhaile anois,' adeir sé liom, 'agus ná teara ar ais anseo le do ló aríst' — cas abhaile
TUILLEADH (19) ▼
Nuair a cuireadh an méid sin aighnis orm, is beag nár fhill mé abhaile aríst
Más feall filleann; filleann feall — an té a dhéanfas éagóir nó drochghníomh, tiocfaidh sé ar ais ar a mhéis féin aige aríst
Cén fáth ar fhill sé ón gcladach — casadh ar ais; casadh ar ais shula mbeadh sé chomh fada leis an gcladach
D'fhill sé ar a choisméig aríst he retraced his steps; walked back
Ní raibh sé ach amuigh ag an ngeata nuair a d'fhill sé isteach aríst
Bhí sé bog te ag dul abhaile, ach d'fhill mé ar a chois isteach aríst é — thug mé air a theacht isteach aríst
D'fhill sé orm aríst, agus chuir sé agalla eile as — d'iontaigh sé ar ais
Níor fhill sé uirthi ó d'imigh sé — níor tháinig sé ar ais chuici
D'fhill sé air aríst — iontú donachta a theacht ar dhuine; duine a mbeadh galra aiféalach air, agus nuair a shílfeadh sé a bheith as, go mbuailfí síos aríst é
Fill anoir na beithígh sin
Bí ag airdeall agus má théann aon cheann de na cearca soir i ngarraí na bhfataí, fill anoir aríst iad
Go gcuire Dia ar do leas thú, a stóicín, agus fill aníos an t-asal sin chugam. Níl aon tapa ionam fhéin lena leanacht
Fill isteach do chois — crap, nó iontaigh isteach í
Fill amach an doras sin — dún é
Fill anuas clár an chomhra — dún é
Isteach sa mbóithrín taobh thoir de bhóithrín Bhaile na M. a d'fhill siad (a chur, a d'iompaigh)
Ná fill ar a chéile mar sin é. Tá an páipéar sin tanaí. Fill ceart é
Fill an bhraillín isteach
D'fhill sé siúd an t-éadach ceart duit. Fág ina fhilleadh é (fág sa bhfilleadh céanna é)
 
Na trí ní is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh, agus focal duine uasail
 
fuacht
Phós sé drochbhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go crua. Ba ghearr nár rug an teas ar an bhfuacht air. Ansin chuir sé an áit faoi chantáil. Ba mhór an feall é!
 
Níor thug muid an bord linn amach ach chomh fada le na fuarleacrachaí. D'fhill muid ar ár n-ais aríst. Ba choipthe linn a bhí an fharraige
 
Daighean mé gur mór an feall é. Fear óg i dtús a shaoil agus a mhaitheasa
 
dealg
Ó tá an dealg sáite acu inti anois, níl aon rún acu an Gearmánach a ligean uathu gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcat aríst, ní bheidh aon smeámh ann. Is mór an feall muis. Murach a raibh ina aghaidh thabharfadh sé siúd cnáimh le crinneadh dóibh. D'fhága sé cnead iontu mar a bhí sé
 
D'fheicfeá deargadaol i chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár ansin. Bíonn brat acu i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó chonaic mé maistín de dheargadaol ansin amuigh ar an mbóthar. Brúigh do chois air sin i chuile áit dhá bhfeice tú é. Is ceart é a mharú. Leis an Diabhal an deargadaol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! — creidtear seo. Buailtear cois air i gcónaí
 
Deireadh an spíodóra i gcónaí é a chur i leataobh. Más feall fillfear, adeir siad
 
Is bicycle deisithe ceart anois aige é. Is mór an feall nach bhféadann sé three speed a fháscadh air
 
dia 1
A Dhia atá thuas, nach é an feall é!
 
diaidh
Is cóir, adeir siad, gur i ndiaidh an tsolamair a bhíos an grá. Phós sé an ágóidín sin le saint ina cuid airgid. Is mór an feall ina dhiaidh sin féin a mhacasamhail d'fhear bhreá a chur amú léithe
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
dlí
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaíocht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo an chaoi a saothraíonn an talmhaí bocht a ghreim agus a dheoch
+
Rinne sé dobeart ormsa, ach deir siad más feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé i dtalamh choíchin go mbainfidh mise díoltas dhe
TUILLEADH (1) ▼
Bí ar do shon féin air sin! Tá an feall agus an dobeart agus an chluain ann. Ach ar ndóigh má tá féin, ghreamaigh sin dó. Ní bhainfeadh sé le Clainn Mhac Confhaola mura mbeadh sé mar sin