Fiachadh
—Ainm Bhriathar (ní bhaintear leas [as] ach in a Ainm Bhriathar)
—
foghail, creachadh, míostáid a dhéanamh ar dhuine nó ar rud; é a ghortú; leagan air idtaobh páíghe, íocaíochta, nó eile; rud a chur as do dhuine, nó a bheith ro dhanra leis.
+–
Leig mé leis leisce a dhul ag fiachadh air = níor bhuail mé é, nó ní dhearna mé aon-cheo air, le truaighe dhó, nó le leisce a dhul ag cur rud as dó
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an dreólán sin. Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol mar tá sé. Dhá dtugthá iarraidh dhó, ghiorróchthá leis
TUILLEADH (6) ▼
Ní fhéadfaidh mac Sh. Ph. a dhul ag fiachadh uirre siúd. Tá sí ro-óg. Dhá bhfanadh an rúisc mhór a bhí cheana ann, bhainfeadh sé a dhíocas aiste sin = fear a ndeachaidh droch-cháil amach dó faoi a bheith ag foghlú ar mhná
Mara raibh aige le dhul ag fiachadh air, ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín 'un cúirte é, gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é, dhá n-íocadh féin
Fear gan aon-choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach 'chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic len a mhuinntir an tréatúlacht a dhéanamh
Dhá mbeadh scrublaíocht ar bith ann mar mháistir scoile, ní ag dul ag fiachadh ar an dílleachta sin a bheadh sé. Ach tá sé siúd beó droch-mhúinte. M'anam gurb é a chuma sin atá air
Breá ar thug sé cead dó a dhul ag fiachadh air. Cá'il a theanga?
Fuagair ar an madadh sin, agus ná sceannadh sé an chaora ó chéile. Is mór an truaighe a dhul ag fiachadh uirre
Fiachadh in iontrálacha eile (22)
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
→
bior
B'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil ná a dhul a' fiachadh ar na dílleachtaidhthe bochta sin.
→
aiféala
Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí fhios agam go mbeadh sé in aithmhéala orm choidhchinn dhá dteighinn ag (dh)ul a' fiachadh ar an rud salach (bradach) = dhá oibrighthe (dhá chorruighthe, dhá fheargaighe etc) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aithmhéala orm igcomhnuidhe dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith. (ní chialluigheann salach brocamus annseo, ach donacht, easba téagair, nó laigeacht)
→
deis
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. annsin thíos. Mara gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó a bhí sé in a shean-fhear ba mhór liom a dhul ag fiachadh air.
Deir siad gurb é M. D. a mharbhuigh í — diúltaigheamuide dhó. Hébrí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirre — an dithreabhach bocht!
→
dlí
Dhá mb'fhiú liom a thabhairt faoi dhlí, d'fheicfeá féin air go scarfadh sé leis go beo sciobtha, ach ní maith liom a dhul ag fiachadh ar an rud salach
A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh. Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cé'n neart a bhí aca air. 'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
→
donán
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht. Scaoil amach aríst é. Is gearr gurb é an cut a bhéas ag creinneadh a chnámha ar aon-chor = éinín beag
Muise a Dhia dhá thárrtháil! Nach dramhsach an cleiteacháinín a bhí ag iarraidh achrainn istigh imbaile an bhfuil "bullies" ann mar an baile sin. Ach is dóigh gur spóirt a fuair siad air. Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh air. Fághadh sé a chonra, 'sé is goire do leas dhó, agus ní achrann
→
dreolán
Ní fhaca mé aon-dreolán d'fhear ariamh in mo shaoghal nach mbeadh in a ghlaodhmaire. Tá sé annsin thíos ag S. G. Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán. Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é. Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nar fágadh céir air fadó. Ach níl sin ach ag borradh leis in a dheidh sin
→
dris
'Bhfaca tú an iarraidh a thug an bitheamhnach do mo chuileata. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, maran tú atá tráthamhail le do ghadhar i gcomhnuí. Cé'n bhrigh ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm.
→
dádach
Dar príosta ní shin dádach. Tá an lábán ann fós. Ba mhór an feall a dhul ag fiachadh air, agus a dtiocfadh d'eochraí uaidh. Tá an-aois aige mar sin féin
Agróchaidh dia é ar dhuine ar bith a chuaidh ag fiachadh ar na dílleachtaí bochta sin. Déarfá gur beag an tsúil le Dia a bhí aige agus a dhul dhá dhéanamh
'Ar ndú' ní ag dul ag fiachadh ar an díthreabhach bocht sin a bheadh sé. Má seadh muis, is beag a shúil le Dia atá aige. Ach níl scruball ar bith fanta ins an diabhlánach úd
'Bhfeiceann tú an áit a bhfuil Domhnaillín istigh faoi'n gcloich. Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air. Níl spriúille ar bith éisc air sin. Tríáil na clocha sin. B'fhéidir go gcasfaí iascán fútha (Domhnaillín = portán beag bídeach, ins an gcás seo. Is minic a tugtar ar phortáin rí-bheag é)
→
dúradán
An dubhradáinín sin thíos ag S. G. a bhí ag iarraidh achrainn ar an aonach. M'anam go raibh caithte dhó, dhá bhfaghadh sé an té a thiubharfadh áird air, ach níorbh fhiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh ar a leithide de gheospailín
Is minic a tháinic sé thríom bruicneáil bhuailte a thabhairt dó, ach ba shuarach liom a dhul ag fiachadh air in a dheidh sin. Dheamhan a fhios agam cé'n chaoi a ngabhfadh sé leis marach an t-ómós atá ag 'chuile dhuine dhá bhean
→
téigh
Ara tabhair cead glaodhmaireacht' dó go mbeidh sé tuirseach. Sin é eile a bhfuil sé indon a dhéanamh. Is gearr le dhul é, má chuireann sé achrann ar aonduine. Níl brigh slatmhara lobhtha ann. Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an gcleiteacháinín bocht: níorbh fhiú sin