fiachadh
—ainm briathartha; ní bhaintear leas as ach ina ainm briathartha
—
foghail, creachadh, místaid a dhéanamh ar dhuine nó ar rud; é a ghortú; leagan air i dtaobh páí, íocaíochta, nó eile; rud a chur as do dhuine, nó a bheith ró-dhanra leis.
+–
  Lig mé leis leisce a dhul ag fiachadh air — níor bhuail mé é, nó ní dhearna mé aon cheo air, le trua dhó nó le leisce a dhul ag cur rud as dó
Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an dreolán sin.  Tá sé marbh ó Dhia agus ón saol mar atá sé.  Dhá dtugtá iarraidh dhó, ghiorrófá leis
      
                                TUILLEADH (6) ▼
                            
Ní fhéadfaidh mac Sh. Ph. a dhul ag fiachadh uirthi siúd.  Tá sí ró-óg.  Dhá bhfanadh an rúisc mhór a bhí cheana ann, bhainfeadh sé a dhíocas aisti sin — fear a ndeachaigh droch-cháil amach dó faoi a bheith ag foghlú ar mhná
Mura raibh aige le dhul ag fiachadh air ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air.  M'anam muise má thugann an donáinín chun cúirte é gur daor a íocfas sé an buille sin.  Tuilleadh diabhail agus deamhain aige!  Ba bheag an scéal é dhá n-íocadh féin
Fear gan aon choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol.  Is cuma leis é ach chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin.  Ba mhinic lena mhuintir an tréatúlacht a dhéanamh
Dhá mbeadh scruplaíocht ar bith ann mar mháistir scoile, ní ag dul ag fiachadh ar an dílleachta sin a bheadh sé.  Ach tá sé siúd beo drochmhúinte.  M'anam gurb é a chuma sin atá air
Breá ar thug sé cead dó a dhul ag fiachadh air.  Cá'il a theanga?
Fuagair ar an madadh sin agus ná sceanadh sé an chaora ó chéile.  Is mór an trua a dhul ag fiachadh uirthi
fiachadh in iontrálacha eile (26)
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin.  Níl ann ach na cheithre eite.  Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
                    Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
                    
                    →
                    bior 
                  
                  
                    B'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná a dhul ag fiachadh ar na dílleachtaithe bochta sin.
                    
                    →
                    aiféala 
                  
                  
                    Dhá choipthe dhá raibh mé, bhí a fhios agam go mbeadh sé in aiféala orm choíchin dhá dtéinn ag dhul ag fiachadh ar an rud salach (bradach) — dhá oibrithe (dhá chorraithe, dhá fheargaí srl.) dhá raibh mé, thuig mé go mbeadh aiféala orm i gcónaí dhá mbaininn leis an duinín gan mhaith.  Ní chiallaíonn salach brocamas anseo, ach donacht, easpa téagair, nó laigeacht
                    
                    →
                    anó 
                  
                  
                    Níorbh fhiú dhom a dhul ag fiachadh air agus an t-anó atá air — níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige faoi rá is éalang a bheith air
                    
                    →
                    ionsaigh 
                  
                  
                    Dhá n-ionsaíodh sé duine ar bith ach an té a d'ionsaí sé — créatúr bocht nárbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh air — ní chuirfeadh duine ar bith aon araoid ar an té a d'ionsaigh sé, mar bhí sé rólag nó róchloíte nó róshean agus níorbh fhiú bacadh leis
                    
                    →
                    deis 
                  
                  
                    Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. ansin thíos.  Mura gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó bhí sé ina sheanfhear, ba mhór liom a dhul ag fiachadh air
                    Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó.  Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé.  Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
                    
                    →
                    dlí 
                  
                  
                    Dhá mb'fhiú liom a thabhairt faoi dhlí, d'fheicfeá féin air go scarfadh sé leis go beo sciobtha, ach ní maith liom a dhul ag fiachadh ar an rud salach
                    A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall.  Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh.  Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara.  Ach cén neart a bhí acu air.  Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
                    
                    →
                    donán 
                  
                  
                    Ní fiú dhuit a dhul ag fiachadh ar an donán bocht.  Scaoil amach aríst é.  Is gearr gurb é an cat a bheas ag crinneadh a chnámha ar aon chor — éinín beag
                    Muise a Dhia dhá tharrtháil!  Nach dramhsach an cleiteacháinín a bhí ag iarraidh achrainn istigh i mbaile a bhfuil bullies ann mar an baile sin.  Ach is dóigh gur spóirt a fuair siad air.  Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh air.  Faigheadh sé a chónra, 'sé is gaire do leas dhó, agus ní achrann
                    
                    →
                    dreolán 
                  
                  
                    Ní fhaca mé aon dreolán d'fhear ariamh in mo shaol nach mbeadh ina ghlaomaire.  Tá sé ansin thíos ag S. G.  Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán.  Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é.  Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nár fágadh céir air fadó.  Ach níl sin ach ag borradh leis ina dhiaidh sin
                    
                    →
                    dris 
                  
                  
                    An bhfaca tú an iarraidh a thug an bithiúnach do mo chuileata.  Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, muran tú atá tráthúil le do ghadhar i gcónaí.  Cén bhrí ach mé taobh léithe.  Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm
                    
                    →
                    dádach 
                  
                  
                    Dar príosta, ní hin dádach.  Tá an lábán ann fós.  Ba mhór an feall a dhul ag fiachadh air, agus a dtiocfadh d'eochraí uaidh.  Tá an-aois aige mar sin féin
                    Agróidh Dia é ar dhuine ar bith a chuaigh ag fiachadh ar na dílleachtaí bochta sin.  Déarfá gur beag an tsúil le Dia a bhí aige agus a dhul dhá dhéanamh
                    Ar ndóigh ní ag dul ag fiachadh ar an díthreabhach bocht sin a bheadh sé.  Más ea muis, is beag a shúil le Dia atá aige.  Ach níl scrupall ar bith fanta sa diabhlánach úd
                    An bhfeiceann tú an áit a bhfuil dónaillín istigh faoin gcloich.  Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air.  Níl sprúille ar bith éisc air sin.  Triáil na clocha sin.  B'fhéidir go gcasfaí iascán fúthu (dónaillín: portán beag bídeach sa gcás seo.  Is minic a tugtar ar phortáin ríbheag é)
                    
                    →
                    dúradán 
                  
                  
                    An dúradáinín sin thíos ag S. G. a bhí ag iarraidh achrainn ar an aonach.  M'anam go raibh caite dhó, dhá bhfaigheadh sé an té a thabharfadh aird air, ach níorbh fhiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh ar a leithide de gheospailín
                    Is minic a tháinig sé thríom broicneáil bhuailte a thabhairt dó, ach ba shuarach liom a dhul ag fiachadh air ina dhiaidh sin.  Dheamhan a fhios agam cén chaoi a ngabhfadh sé leis murach an t-ómós atá ag chuile dhuine dhá bhean
                    
                    →
                    téigh 
                  
                  
                    Ara tabhair cead glaomaireachta dó go mbeidh sé tuirseach.  Sin é eile a bhfuil sé in ann a dhéanamh.  Is gearr le dhul é má chuireann sé achrann ar aon duine.  Níl brí slat mhara lofa ann.  Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an gcleiteacháinín bocht: níorbh fhiú sin