Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dithreabhach, díthreabhaichín
ainm-fhocal, fireann
iolraidh — dithreabhachaí (ní ghabhann sé le tuiseal geineamhnach uathaidh).
Fuaim = díriúch.
guróir, díol truaighe; dubhradán dona; frídeoirín; feithideach; séacla; duine nó beithidheach atá an-tugtha anuas ag amhgar, ag fuacht, ag tinneas nó eile; duine, beithidheach nó rud gan aon téagar; crupach; dílleachta nó duine a bheadh fágtha ar an bhfaraor géar (níl an tsean-chiall — "hermit" — ins an gcaint anois cho fada lem' eolas).
a.
+
'Ar ndú' ní ag dul ag fiachadh ar an díthreabhach bocht sin a bheadh sé. Má seadh muis, is beag a shúil le Dia atá aige. Ach níl scruball ar bith fanta ins an diabhlánach úd
Cá bhfuair sib an dithreabhach de mhadadh sin? Mara bhfaghaidh sé sin 'chuile shórt ar fheabhas, ní shrianfaidh sé thríd choidhchin. Nach bhfeiceann tú an t-uisce ón a shúile le neart truailleachais
TUILLEADH (4) ▼
Tá dithreabhach de ghamhain annsin thoir agam, agus tá faitíos orm nach sáróchaidh sé an oíche. Má fhaghann sé oíche eile leithide na h-oíche aréir, tá a chreach déanta. Rinne mé teálta beag annsin thuas dó, ach diabhal a chos ná a chnáimh a ghabhfadh isteach ann. B'fhearr leis in a ghuróir leis an gclaidhe ó dheas ar aghaidh na gaoithe adtuaidh, dhá sheacáil féin
Go dtugaidh Dia ciall duit! Bheadh gnatha mhór aige siúd de bhean. Dithreabhach bocht a bhfuil a chois ar bhruach na h-uaighe aige mar atá sé. Ba chóra dhó go mór a phaidrín a bheith aige agus é a bheith ag déanamh a anama, ná ag caint ar phósadh
Ní chuirfeadh aon-bhean beo a mbeadh grádh Dé in a croidhe an dithreabhaichín de ghasúr siúd amach ag an scoil lá mar seo. Dar brígh an leabhair cruadhchúiseach go leor féin nacharb fhuláir dóib a bheith len a gcur ann indiu. Chonnaic mé beirt bhromairí atá ag M. Mh. annsin thiar ag dul soir agus bualadh fiacal orra leis an bhfuacht th'éis an aois atá aca, agus cho mór láidir agus atá siad. Ní uair scoile í do ghasúir laga
Tá an t-asal in a dhithreabhach. Bhí sé cruptha isteach i lúibinn an chlaidhe ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé indon a bhiorrú leis an bhfuacht. Tiubharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le creinneadh dó
b.
+
Níl tada ar an mbaile seo ach dithreabhachaí de chruacha (cruacha beaga gan aon-téagar, gan aon-tiughas, gan aon-airde). Ach an uair a bhéarfas sé (an t-inneal buailte) soir ar na S. beidh sé i bpas mhaith coirce. Tá daigéid mhóra (de chruacha) annsin
Cé air a bhfuigheadh sé chúig phunt? Ar an dithreabhach de choca siúd. Mo chreach mhaidne é! Sháruigh sé an coca a bhí thiar i gClaidhneach, ar tháinic Fear Dhoire Fhátharta dhá cheannacht: "Dheamhan amach as an iothlainn a fhágfas sé choidhchin" adeir fear an choca "gan coróin"
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag iarraidh scór ar an gcruach mhóna siúd! M'anam nachar mhór candáil níos mó a bheith ar mhóin ná atá uirre ar ala na h-uaire, le go dtiocfadh sí siúd scór. Deich bpunt a cheapfainnse di. Dheamhan dhá "lorry" móna istigh in a corp. Céard atá innte ach dithreabhach de chruaich
Beidh ciall cheannuighthe ag an bhfear a ghabhfadh ag tabhairt chúig phunta dhéag ar an dithreabhach de dhubhachán sin. Ach ní bheidh, tharae níl duine ar bith cho beag 'e chiall agus go dtiubharfadh sé sin uirre
Is furasta de dhuine a rádh go bhfuil an iomadú puill fhataí clúduighthe aige má ghníonn sé dithreabhachaí mar atá seisean a dhéanamh. Dhá nochttá ceann aca agus an raithneach agus an chnámharlach agus an chréafóig a chaitheamh de, diabhal bréag nach mbeadh éadáil agad istigh!
Ní bhaileochadh seisean a bhfuil de mhóin ann le trí aistir, agus an dithreabhach de chruib ("chrib") atá aige. 'Ar ndú' ní thuíllfeadh dhá ghabhail innte. Ach ní raibh aon-ghnatha aice a bheith mórán níos mó. Ní bheadh an dithreabhach capaill atá aige indon a tarraint. Níl bior eanga uirre cheal tógála

dithreabhach in iontrálacha eile (10)

+
danra
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
TUILLEADH (1) ▼
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an dithreabhach bocht sin daorta, shul á tugadh isteach ins an gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios aca sin ar dhlí ach an oiread agus atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaoidheamhla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga-maga mar sin a chur air
 
Déileáil dona a dhéanfas an dithreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirre. Fágann sí fiacha in a diaidh is 'chuile áit
 
Diabhal diaúmhlach — ní áirmhighim thusa — a gheobhfadh ceann de na fags sin uaidh. 'Sé an dithreabhach is gortaighe é fútha a chonnaic mé ariamh
 
dioc
Má chaitheann sé coicís eile faoi'n ropadh gaoithe adtuaidh údaidh is caillte an ghioc a bhéas air. Is caillte an ghioc atá cheana air, arsa tusa scáth seachtaine. Má sheasann an bóthar go dtí na P. Th., anuas ar na maidí a thiocfas sé go siúráilte. Is fuar an dithreabhach é ag déanamh bóthair
 
díol 2
Dhá gcloistheá é cupla bliain ó shoin. Níl aon-díol in Éirinn nach raibh sé a thabhairt ar Devalera ingeall ar chupla dithreabhach de ghamhainín a bhí aige nach raibh dhá gceannacht. Anois níl aon-fhear ins an ruta seo is mó atá leis ná é, in áit a bhfuil sé ag fáil cúig nó sé de leathchorónachaí cloinne. Ná bac le duine ar bith a bhéas cho luath-intinneach leis an ngaoith mar sin. Ní samhaoine ar bith é.
 
Deir siad gurb é M. D. a mharbhuigh í — diúltaigheamuide dhó. Hébrí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirre — an dithreabhach bocht!
 
dochar
Is beag an dochar do'n dithreabhach sin an ghearradh-ghíonnach a bheith in a phutóig scáth a bhfaghann sé ag baile. Tá an leas-mháthair in a droch-cheann dó, agus maidir leis an athair níl sé indon aon-cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aonduine eile.
 
Níl ort ach cúl-bhadar a thabhairt do'n dubhradáinín siúd agus cuirfidh tú luighe fiadha air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a fritheadh Baile L. má bhuail dithreabhach mar siúd iad … Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg