Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiar
Ainmfhocal: Fireann
níor chuala mé aon-chlaochlódh tuisil air
1.
claonadh; féithiú; indiaidh leathtaoibhe; crasáilte; neamh-dhíreach; camta; dronn.
+
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (1) ▼
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
+
Bhí sé sínte ar an teallach ar fiar = ní raibh sé sínte díreach, ach claonta
Ní chodlódh aon-duine beó néal in éindigh leis ar leabaidh. Sén chaoi a síneann sé é féin ar fiar = treasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is fuide uaithe sin ag a ceann
TUILLEADH (2) ▼
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
+
Siúileann sé gan fiar = díreach
Nach hé atá indon siúl gan fiar bail ó Dhia air. Is breá an foránach fir é
TUILLEADH (1) ▼
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
2.
ar leath-bhord.
a.
·
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé in a lom gaoithe adtuaidh anois = a theacht isteach ar tír ag tornáil
Ní thiocfaidh an bád sin san gcéibh. Tá sí ag fanacht ar an mbord soir gan fiar ar bith = gan camadh; gan féithiú isteach; tá sí san gcúrsa díreach
b.
·
Cuirfidh mé geall leat go dtiúrfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé is chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige

Fiar in iontrálacha eile (50+)

 
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
 
Bhí sé annsin as comhair do dhá shúl cho follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é in a dhiaidh sin
 
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
 
fág
D'fhága an soilíos mo chuid féir fhéin dreóite
 
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
+
Déanann siad fáinne féir thoir ann, agus cuireann siad na gasúir ag troid = cumraíocht fáinne a dhéanamh san talamh le maide nó láighe, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" maran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús. Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
TUILLEADH (2) ▼
Déan fáinne féir dóibh go dteighe siad ag caraíocht
Rinne muid fhéin fáinne féir do'n bheirt agus thosuigh siad ag pliunncadh (pleanncadh?) a chéile. Tabhair pliunncadh air! Má sea fhéin, ní raibh goir ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
 
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
 
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
+
féar
Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
TUILLEADH (23) ▼
Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
Níl aon-tsop féir ag gabhail liom nach bhfuil ar a chois fós = in a sheasamh gan baint
Tá acra féir ar a chois fós aige = gan baint
Tá mé ag brath air an garraí sin a leigean amach 'un féir i mbliana = é a choisint le haghaidh féir tirm
Tá sé ag leigean amach an fhéir (fc. leig)
Ní raibh rath ná ríocht ar bheithigh inniu (ag an aonach). Mara bhfeabhsuighe siad amach annseo idtús féir! (le teacht an fhéir) = deireadh an Mhárta agus an t-Aibreán
Ná leig na beithigh isteach annsin go tús féir indeireadh an Earraigh
Níl seamaide féir ar bith ag teacht fós = ag fás
Tá fásach féir ann = féar a ngabhfá go básta ann
Níl ann ach geamhar beag féir = giomannach beag féir
Dheamhan téagar (brí, a rath etc.) féir a bhí san ngarraí sin
Thug an bhó sracadh féir léithe
Uchtóg fhéir, bréidín féir, scuabán féir, gabhail fhéir etc. (fc. na focla sin)
Tá táirne féir i speal (fc. táirne)
Cuirfidh mé an píce féir thríot (fc. píce)
Rinne siad fáinne féir (fc. fáinne)
An bhfuil mórán síol fhéir curha agad i mbliana
Tá sé ag cur féir ón a chosa = ag siúl go tréan
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeacha mé siar chuige = rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoin a cosa nó go n-innsighe sí an scéal sin do dhuine eicínt eile = duine a bhíos beó phianta go dteighe sé ag caint faoi scéal eicínt
Dar fia muis d'innis tú do rún don fhear cheart. Ní leigfidh sé sin do mhórán féir fás faoin a chosa, go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Féar indiaidh féir atá ann (ath-fhéar) = ath-bharr; leigean d'fhéar fás in áit ar baineadh féar ar mhóinéar
D'imigh an diabhal orra má tá siad gránuithe ar an ngarraí sin agus féar indiaidh féir aca ann.
 
fíóg
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
 
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarrdha sin a phiocadh a's iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as a' mbealach, má's linn é 'leigean amach 'un féir imbliadhna. Tá an draoi cloch air.
 
Tá'n slám féir sin thiar in a chiseach ag na caoirigh. Dheamhan puínnte a' bith nach istigh ann a bhío(nn)s siad.
 
Má tá tonna féir sa gcoca sin, 'leabharsa sé a chloch neart é.
 
baile
Crap do chuid féir, maran leat amlughadh a thabhairt dó. Tá'n braon ar ghort a' bhaile.
+
beart
Tá beart luachra, féir, scolb, raithnighe, barrann etc. aige.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan mórán nach ndéanfadh a' bréidín féir sin beart ann fhéin.
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
 
Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin? Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
 
crinn
Níl seamaide féir anois ann. Tá sé crínnte síos go grinneal aca(b) = beithidhigh a bheadh i bhféar.
+
Tá an-bhrachlainn fhéir leigthe aige indiu.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an bhrachlainn fhéir atá bainte aige ó eadarshuth.
 
Ní raibh ceapadh 'bith fhéin agamsa, go raibh an brochán dóirtighthe, mar bhí siad chomh mór le chéile, le láir bhán a's coca féir.
+
Dheamhan sop féir ag gabhail le M. Mh. Bh. annsin thoir, nach caithte in a bhrat-scair mar sin atá, faoi amlughadh. 'Bhfaca tú fear a' bith ariamh nach dtapóchadh a ghna(ithe) ach é?
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin. Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air. Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
 
Níor mhór d'fhéar giollacht thar cíonn imbliadhna, a's a bhfuair sé d'amlughadh. Tá leath féir do thíre breodhuighthe a's lobhtha a mhic ó.