fiar
—ainmfhocal, fireann
—níor chuala mé aon chlaochlú tuisil air
1.
            
claonadh; féithiú; i ndiaidh leataoibhe; crosáilte; neamhdhíreach; camtha; dronn.
+–
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar rómhór don chlaí sin.  Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis.  Ní caoi ar bith é sin le claí a dhéanamh.  Tá go leor talúna diomalaithe agat ansin
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann.  Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh.  Nach é a bheas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna.  Ach céard atá ann ach leac?
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Má tá tú le portach nua a oscailt ansiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó i gcruth is go mbeidh ceann le fána ag an uisce
+–
Bhí sé sínte ar an teallach ar fiar — ní raibh sé sínte díreach ach claonta
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba.  'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín?  An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat.  Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
+–
Siúlann sé gan fiar — díreach
Nach é atá in ann siúl gan fiar bail ó Dhia air.  Is breá an forránach fir é
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
M'anam má bhí sé ar meisce gur shiúil sé abhaile aréir gan fiar ar bith
2.
            
ar leathbhord.
a.
            
·
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid).  Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe.  Tá sé ina lom gaoithe aduaidh anois — a theacht isteach ar tír ag tornáil
Ní thiocfaidh an bád sin sa gcéibh.  Tá sí ag fanacht ar an mbord soir gan fiar ar bith — gan camadh; gan féithiú isteach; tá sí sa gcúrsa díreach
b.
            
·
    Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann.  Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach.  Is dóigh gur briotais é atá aige
fiar in iontrálacha eile (50+)
Má chothaíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon fhód móna ná aon tsop féir.  Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon chailleadh air
                    Bhí sé ansin os comhair do dhá shúl chomh follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é ina dhiaidh sin
                    
                    →
                    fothair 
                  
                  
                    Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo.  An bhfeiceann tú an baile sin thiar.  Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid.  Go deimhin ní talamh féir atá ann
                    
                    →
                    fáideog 
                  
                  
                    An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal sa síol féir!  Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul ina éadan!  Sin é an diabhlánach!  Tá sé mar a bheadh cat ann ag cangailt páideoige anois.  Beidh scéal agat air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarthach a fháil!
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fáinne 
                  
                  
                    Déanann siad fáinne féir thoir ann agus cuireann siad na gasúir ag troid — cumraíocht fáinne a dhéanamh sa talamh le maide nó láí, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" muran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús.  Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Déan fáinne féir dóibh go dté siad ag coraíocht
                    Rinne muid fhéin fáinne féir don bheirt agus thosaigh siad ag plancadh a chéile.  Tabhair plancadh air!  Más ea fhéin, ní raibh gair ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
                    
                    →
                    fálach 
                  
                  
                    Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas.  Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae.  Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
                    
                    →
                    fánach 
                  
                  
                    Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí.  Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    féar 
                  
                  
                    Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
                    
                        TUILLEADH (23) ▼
                      
                    
                  
                    Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
                    Níl aon tsop féir ag gabháil liom nach bhfuil ar a chois fós — ina sheasamh gan baint
                    Tá acra féir ar a chois fós aige — gan baint
                    Tá mé ag brath ar an garraí sin a ligean amach chun féir i mbliana — é a chosaint le haghaidh féir tirim
                    Tá sé ag ligean amach an fhéir (fc. lig)
                    Ní raibh rath ná ríocht ar bheithígh inniu (ag an aonach).  Mura bhfeabhsaí siad amach anseo i dtús féir! — le teacht an fhéir; deireadh an Mhárta agus an tAibreán
                    Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh
                    Níl seamaide féir ar bith ag teacht fós — ag fás
                    Tá fásach féir ann — féar a ngabhfá go básta ann
                    Níl ann ach geamhar beag féir — giomannach beag féir
                    Dheamhan téagar (brí, a rath srl.) féir a bhí sa ngarraí sin
                    Thug an bhó sracadh féir léithe
                    Uchtóg fhéir, bréidín féir, scuabán féir, gabháil fhéir srl.
                    Tá tairne féir i speal (fc. tairne)
                    Cuirfidh mé an píce féir thríot (fc. píce)
                    Rinne siad fáinne féir (fc. fáinne)
                    An bhfuil mórán síol fhéir curtha agat i mbliana
                    Tá sé ag cur féir óna chosa — ag siúl go tréan
                    Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeachaigh mé siar chuige — rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
                    Ní fhásfaidh mórán féir faoina cosa nó go n-insí sí an scéal sin do dhuine eicínt eile — duine a bhíos beophianta go dté sé ag caint faoi scéal eicínt
                    Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart.  Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi.  Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
                    Féar i ndiaidh féir atá ann (ath-fhéar) — athbharr; ligean d'fhéar fás in áit ar baineadh féar ar mhóinéar
                    D'imigh an diabhal orthu má tá siad gráinithe ar an ngarraí sin agus féar i ndiaidh féir acu ann.
                    
                    →
                    fíóg 
                  
                  
                    Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh!  Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
                    
                    →
                    cadhail 
                  
                  
                    Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana.  Tá an draoi cloch air.
                    
                    →
                    ciseach 
                  
                  
                    Tá an slám féir sin thiar ina chiseach ag na caoirigh.  Dheamhan pointe ar bith nach istigh ann a bhíonns siad.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    beart 
                  
                  
                    Tá beart luachra, féir, scolb, raithní, barrann srl. aige.
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Dheamhan mórán nach ndéanfadh an bréidín féir sin beart ann fhéin.
                    Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
                    
                    →
                    coraice 
                  
                  
                    Cé nach bhfuil tú a thabhairt do na beithígh sheasca ach an ghabháilín fhéir sin?  Is gearr le dhul orthub an teirgéis sin ar choraice dhuibh na bliana agus gan soláthar na solamar ar an talamh.
                    
                    →
                    crinn 
                  
                  
                    Níl seamaide féir anois ann.  Tá sé crinnte síos go grinneall acub — beithígh a bheadh i bhféar.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                Tá an-bhrachlainn fhéir ligthe aige inniu.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is mór an bhrachlainn fhéir atá bainte aige ó eadarshuth.
                    
                    →
                    brachán 
                  
                  
                    Ní raibh ceapadh ar bith fhéin agamsa go raibh an brachán dóirtithe, mar bhí siad chomh mór le chéile le láir bhán agus coca féir.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                Dheamhan sop féir ag gabháil le M. Mh. Bh. ansin thoir nach caite ina bhratscair mar sin atá faoi amlú.  An bhfaca tú fear ar bith ariamh nach dtapódh a ghnaithe ach é?
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Dheamhan iontas ar bith a dhéanfainnse gur théigh an coca féir sin.  Nár fhága sé ina bhratscair ansin thíos é ar feadh coicíse gan breathnú siar air.  Bíodh sé buíoch nuair nár lobh sé ar fad.
                    
                    →
                    breoigh 
                  
                  
                    Níor mhór d'fhéar giollacht thar cionn i mbliana agus a bhfuair sé d'amlú.  Tá leath féir do thíre breoaithe agus lofa a mhic ó.