Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tairne (50+)

 
fios
Breá nach mbeadh fios do ghnaithe agat thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruife capaill leat nuair a bhí agat tairní cruife bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
 
féar
Tá tairne féir i speal (fc. tairne)
 
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor ar bith, má íocann tú ar an tairne iad, ach mura n-íoca, mise i mbannaí go leagfaidh siad ort.
+
beo 2
Chuir an gabha an tairne sa mbeo (nó i mbeo) — thiomáin sé rófhada thríd an gcrúib é go ndeachaigh sé sa mbeo
TUILLEADH (18) ▼
Chuir an gabha tairne i mbeo inti inniu.
Mura bhfana sí socair, tá faitíos orm go rachaidh tairne i mbeo inti.
An capall fhéin ba sciontaí (ba ciontaí). Ba mhaith a bheadh sé ar a mhaidí nó chaithfeadh sé tairne a chur a i mbeo inti.
Tá bacaíl uirthi. Chaithfeadh sé go bhfuil tairne sa mbeo inti.
Is beag le go bhfuil sí in ann a cois deiridh a leagan ar an talamh anois. Muran tairne a cuireadh sa mbeo inti an lá faoi dheireadh, dheamhan a fhios agam céard é fhéin
Ní féidir aon chrú a chur ar an gcapall céanna gan tairne a dhul i mbeo.
'Sí an capall is contráilte í dhár fhéach gabha ariamh le crú a chur uirthi. Ní thagann táirm ar bith uirthi go dtéann sé ar thiomáilt (thiomáint) na dtairní. An lá faoi dheireadh a raibh cothrom cruite ag gabháil uirthi, chuir sé dhá thairne sa mbeo inti agus b'éigean dó a dtarraingt aríst ar ais.
Muran tairne a chuaigh i mbeo inti, dheamhan a fhios agam céard a d'éireodh di. Tá an bhacaíl sin uirthi le gabháil chun seachtaine.
Meas tú an bhfuil an tairne sin i mbeo?
Ba tairne i mbeo (sa mbeo) ionam an chaint a chaith sé — ghoill a chuid cainte orm; chuir a chuid cainte múisiam orm; ba gheall le puis de sciain thríom a chuid cainte.
Ar ndóigh mo léan, ba tairne i mbeo sa gceann eile an méid sin a shamhlú léithe!
Is tairne i mbeo i Seán an scéal sin a tharraingt anuas aige beag ná mór.
Is geall le tairne i mbeo ann tada a rá chor ar bith faoin oíche sin. Ghoill sé an-mhór air.
Is tairne i mbeo ceart inti muis, a ligint ort fhéin go raibh a fhios agat tada faoi sin.
Má dúirt sé an méid sin muis, chuir sé tairne i mbeo ceart ann. Rud is lú ná sin, chuirfeadh sé múisiam air.
Chuir sé an tairne sin i mbeo muis, má thrácht sé chor ar bith ar an gcliamhain.
Is furasta tairne a chur i mbeo sa gceann céanna. Tá sí íogmhar pusach, agus beagán acmhainne aici ar thada a rá léithe.
Bhí tú ag cur tairní i mbeo anocht go tréan — bhí tú sin — bhí tú ag tabhairt gobannaí uait as éadan; bhí tú ag leagan isteach sáiteán as éadan; is iomaí priocadh a thug tú uait anocht
 
biorach 1
Tabhair dhom ceann de na tairní bioracha sin. 'Siad is fóintí anseo.
+
Ní foláir dhuit na tairní sin a bhiorú, arae tá siad rómhaolaithe as a mbarr.
TUILLEADH (1) ▼
Bioraíonn agus géaraíonn an gabha na tairní seaca sa mbealach go mbéarfaidís greim ar an reothalach.
 
bior
Chuir sé bior an tairne ionam — barr géar tairne
 
buinne 1
Níl a dhath maitheasa dhuit tairní a chur inti. Éireoidh sí aríst. Níor mór stuáil nó buinne a chur isteach faoin tosach lena choinneáil fáiscthe síos.
 
airigh
Airím tairne ag dul in mo chois.
+
amach
Ní bhfaighfear tada ansiúd gan a íoc amach ar an tairne — ar bhall na háite; airgead síos
TUILLEADH (2) ▼
Íocann sé chuile shórt amach ar an tairne.
Ní bhfaightheá luach na cianóige in aon siopa i nGaillimh gan a íoc amach ar an tairne.
 
Dhá mhéad a chuid ligean amach, b'fhéidir gur beag an mhaith é, dhá dtéadh an crú ar an tairne.
 
anam
Chuaigh an tairne go hanam ionam.
 
Ní mian leis an gcapall an chois deiridh a ardú chor ar bith, muran tairne a thóg sí
 
faill
Breá ar thug sibh an fhaill dó? Is bocht nach dtógfaí sibh! Nach bhfuil a fhios agaibh go mbíonn sé siúd i gcónaí ag faire ar an teach ósta sin, agus súil gabha i ndiaidh tairne aige féint (feáchaint) an bhfeicfeadh sé tada ag corraí
 
faon-
Tá fionnoscal sa doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla tairne a fháil agus é a dhaingniú nó brisfidh sé ó chéile ar fad
 
feoil
Thug an tairne scríobadh éadrom idir fheoil agus leathar dom agus ba deacair leis cneasú ina dhiaidh sin
 
Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid. 'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
 
Damhsaítear port le fonn agus port le mífhonn. Le mífhonn muis a bhí S. ag clascairt dhamhsa aréir. Changlódh sé tairní crú capaill le olc. Thug T. J. a chailín uaidh luath go maith san oíche
+
Chuaigh an tairne isteach go cnáimh ionam (isteach go feirc, go smior, go leathar srl.)
TUILLEADH (1) ▼
Tá barr isteach ar an tairne agus lotfaidh sé mo chois
 
Chuir sé tairne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ón oíche sin amach níor lig N. aon lucht cuarta isteach. Bhí sé ina bhothae acu. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
 
Folaigh fúthu. Tá súil gabha i ndiaidh tairne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
 
fonsa
An bhfuil a fhios agat na corrfhonsaí (/kəūrūɴsī/)? Sin iad na lataí atá amach i dtús na curaí. Is corrfhonsaí iad nuair a phléascas an tairne iad
 
fáisc
Ní fhéadaim an tairne a thabhairt liom. Tá sé an-fháiscthe ann
 
Dhaingneoinn an tairne tuilleadh, ach feictear dom go bhfuil an clár buille tanaí
 
dealg
Nuair a bhainfeá amach dealg ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mba i ndán is go mba tairne a bheadh ann, séard a bhí agat a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céanna leis dá mba i gcrúib bó a bheadh sé
 
deamhan 1
Dheamhan is go dtuga leis ceann. Cá bhfaighinnse tairní?
 
Thóg sí tairne i mbradán na coise deiridh
 
Dheisigh mé mé féin le n-imeacht, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor chorraigh mé ina dhiaidh sin