Fionn
—Ainmfhocal, Fireann
—níor chuala mé aon-chlaochlódh tuisil air.
—Fuaim: fionn; fíonn
—
a.
péarla nó scamall ar shúil capaill, duine etc.
Tá fionn (fíonn-Conamara) ar a shúil = í ag déanamh lochógaí uisce, nó deirgeadas a bheith inte; scamall nó péarla a bheith uirre /[Tá fíonn eicínt ar a shúil, agus tá na dochtúirí i bhfaitíos go gcaillfidh sé an t-amharc ar fad. Níl ann ach go bhfuil an bhánshoillse inte]/ Scamall a thiacht ar an tsúil: sin fíonn": (Seán Ráinne; Leitir Mucú, Casla) / Bhí fionn ar leathshúil an ghearráin = péarla nó scamall / D'eirigh barr na slaite ar an tsúil leis (le gamhain) agus tháinig fíonn uirre. B'fhurasta aithinte air é. Chuaigh muid in éadan, ach chinn orainn a bhaint di in a dheidh sin. Cuirfeadh sé siar ar an aonach é /[Bhí tochas in a shúil agus thosuigh sé dhá scríobadh, agus tháinig fionn uirre. Níor léar dhó tada in imeacht míosa léithe]/
b.
Tá fionn ar mo shúil le neamh-chodladh. Níor chodail mé tionuar le cheithre oíche = deirgeadas, agus lochógaí uisce a bhí i gceist san gcás seo /
Féach freisin
→
fómhar
Fionn in iontrálacha eile (50+)
Dhá mbeitheá in t'fhear chomh maith le Céadtach Mhac Fhinn, ní chorrochthá an chloch údaidh.
→
crinn
Uair a' bith a dteastuigheadh fios ó Fhionn, chrinnead sé an ordóg isteach go smúsach. Is cosamhail gur 'san ordóig a bhí an fios.
→
bornóg
Má thuiteann a' bhornóig sin ar meisce orainn, ar gceann finne, ní bheidh indon é 'iomchur abhaile.
→
buinne 2
'Go dteaga bláth buidhe ar an eorna, a's go dtosuighe an Foghmhar a' dul 'un finne; Is deas lághach an rud í an óige, a's indiaidh mo stóirín atá mise' (As "Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndeana Dia maith air! — gur "imbuinne" a bhí annseo ó cheart, i leaba "'un finne", ach ní mheasaimse gurb eadh. Ar aon-chor teigheann an foghmhar 'un finne, ach is fada indiaidh a dhul 'un buinne dhó é).
+
→
ceannann
Tá mac Sh. Ph. Mh. ag dul siar agus an capall ceann-fhionn aige
TUILLEADH (1) ▼
Capall ceann-fhionn ciarghlas a bhí aige an uair sin
→
feac 2
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuimhnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuimhnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fhinn." "Má fheacaim mo ghlúin agus déanaim sléacht ní mar gheall ar do Dhia é … " (as "Argóinteacht Oisín agus Phádraig")
+
→
finne
Sí bláth na finne í = planndóig mná
TUILLEADH (9) ▼
Síleann sí fhéin gurb í bláth na finne í, ach ní shíleann aonduine eile é = spéir na gréine
Tá sé as fhéin anocht. Cár fhága sé craobh na finne = bean bhreá; ach níl annseo ach fonóid. Le fonóid adeirtear na rudaí seo anois
Th'anam ón diabhal dóirt isteach le cúl na finne!
Cés fhearr leat scéimh na finne ná scéimh na doinne = an fearr leat bean fhionn ná bean donn (bean ghruaige dhuinne); do you prefer a blonde to a brunette?
B'fhearr liom fhéin scéimh na finne i mbean
Cé uaidh ar thug sí sin scéimh na finne. Bhí a máthair cho geal le easóig
Buí a bhí sí chun tosaigh agus tá sí ag dul 'un finne anois = tá gruaig fhionn ag teacht uirre; is beag a bhíos eatorra
Tá an coirce ag dul chun finne = ag buíochan; scathamh th'éis a dhul i ndéis dó
Is gearr eile a gheobhas sé anois, nó go dtosuighe sé ag dul 'un finne. Is breagh an déas atá amuigh ag an ngarraí sin thíos
"Cé hé an fionnarán fionn sin ag bualadh báire amuigh ar an mbán" adeir sé? "Sin é Fionn Mhac Umhail", adeir an fear eile.
+
Tá sí fionn-bhán
TUILLEADH (3) ▼
Níl sí an-bhán mar sin. Fionn-bhán atá sí
Gruaig fhionn-bhán atá ar Ch.
Dath fionn-bhán mar sin atá ar a cuid éadaigh
+
→
Fionn 1
"Dhá theach déag a bhí ag Fionn; dhá theine dhéag is gach teach, agus fear agus céad ar gach teallach" = deirtear go mba shin é líon na Féinne
TUILLEADH (11) ▼
"Dháréag a bhí ag Fionn: rinne fear aca lionn. Dúirt an fear seo agus an fear seo leis an bhfear seo agus leis an bhfear seo, gan a dhul tigh an fhir seo ná tigh an fhir seo go dteagadh an fear seo agus an fear seo tigh an fhir seo agus tigh an fhir seo" = chuala mé mar sin go minic é, ach níor chuala mé aon-údar faoi. Is rud é a ngabhfá amú ann len a rádh sciobha. Is cosúil gur ingeall air sin a cuireadh le chéile é
"Dhá theach déag a bhíodh ag Fionn tráth mbíodh muid uilig ar bhruidhin Éile na Séan. Dhá teine dhéag agus rl." = leagan eile ar an gcéad sompla
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na Bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé in a bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shul a ndeachaidh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
D'imigh Fionn agus na Fianna = tá an dream sin básuithe, sean-bhásuithe; tá an mhaith nó an saol sin imithe anois
Bhí siad sin láidir. Níl a leithidí ann anois. Is fada go ngabhfadh daoine síos Gaillimh ar chíollacan anois. (céallacan). Dheamhan é dhá naomhthaí iad. D'imigh Fionn agus na Fianna a mhic ó
Sea bhí pórtar ar dhá phínn, agus tobac ar thrí pínne, agus punt tae ar cheithre buínn. Ach d'imigh an saol sin. D'imigh Fionn agus na Fianna freisin
B'ait iad na sean-unndúirí go ndéanaidh Dia maith orra! Bhuailidís griosáil ar a chéile scaití, nuair a bheadh braoinín ar bord aca ach ní bheadh aon-chuímne air lár na mháireach. Dheamhan gangaide ná aicís a bhí ionta. Bhí siad go maith lá an anshógh. Á is cóir adeir siad gur imigh Fionn agus na Fianna
An rud ba mhó a chuir náire ar Fhionn ariamh go mbeadh rud (beatha) in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh = dhá dteagadh duine isteach ort le linn do bhéilí, agus gan aon-arán a bheith bruite agad ach rud nacharbh fhiú leat a chur in a fhiainis, nó dhá mbeadh an fheóil bearnuithe agad nó a leithide
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon-ghreim aráin san teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhiainis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh
Ní cheideónainn ar chuid mhaith é. Dheamhan ceó feóla bruite ach a bhfeiceann tú, agus is mór liom a dhul ag cur duine ar bith taobh leis an mbeagán. Mo bholg fhéin is cionntaí. An rud is mó a chuir náire ar Fhionn beatha a bheith in a bhéal agus gan í a bheith in a láimh. Tá an láimh chumhang agamsa anocht ar chaoi ar bith
Fionn Mhac Umhail ní árdódh an chloch siúd = bhí an-mheachan innte.
+
→
fionnrua
Fear fionn-ruadh é
TUILLEADH (2) ▼
Ní ruadh atá sé ach fionn-ruadh
Cén sórt rudaí na rudaí fionn-ruadh sin atá ar fhuinneóig Ph. le díol. Is geall le líomáintí iad marach an dath
Dhá mbeadh aon-cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithe: bun sailí (slat shailí) a dhóghadh, agus a mheilt annsin, nó go ndéanfaí cho mion le snaoisín é; slam salainn a fháil, agus é a chruachan, agus an salann agus mionús na sailí a shuathadh go maith; cleite a fháil annsin agus an mioscán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; annsin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirre, is leo sin a chuirtear foghairt in a súil
+
→
imigh
D'imthigh Fionn agus an Fhéinn
TUILLEADH (1) ▼
D'imthigh Fionn agus na Seacht gCatha breagha a bhí ar an bhFéinn.
→
feistigh
Ná tugaighí cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó 'ur gceann finne ní chuirfidh as é
+
Fan anois go bhfeiceamuid a bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé ugad: an rud a bhíos istigh san gcleite. Is deacair muinntir Chonamara a shárú
TUILLEADH (5) ▼
Fagh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é = le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
Níl fionna ná feanna aige; níl fionna feanna aige = níl tada aige; aon-cheo
Más tobac atá tú a iarraidh níl fionna feanna agam, go dteaga sí seo ón siopa
Tá sé bochtuithe ar fad. Níl fionna ná feanna aige anois. Bíodh sé buíoch dhá chlann.
Breá nach dteigheann tú féin ann agus gan fionna ná feanna ar t'aire. Nach bhfuil mise in mo bhambairne ag obair