fionn
—ainmfhocal, fireann
—níor chuala mé aon chlaochlú tuisil air
—fuaim: fionn, fíonn
—
a.
péarla nó scamall ar shúil capaill, duine srl.
+–
Tá fionn fíonn Conamara) ar a shúil — í ag déanamh lochógaí uisce, nó deirgeadas a bheith inti; scamall nó péarla a bheith uirthi
Tá fíonn eicínt ar a shúil, agus tá na dochtúirí i bhfaitíos go gcaillfidh sé an t-amharc ar fad. Níl ann ach go bhfuil an bhánshoilse inti
TUILLEADH (4) ▼
"Scamall a theacht ar an tsúil: sin fíonn" — Seán Ráinne; Leitir Mucú, Casla
Bhí fionn ar leathshúil an ghearráin — péarla nó scamall
D'éirigh barr na slaite ar an tsúil leis (le gamhain) agus tháinig fíonn uirthi. B'fhurasta a aithinte air é. Chuaigh muid in éadan, ach chinn orainn a bhaint di ina dhiaidh sin. Cuirfeadh sé siar ar an aonach é
Bhí tochas ina shúil agus thosaigh sé dhá scríobadh, agus tháinig fionn uirthi. Níor léir dhó tada in imeacht míosa léithe
b.
·
Tá fionn ar mo shúil le neamhchodladh. Níor chodail mé tionnúr le cheithre oíche — deirgeadas, agus lochógaí uisce a bhí i gceist sa gcás seo
Féach freisin
→
fómhar
fionn in iontrálacha eile (50+)
+
→
fios
"Fios Fhinn, neart Ghoill, agus bua Chonáin" — Fios Fhinn — bhí bua na targaireachta aige; bhí sé in ann a inseacht céard a bhí le theacht
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh fios Fhinn agat, ní fhéadfá a inseacht céard a dhéanfadh sé sin. Ní fhéadfadh ná aon duine eile
→
crinn
Uair ar bith a dteastaíodh fios ó Fhionn, chrinneadh sé an ordóg isteach go smúsach. Is cosúil gur san ordóig a bhí an fios.
→
buinne 2
"Go dteaga bláth buí ar an eorna, agus go dtosaí an fómhar ag dul chun finne; Is deas lách an rud í an óige, agus i ndiaidh mo stóirín atá mise" (As Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndéana Dia maith air! — gur i mbuinne a bhí anseo ó cheart, i leaba chun finne, ach ní mheasaimse gurb ea. Ar aon chor, téann an fómhar chun finne, ach is fada i ndiaidh a dhul chun buinne dhó é)
→
feac 2
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuimhnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuimhnigh gurb é Rí na ngrást a rug bua ar Fhiannta Fhinn." "Má fheacaim mo ghlúin agus déanaim sléacht ní mar gheall ar do Dhia é … " (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
→
fiann
"Cuimhnigh gurb é Rí na ngrást a rug bua ar Fhiannta Finn" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
+
→
finne
'Sí bláth na finne í — plandóig mná
TUILLEADH (9) ▼
Síleann sí fhéin gurb í bláth na finne í, ach ní shíleann aon duine eile é — spéir na gréine
Tá sé as fhéin anocht. Cár fhága sé craobh na finne — bean bhreá; ach níl anseo ach fonóid. Le fonóid adeirtear na rudaí seo anois
Th'anam ón diabhal, dóirt isteach le cúl na finne!
Cé is fhearr leat scéimh na finne ná scéimh na doinne — an fearr leat bean fhionn ná bean donn (bean ghruaige dhoinne); do you prefer a blonde to a brunette?
B'fhearr liom fhéin scéimh na finne i mbean
Cé uaidh ar thug sí sin scéimh na finne. Bhí a máthair chomh geal le easóig
Buí a bhí sí chun tosaigh agus tá sí ag dul chun finne anois — tá gruaig fhionn ag teacht uirthi; is beag a bhíos eatarthu
Tá an coirce ag dul chun finne — ag buíochan; scaitheamh théis a dhul i ndéis dó
Is gearr eile a gheobhas sé anois nó go dtosaí sé ag dul chun finne. Is breá an déas atá amuigh ag an ngarraí sin thíos
"Cé hé an fionnarán fionn sin ag bualadh báire amuigh ar an mbán," adeir sé? "Sin é Fionn Mhac Cumhaill," adeir an fear eile.
+
→
Fionn 1
"Dhá theach déag a bhí ag Fionn; dhá thine dhéag i ngach teach, agus fear agus céad ar gach teallach" — deirtear go mba in é líon na Féinne
TUILLEADH (17) ▼
"Dháréag a bhí ag Fionn: rinne fear acu lionn. Dúirt an fear seo agus an fear seo leis an bhfear seo agus leis an bhfear seo, gan a dhul tigh an fhir seo ná tigh an fhir seo go dteagadh an fear seo agus an fear seo tigh an fhir seo agus tigh an fhir seo" — chuala mé mar sin go minic é, ach níor chuala mé aon údar faoi. Is rud é a ngabhfá amú ann lena rá sciobtha. Is cosúil gur i ngeall air sin a cuireadh le chéile é
"Dhá theach déag a bhíodh ag Fionn tráth mbíodh muid uilig ar bhruín Éile na Séan. Dhá tine dhéag srl." — leagan eile ar an gcéad sampla
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga (agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad) — ní buan é an sioc tús oíche; má shiocann sé tús oíche beidh báisteach ann roimhe mhaidin. Bhí a fhios ag Fionn nach mbeadh gá le na bróga aige agus sioc tús oíche a bheith ann, ach leis an sioc deireadh oíche, thuigfeadh sé go raibh an aimsir ag dul ar chruas
Caithfidh sé tuairt roimhe mhaidin. Is furasta a aithinte air é. Sioc tús oíche i gcónaí. Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé ina bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shula ndeachaigh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
Is aisteach na goití atá an aimsir seo a chur di fhéin. Níl oíche ar bith nach mbíonn sioc ann in ucht am suipéir agus báisteach as sin go maidin. Tá sé amhlaidh aríst anocht. Chomh siúráilte leis an saol déanfaidh sé scaird eicínt anocht aríst. Ar ndóigh le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga. Ní raibh néal ar bith air. Bhí a fhios aige nach cruas a bhí air
D'imigh Fionn agus na Fianna — tá an dream sin básaithe, seanbhásaithe; tá an mhaith nó an saol sin imithe anois
Bhí siad sin láidir. Níl a leithidí ann anois. Is fada go ngabhfadh daoine síos Gaillimh ar chíolacan (céalacan) anois. Dheamhan é dhá naomhthaí iad. D'imigh Fionn agus na Fianna a mhic ó
Sea, bhí pórtar ar dhá phínn, agus tobac ar thrí pínne, agus punt tae ar cheithre boinn. Ach d'imigh an saol sin. D'imigh Fionn agus na Fianna freisin
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
An rud ba mhó a chuir náire ar Fhionn ariamh go mbeadh rud (beatha) ina bhéal agus gan é a bheith ina láimh — dhá dteagadh duine isteach ort le linn do bhéilí agus gan aon arán a bheith bruite agat ach rud nárbh fhiú leat a chur ina fhianais, nó dhá mbeadh an fheoil bearnaithe agat nó a leithide
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon ghreim aráin sa teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhínis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith ina bhéal agus gan é a bheith ina láimh
Ní cheideonainn ar chuid mhaith é. Dheamhan ceo feola bruite ach a bhfeiceann tú, agus is mór liom a dhul ag cur duine ar bith taobh leis an mbeagán. Mo bholg fhéin is ciontaí. An rud is mó a chuir náire ar Fhionn beatha a bheith ina bhéal agus gan í a bheith ina láimh. Tá an láimh chúng agamsa anocht ar chaoi ar bith
Fionn Mhac Cumhaill ní ardódh an chloch siúd — bhí an-mheachan inti
Ceathach Mhac Fhinn Rí Éireann /wak′īɴ′/; ainm scéil
Oisín Mhac Fhinn
"Fios Fhinn, neart Ghoill agus bua Chonáin"
→
Fionnán
"Lá Fhéile Fionnán Finn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a théas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a éiríos sí aisti" (a bhaintear as an chloch fhuar); "Lá Fhéile Fionnán fuar a théas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar"; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" — ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghoimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
Dhá mbeadh aon cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithi: bun sailí (slat shailí) a dhó, agus a mheilt ansin, nó go ndéanfaí chomh mion le snaoisín é; slám salainn a fháil agus é a chruachan, agus an salann agus mionbhas na sailí a shuaitheadh go maith; cleite a fháil ansin agus an meascán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; ansin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirthi, is leo sin a chuirtear foghairt ina súil
+
→
imigh
D'imigh Fionn agus an Fhéinn
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh Fionn agus na seacht gcatha breátha a bhí ar an bhFéinn
+
Fan anois go bhfeice muid an bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé agat: an rud a bhíos istigh sa gcleite. Is deacair muintir Chonamara a shárú
TUILLEADH (6) ▼
Faigh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é — le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
Níl fionna ná feanna aige; níl fionna feanna aige — níl tada aige; aon cheo
Más tobac atá tú a iarraidh níl fionna feanna agam go dteaga sí seo ón siopa
Tá sé bochtaithe ar fad. Níl fionna ná feanna aige anois. Bíodh sé buíoch dhá chlann.
Breá nach dtéann tú féin ann agus gan fionna ná feanna ar t'aire. Nach bhfuil mise in mo bhambairne ag obair
Ara is beag an gortú a d'éirigh dó. Ní fiú fionna feanna é, ach gheobhaidh sé slám airgid as