Fios
—Ainmfhocal; Fireann
1.
faidheólas, buadh targaireachta.
+–
"Fios Fhínn, neart Ghoill, agus buadh Chonáin" (Fios Fhínn = bhí buadh na targaireachta aige; bhí sé indon a innseacht céard a bhí le theacht)
Dhá mbeadh fios Fhínn agad, ní fhéadfá a innseacht céard a dhéanfadh sé sin. Ní fhéadfadh ná aonduine eile
TUILLEADH (5) ▼
Tá fios aige sin, mara neach atá aige.
Deir siad go raibh fios ag M. na T. annsin thoir. D'innis sé faoin gcogadh = buadh targaireachta
Ní fhéadfadh aonduine é sin a rádh ach an té a mbeadh fios aige. Caithfeamuid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
Is cailleach fis í sin = duine a mbeadh fis aice
Deir siad go raibh a sean-mháthair sin in a cailleach fis
+–
B'fhuide liom ná fios mo shaoil go n-imíodh sé agus go dteighinn a chodladh (fios mo shaoil = an léas atá indán dom ar an saol; an méid bliain a bhéas mé beó)
Níorbh fhearr liom ná fios mo shaoil, dhá mbeadh sé annseo. Tá imní orm faoi. Is fada liom amuigh é.
TUILLEADH (5) ▼
B'fhearr dhuit ná fios do shaoil a bheith ag breathnú air, agus na goiceannaí a bhí sé a chur air fhéin. Dhá mbeadh gan a bheith agad ach an t-aon-gháire, chaithfeá a dhéanamh faoi. Buachaill báire é
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
B'fhuide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháruigh muid í in a dheidh sin, buíochas le Dia
Is fuide leis ná fios a shaoil go n-imighe an ceann eile as an teach go dteighe sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
B'fhuide léithe ná fios a saoil go dteagadh scéala chuice, ach nuair a tháinig, ní mó ná go maith a thaithnigh sé léithe
+–
Níl a fhios aice fios oíche ná lae ar pháiste = tá sí ag súil le páiste puinnte ar bith
Níl fios oíche na lae agam cén puinnte a dtiocfaidh sé
TUILLEADH (1) ▼
Níl fios oíche ná lae aca ar a bhás = tá déanta len a bhás, agus ní fios cén nóiméad
+–
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin = rachaidh mé indiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol indán dom; buailfidh mé faoin saol; imeóidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair etc. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé san gcaint thairis sin)
Imeóidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada annseo anois, agus beagán dhá bharr agam. Tiúrfaidh mé Sasana orm féin
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana cho maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid aca
2.
eolas, fáirnis, faisnéis, tuairisc, tuairim.
a.
+–
Tá an-fhios aige faoi bháid = eolas, fáirnéis
Níl d'fhios aige faoi churachaí, ach an oiread liomsa, agus sé cuid an bheagáin atá agamsa
TUILLEADH (14) ▼
Cén fios atá agamsa faoi. Teirigh ag duine eicínt a mbeidh fios aige faoi = eolas
Níl fios ar bith agamsa faoi mhaotháin bó
Ná bíodh aon-fhios ag aonduine faoi do theachtaireacht
Cá bhfuighinnse fios air? Cé a d'innseódh domsa é. Ní chloisim scéal ar bith
Níl d'fhios agad air — agus ní bhfuighidh tú aon-fhios air — ach an oiread leis an bhfear (an té) nachar rugadh
Níl aon-fhios agam ar an amhrán sin = níl an t-amhrán sin agam
Ní raibh fios ar an scéal chor ar bith aige, nó gur chas mise leis agus mé ag seóladh na mbeitheach
Cén fios atá agamsa ar a ghnaithí. Fiafruigh dhe fhéin é
Níl fios ar a chuid airgid agamsa = níl a fhios agam cén t-airgead atá aige
Ní raibh aon-fhios agamsa go raibh sé básuithe go dtí ar ball
Nach haisteach go ndearna sé an méid sin agus fios aige go maith nach raibh plé beag ná mór agamsa leis
Níor cheart dó láimh a leagan uirre agus fios aige go mba feamainn scine í
Níor chóir d'aonduine rud mar sin a árdú leis agus fios aige nach leis fhéin é
Má bhí fios aige go raibh siad le teacht nach beag 'e luadh a bheadh aige caintiú air
+–
Ab shin é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis = ní thuigim an scéal d'uireasa tuille mínithe
Cheal fios: cheal stuaim. Sin é atá air = tá sé aineolach ainfhiosach
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ó fhios ar an scéal sin, mara bhfuil a fhios agad fhéin cheana é
+–
Tá fios na siopaí aige; tá fios na rólachaí (róthlachaí) aige = chuaigh sé thrí na súgáin cheana; tá cleachta nó eólas aige ar an obair, ar an gceird, ar an gcaoi le bualadh faoi etc.
B'fhearr dhuitse a theacht in éindigh liom. Tá fios na rópaí agad. Rinne tú cheana é. Níl ionamsa ach aineolaí
TUILLEADH (4) ▼
Ní bheadh aon-ghnatha ag aonduine bualadh faoi an rud sin, ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
'Ar ndú ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agadsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an "dole" ar chaoi ar bith.
Tá sé nua-aosach ag an gcúirtéaracht fós. Níl fios na rópaí aige. Is námhaid í an cheird gan í a fhólaim, adeir siad
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
+–
Tá fios an scéil aige seo aníos; tá fios fáth an scéil aige = gach tuairisc nó fáirnéis faoi
Tá fios margaí ag M. Ph. Mh. Bíonn sé acab chuile Shatharn = tuairisc nó eolas fútha
TUILLEADH (3) ▼
Mara bhfuil aon-fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach = eólas a raibh feamainn isteach san gcladach
Níl duine ar bith is fhearr fios "lorries" ná M. Sh. G. Tá sé ar bhéal an bhóthair = lorries a bheadh ag iarraidh móna le ceannacht
Ba é T. an chéad duine a tháinig agus fios na troda aige = scéal na troda; scéala faoin troid
+–
Tá fios a labharha aige sin = tá deis a labharha aige; níl cúl a chainte leis; tá a fhios aige cén chaoi le labhairt go feiliúnach, slachtar, cuibhiúil
Níl fios do labharha agad chor ar bith. Breá ar dhúirt tú an rud sin leis?
TUILLEADH (5) ▼
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
Cén ghnatha atá agamsa a dhul chun cainte leis? 'Ar ndú, ní fios mo labharha atá agamsa le dhul chun cainte le sagart = ní bheadh a fhios agam céard adéarfainn leis; níl mo sháith fólaime etc. orm
Níl aon-bhlas d'fhios do labharha agad ach an oiread le mo thóin! Ba deas an scéal a tharraing tú anuas! Cuirfidh sí sin do cháil faoin tír
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labharha aige cho maith le M. Bh. annsin thoir. Is cliú don tír é, agus an chaoi a bhfuil sé indon a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
Dhá mbeadh fios mo labharha aghamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thiúrfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mara sonnda é!
+–
Tá fios a cheirde aige = tá sé i riocht a chuid oibre a dhéanamh
An bhfuil fios do cheirde agad fós? = an bhfuil do cheird fólamta agad fós?
TUILLEADH (5) ▼
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agad feasta
Is fear é a bhfuil fios a ghnatha aige = tá a fhios aige cén chaoi len a chuid oibre, nó le ceann oibre áirid a dhéanamh
Mara bhfuil fios do ghnatha agad fhéin feasta choichín, tá sé fánach agamsa a dhul dhá innseacht duit
Breá nach mbeadh fios do ghnatha agad thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruithe capaill leat nuair a bhí agad táirní cruithe bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
Deirimse leatsa go bhfuil fios a ghnatha aige siúd. Tá sé indon uibheachaí a dhíol ar an margadh cho maith le bean ar bith
+–
Níl fios an bhealaigh go dtí an teach agam = eolas an bhealaigh
Mara bhfuil fios an bhealaigh agad, gabhfaidh mise ag déanamh treóir duit
TUILLEADH (4) ▼
Is duine é nach bhfuil fios a bhealaigh aige = tá sé mí-mhúinte, mí-chuibhiúil; ní hiad na rudaí cearta, nó na rudaí deagh-bhéasacha a níos sé
Dhá mbeadh fios a bealaigh aice, ní scath leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Ní bhfuightheá fios a bhealaigh amach go deó = ní bheadh a fhios agad cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
+–
Níl fios a thréartha (a cháilíocht, a intinne etc.) sin ag aonduine. Tá sé an-dúnárasach = ní leigeann sé a intinn, a rún etc. le aonduine
Níl fios a chúrsaí sin ag aonduine ach aige féin = na rudaí a bhaineas dó; a knowledge of his affairs; nobody knows his business
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh fios ar a leas ag duine, sí a dhéanfadh sé = dhá mbeadh fios a leasa ag duine
Níl duine ar bith nach hí a leas a dhéanfadh dhá mbeadh a fhios aige é. Ach sin é an buille. Ní bhíonn fios a leasa ag duine
+–
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agam (céard a bhí sé a dhéanamh); ní raibh fios rúin ná broscair agam; ní raibh fios rúin ná broscáin agam; ní raibh fios rúin ná mioscais agam; ní raibh fios brú(n) ná broscáin agam; ní raibh fios ar bith agam = níor chuimhnigh mé amháin etc. (tá na leagain seo ann ar fad)
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam, agus gur dhúirt sé gur thusa a [chur] chugam é
TUILLEADH (5) ▼
Cén chaoi a mbeadh fios rúin ná broscair agamsa faoi t'asal. 'Ar ndú' ní mise a bhain dó. Teirigh ar a thuairisc más breá leat
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad-bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'aimhreas a dtiocfadh sé isteach
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus leig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoin a chuid cúrsaí. Muise nach haisteach an cleite cómhrádha a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
Níl fios brú(n) ná broscáin aige cá raibh sib, agus ní fearr dhaoib beirhe é. Fágaí an scéal mar sin. An rud a bheadh a fhios aige siúd, is scéal ag an tír é, sea sin
Ní bhfuair mise fios rúin ná soiscéil ar an troid luath ná mall. Tusa an chéad duine a chaintigh liom uirre
b.
+–
Ná bíodh a fhios ag aonduine é sin anois
Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
TUILLEADH (7) ▼
Níl a fhios ag an athair fos é ach is gearr go mbeidh a fhios (aige é)
Ní raibh a fhios ag aonduine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
An bhfuil iasc istigh ab ea. Níl a fhios sin agam (dheamhan a fhios sin agam)
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
Dheamhan a fhios sin agam féin céard a bhíos sé a dhéanamh mar seo
Cailleadh an laogh air, adeir tú. Bhí a fhios sin aige nuair a chuir sé ann é
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann = ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
+–
Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr cé gur deacair a rádh gurb ea = níl a fhios nach mar is measa (dona) is fhearr cé gurb deacair a rádh gurb ea (fc. deacair, doiligh)
Níl a fhios cés fhearr a thús ná dheire = ag roinnt ruda; b'fhéidir nach hé an té a gheobhfadh an deireadh a bheadh "ar deireadh".
TUILLEADH (3) ▼
Seól leat. Roinn amach orra é. Beidh mise luath go leór. Níl a fhios cés fhearr a thús ná a dheireadh
Tá a fhios ag duine céard atá caite aige, ach níl a fhios ag duine céard atá roimhe = i dtaobh an tsaoil
Níl a fhios fós cé phógfas Máire = imirt nó cluiche idir-chamánaí; ní bheadh a fhios cé ghnothódh
·
Má dheireann tú sin leis beidh a fhios agad é = beidh scéal agad air; gheobhaidh tú garbh é
Má chuireann tú aon-araoid air sin beidh a fhios agad é. Tiúrfaidh sé siúd faoi na foraí dhuit é
c.
+–
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam = innis dom
Ní thiúrfadh sé d'fhios dhom air ach an méid sin, th'éis go ndeacha mé go bog agus go cruadh air.
TUILLEADH (10) ▼
Ní thiúrfadh sé fios a aoise d'aonduine = cén aois é
Ní bhfuighidh sé aon-fhios air uaimse = ní innseóidh mise di é
Ní thiúrfadh sé aon-fhios dom thairis sin, ach dúirt go mbeadh sé ag caint liom aríst gan morán achair
Tá sé le fios a thabhairt domsa (le fios a fhágáil agamsa) annseo ag an teach, má bhíonn aon-cheann san siopa amáireach
Iarr fios air faoin láighe. Cá ndeacha sí = eolas, tuairisc.
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aonduine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
Do dhúshlán fagh fios air sin = I bet you anything you wont find out that
Ní bhfuair fios a ainmne nó a shloinne d'fhiafruigh sé fios m'ainme dhom, ach níor thug mé aon-fhios dó air (faoi)}}
Is mór a theastuigh fios uait. Fagh amach é = freagra ar ghasúir (nó ar dhuine ar bith) nuair a sháróidís thú ag iarraidh rud a fháil amach, eolas a bhaint asad nach mian leat a thabhairt uait agus rl.
Theastuigh fios uaidh cá bhfuair muid an té
3.
+–
Is iomdha fios a bhíos ag an mbean chéanna = scéalta, biadán
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nachar innis tú bolg bréaga dhó?
TUILLEADH (9) ▼
Bhí sé ag iarraidh fios faoin teach nua seo thíos, cé a bhí ann, agu cé 'mba leis é
Ná tabhair fios faoi thada dhó sin. An iomarca fios atá aige cheana
D'fhága mise ar bheagán fios é, th'éis go raibh sé an-chaidéiseach = níor innis mé tada dhó
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil = chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
Dhá laghad fios dhár thug an ceann thuas dom, níor thug an ceann thíos a leath oiread dom
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a leig mise leis
Bhí sé ag iarraidh fios a bhaint asam faoin gcóta = ag iarraidh chur faoi ndeara dhom innseacht faoin gcóta
Fios ar fad atá uatha sin = biadán, tuairisc, eólas
Fios ar fad í = biadán, scéalta
4.
+–
Chuaigh fios soir ar Sheán ar ball = cuireadh scéala (fios) i gcoinne Sheáin ar ball
Chuir sé fios ar an dochtúr don tsean-bhean
TUILLEADH (5) ▼
Cuir fios ar aol le Seán go Gaillimh
Mara bhfuil sprae agaibh cuirigí fios go Gaillimh air
Ní dheacha aon-fhios ar an tobac fós. Ná fágaighí ro-dheireannach é
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mara dteighe, agus go beó, ní bhéarfaidh sí beó uirre
Taca an dó a chlog a tháinig fios ormsa
5.
+–
Bhí fios aige di = chionntuigh sé léithe; rinne se céileachas léithe (Leagan Achréidh)
Ní raibh fios agam d'aon-bhean ariamh = carnal knowledge
TUILLEADH (2) ▼
Is suarach an fear a mbeidh fios aige do bhean ar bith sul a gcuirtear brat phósta air
D'orduigh an creideamh dúinn gan [fios] a bheith againn de bhean ar bith ach dhár mbean fhéin
6.
a.
+–
Níl a fhios cén bháisteach a chaith sé aréir = it is not known Béarla na h-Éireann; chaith sé go leór báistí
Ní raibh a fhios cén sioc a bhí caite aige ar maidin inniu (/rəu is/ go hiondúil, ach raifios /ref′is/ Achréidh)
TUILLEADH (3) ▼
Níl a fhios cén t-olc a bhí orm agus a údar agam
Níl a fhios cén t-airgead atá aige
Ní bheidh a fhios cén mhóin a bhainfeas sé imbliana
+–
Níl a fhios agam ó Dhia anuas (ó sheacht ranna an domhain; ó sheacht ranna na néal; ó neamh ná néal; ó neamh ná néal; ó Dhia go talamh; ó Dhia; ó Fhlaitheas Dé na ngrást; bruite ná fuar etc.) céard a dhéanfas mé.
Tá a fhios ag Dia (tá a fhios ag an lá; tá a fhios ag an lá beannuithe; tá a fhios ag mo chroí etc.) go bhfuil mé tinn = tá mé tinn go cinnte
TUILLEADH (3) ▼
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil aon phínn airgid agamsa ach an oiread agus atá sé agad fhéin = you realize full well yourself
Tá a fhios ag an saol (ag feara fáil, ag cách, etc.) nach airgead atá aige
Níl a fhios san diabhal (san tubaiste, san gcatmara etc.) céard a bhíos sé a dhéanamh san mbaile mór gach lá
+–
Níl a fhios agam an bhfuil sé tinn? Níor chuala tusa é = nímé?
Níl a fhios agam ar imigh sé fós?
TUILLEADH (4) ▼
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl me ag fáil aon-mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia agus an bhail seo a chur orm! Mé a chasadh i lár an "bhulc Bligeárds" is corónta a chonnaic mé ariamh!
Cá raibh sé ab ea? Cá bhfios (/kā wus/) dom (cá raibh sé)
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail, cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
b.
+–
Bhí (ag) Seán ní b'fhearr a fhios ná a dhul i mbealach a bhascha = bhí fios ní b'fhearr aige ná …
Dúirt Liam gur taidhbhse a bhí ann, ach bhí (ag) Colm ní b'fhearr a fhios. D'aithin sé capall an tincéara ar an toirt
TUILLEADH (2) ▼
Ara cén chaint sin ort? Tá M. níos fearr a fhios ná sin. Ní chreidfinn go ndéanfadh sí a leithide de chleas
Shílfeá go mbeadh sagart ní b'fhearr a fhios ná a dhul ag scríobhadh síos scéalta gáirsiúla mar sin
c.
+–
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós = níl a fhios ag aonduine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
Ná corruigh é. Cá bhfios go té sin. B'fhéidir gurb iad na póilíos a chuirfeadh sé in do dhiaidh
TUILLEADH (3) ▼
Ná habruíodh duine tada faoi aonduine. Níl a fhios go té sin. B'fhéidir gur rud eicínt a bheadh le rádh fút féin
Seachain í. Cá bhfios go té sin. Crois Críost orainn, b'fhéidir gur eascainí a dhéanfadh sí ort?
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
7.
+–
Ingan fhios a rinne sé é = faoi rún; gan aon-duine dhá fheiceál
Inganfhios don dlí is cóir a bheith ann
TUILLEADH (4) ▼
Bhíodh poitín dhá dhéanamh inganfhios agus i gcoimhfhios an tráth sin = faoi rún agus as coinne chuile dhuine
Tá sé ag goid i gcoimhfhios anois, ní áirím i nganfhios
Ní dhéanfaidh mé i gcoimhfhios ná inganfhios é = chor ar bith
Níl ól le fáil inganfhios na i gcoimhfhios ann. Teach suarach anois é
Fios in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
TUILLEADH (3) ▼
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agad céard é sin
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
faoisc
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
+
Ní bheidh fearasbar ar bith sna sé galúin fuisce. Dheamhan fhios agam nach easbúch a bheadh muid fós
TUILLEADH (3) ▼
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
Agus le fearasbár a chur ar an gcumaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín, nó go gcasfadh sí ceól duinn = idteannta bídh agus deoch a thabhairt duinn
→
feadhain
Tá 'chuile fhata ar an bhfeáin aca lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad-bhéilí céad-fhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad roighnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
→
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine in a dheidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh indiaidh maith a dhéanamh ar stráinséara. Níl a fhios agad cén uair a thiocfá in a líon aríst
→
fearúint
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh in a dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
+
→
feasach
Síleann tusa gur féidir a dhéanamh. Ní feasach mise gur féidir. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é
TUILLEADH (1) ▼
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
+
M'anam gur cinniúint uirre siúd é, má leigean sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh sí chor ar bith. Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
+
→
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (7) ▼
Níl a fhios agam cén t-adhmad a bhainfinn as an bhfocal sin
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó's maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí annsiúd agus faobhar orra ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsighe siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
Dar m'fhocal níl a fhios agam cé a bhí ann
Tá láimh agus focal tugha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
+
→
foilsigh
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
TUILLEADH (2) ▼
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
→
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
→
fothair
Bíonn féar agus fóthair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéara. Sin í a raibh a fhios aice é!
+
Tá sean-T. sách freochanta fós, th'éis an aois atá aige. Ní theigheann duine ar bith thart i ngan-fhios dó. Ach níl grinneadas ar bith fanta ann in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é indiaidh a chinn roimhe mar sin
Ní fhaca tú aon-bheitheach fuaidreamh timpeall san ruta seo le dhá lá? Dheamhan a fhios agam ó Neamh na Néal, cá dtug siad a n-aghaidh
→
fág i
D'fhága mise i bpian anois é. Níl a fhios aige san míádh cá bhfuil mé ag dul = tá sé ag déanamh imní dhó fios a fháil cáil mé ag dul
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
→
fán
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnuithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tsean-lánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uatha agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
→
féarach
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhobair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá in a éadan dhá cheisniú
+
→
féar
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agad fios a bheith agad air feasta. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (3) ▼
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
Níl a fhios cén talamh atá socruithe aige l'aghaidh fataí agus gan aon-tsop leasú ag gabhail leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathuíonn an féar an phis.
+
→
fóir
Go bhfoire Dia ort má sin é a bhfuil d'fhios agad faoi!
TUILLEADH (1) ▼
Ní fóirínt mhór a rinne mise ort le go ngabhfainn dhá maoidheachtáil ort. Agus níl mé dhá maoidheachtáil ort, agus tá a fhios agad nach bhfuil, ach tá oiread den diabhal ort in a dheidh sin agus go gcaifidh tú an scéal a choinneál meabhraithe i gcomhnaí
→
cadhail
D'fhéadfá 'rádh go raibh muid idteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir a's le "shell"annaí, a's gan dul ar ar n-aghaidh, ná ar ar gcúl aghainn! A's gan-fhios cé'n puinnte a bpléascfadh ceann aca(b) sin, a's a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindigh.