Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuath
ainmfhocal, fireann
1.
gráin, col, uais, míthaitneamh, neamhghrá, déistean.
+
"Níl grá dhá mhéad nach mbíonn fuath dhá réir" — má bhíonn beirt mór le chéile, agus má theagann eatarthu, beidh an oiread gráin acu ar a chéile uaidh sin amach agus a bhí de ghrá cheana acu dhá chéile
Chaith siad sin an an tsíoraíocht mór le chéile ach tá siad briste amach anois. Ní bhíonn grá dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
TUILLEADH (2) ▼
Théis go raibh siad ina dhá gcuid déag le chéile, níl beirt ar bith is mó gráin ar a chéile ná iad anois. Ar ndóigh ní bhíonn grá dhá méid nach mbíonn fuath dhá réir. Deir siad é
"Comhfhad a théas fuath agus grá" — bíonn neart an fhuatha chomh mór le neart an ghrá ; níl grá dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
+
Thug an madadh sin fuath don chuain chomh luath agus a bhí siad beirthe aige. D'fhága sé ansin thoir sa gcró iad agus diabhal a dtaobhódh sé chor ar bith iad
Is minic le caora fuath a thabhairt don uan agus gan é a ligean ag diúl
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le máthair ar bith a thugas fuath dhá páiste mar sin
+
Anseo a theagas sé ar fad ar cuairt anois. Tá fuath tugtha don áit thíos aige — gráin glactha aige air
Tá fuath tugtha aige don teach seo ón oíche fadó ar cuireadh an luch bheag ina phóca
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta le duine fuath a thabhairt do bheatha má tá sé éisealach
+
Glacfaidh sí fuath ar an bhfeamainn anois. Ní thógfaidh sí níos mó í — an ghráin a ghlacadh uirthi
Tá fuath glactha ar an bportach ar fad agam le gairid. Is luar liom an diabhal ná a dhul suas ann
TUILLEADH (1) ▼
Glacfaidh sé fuath don gharraí sin muis. An chéad uair a mbéarfaidh mise istigh air (asal) ann, cuirfidh mé glas sa gcró air agus dheamhan amach a ghabhfas sé go ceann seachtaine, ná greim a gheobhas sé le n-ithe
·
D'ól mé an oiread dhe agus gur chuir sé fuath orm le poitín ó shin
·
Is fuath leis an dream sin siar — is gráin leis iad
2.
+
Ní raibh fios fuath ná feannóige agam faoi — ní raibh fios rúin ná soiscéil agam faoi; ní raibh a fhios agam tada faoi
Níl fios fuath ná feannóige agam faoi sin. Ní bhíonn a fhios agam céard is cor dhó fhéin ná dhá chúrsaí chor ar bith. Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach féin a dhéanamh, agus dhá laghad dhá mbainfidh do dhuine ar an saol seo, is ea is fhearr dhó é
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan fios fuath ná feannóige agamsa a dheartháir mo chroí thú, cé a ghoid do chuid rópaí. Duine eicínt atá ag iarraidh thú a shaighdeadh. Cén ghnaithe a bheadh agamsa de do chuid rópaí. Tá mo dhóthain acu agam fhéin ar scáth a ndéanaim leo
Cá bhfaighinnse fios fuath ná feannóige air. Níor chorraigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh a fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúlfadh. Fiafraigh den Phoncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curtha dhá chosa aige
Ní bheadh fios fuath ná feannóige agat faoi mholt beag a d'imigh uaim tá seachtain ó shin. An comhartha cluas a bhí air: béim sa gcluais dheas. Cloigeann dubh a bhí air agus é i gcruth mhaith
Thar cheird ar bith faoin domhan, níl fios fuath ná feannóige agam ar thuíodóireacht. Níor chuir mé aon slám tuí ariamh, ná níor sháigh mé aon scolb, ná ní raibh mé ag freastal ar thuíodóir fhéin
Dheamhan fios fuath ná feannóige agam air. Is a dhul ag iarraidh olann ar ghabhar a theacht ag cur tuairisc mar sin liomsa. Ach tá fear ansin thuas i mbéal an bhóthair agus téirigh go dtí é

Féach freisin

fios

fuath in iontrálacha eile (12)

 
fios
Níl fios fuath ná feannóige aige (fc. fuath)
 
Airíonn na caoirigh eile cuideáin í agus iad a bheith ag tabhairt fuatha di mar sin.
+
Dheamhan a chos a chonaic mé ar bóthar ná ar bealach ón lá fadó ar buaileadh ar an aonach é. Ghlac sé fuath den bhóithreoireacht ó shin.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur ghlac sí fuath liom le gairid agus gur ag iarraidh coinneáil as mo bhealach atá sí.
 
anuas
Sin é an sórt duine é — má ghlacann sé fuath dhuit aon uair amháin, beidh sé anuas ort go brách aríst.
 
Ní thógfadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hé brí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
 
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó
 
Ní raibh deoraí ar cuairt ann. Ghlac an dream seo siar fuath dhóibh ar fad le gairid. Ní thaobhaíonn aon dhuine acu chor ar bith anois é. Ach dheamhan is móide fearr dhóibh a thaobhachtáil. Mhearódh lucht cuart teach ar bith a mbíonn a dtaithí
 
Nuair a chuaigh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirthi, agus ní raibh aon tseanbhean ar an mbaile nár phóg agus nár dheorlaigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha ansin
 
"Comhfhad a théas fuacht agus teas; Comhfhad a théas fuath agus grá; Ach téann an doicheall go smior; agus ní scarann as go brách" (Rann faoin doicheall í seo. Níl duáilce ar bith a chinnfeadh ar an doicheall. Bhí an córtas agus an fáilte ag rith ariamh le Gaeil. Ní taise le lucht labhartha na Gaeilge inniu é)
 
díol 2
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil i chuile áit, agus go mba díon déirce leis bean ar bith a fháil sa deireadh, dhá mba iníon ceannaí reaigeannaí féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol brá gill air, le go mbeadh mná sna cosa in airde ina dhiaidh. Ach thug siad uileag fuath dhó hé brí cén fáth a bhí leis
 
dún
'Siad a bhí ina dhá gcuid déag le chéile tamall, ach ina leaba sin, tá siad an-dúnta in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráite ariamh nach mbíonn grá dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir