Fuath
—Ainm fhocal, Fireann
1.
gráin, col, uais, mí-thaithneamh, neamh-ghrádh, déistean.
+–
"Níl grádh dhá mhéad nach mbíonn fuath dhá réir" = má bhíonn beirt mór le chéile, agus má theagann eatorra, beidh an oiread gráin aca ar a chéile uaidh sin amach, agus a bhí de ghrádh cheana aca dhá chéile
Chaith siad sin an an tsíoraíocht mór le chéile, ach tá siad briste amach anois. Ní bhíonn grádh dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
TUILLEADH (2) ▼
Th'éis go raibh siad in a dhá gcuid déag le chéile, níl beirt ar bith is mó gráin ar a chéile ná iad anois. 'Ar ndú' ní bhíonn grádh dhá méid nach mbíonn fuath dhá réir. Deir siad é
"Comhfhad a theigheas fuath agus grádh" = bíonn neart an fhuatha cho mór le neart an ghrádha; níl grádh dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir
+–
Thug an madadh sin fuath don chuain cho luath agus a bhí siad beirhe aige. D'fhága sé annsin thoir san gcró iad agus diabhal a dtaobhódh sé chor ar bith iad
Is minic le caora fuath a thabhairt don uan, agus gan é a leigean ag diúl
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le máthair ar bith a thugas fuath dhá páiste mar sin
+–
Annseo a theagas sé ar fad ar cuairt anois. Tá fuath tugha don áit thíos aige = gráin glacha aige air
Tá fuath tugha aige don teach seo ón oíche fadó ar cuireadh an luch bheag in a phóca
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta le duine fuath a thabhairt do bheatha má tá sé éiseallach
+–
Glacfaidh sí fuath ar an bhfeamainn anois. Ní thóigfidh sí níos mó í = an ghráin a ghlacadh uirre
Tá fuath glacha ar an bportach ar fad agam le gairid. Is luar liom an diabhal ná a dhul suas ann
TUILLEADH (1) ▼
Glacfaidh sé fuath don gharraí sin muis. An chéad uair a mbéarfaidh mise istigh air (asal) ann, cuirfidh mé glas san gcró air, agus dheamhan amach a ghabhfas sé go ceann seachtaine, ná greim a gheobhas sé len ithe
·
D'ól mé an oiread dhe agus gur chuir sé fuath orm le poitín ó shoin
·
Is fuath leis an dream sin siar = is gráin leis iad
2.
+–
Ní raibh fios fuath ná fionnóige agam faoi = ní raibh fios rúin ná soiscéil agam faoi; ní raibh a fhios agam tada faoi
Níl fios fuath ná fionnóige agam faoi sin. Ní bhíonn a fhios agam céard is cor dhó fhéin ná dhá chúrsaí chor ar bith. Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach féin a dhéanamh, agus dhá laghad dhá mbainfidh do dhuine ar an saol seo, is ea is fhearr dhó é
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan fios fuath ná fionnóige agamsa a dheárthair mo chroí thú, cé a ghoid do chuid rópaí. Duine eicínt atá ag iarraidh thú a shaghdadh. Cén ghnatha a bheadh agamsa de do chuid rópaí. Tá mo dhóthain aca agam fhéin ar scáth a ndéanaim leó
Cá bhfuighinnse fios fuath ná fionnóige air. Níor chorruigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúilfeadh. Fiafruigh den Phuncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curha dhá chosa aige
Ní bheadh fios fuath ná fionnóige agad faoi mholt beag a d'imigh uaim, tá seachtain ó shoin. An comhartha cluas a bhí air: béim san gcluais dheas. Cloigeann dubh a bhí air, agus é i gcruth mhaith
Thar cheird ar bith faoin domhan, níl fios fuath ná fionnóige agam ar thuídeóireacht. Níor chuir mé aon-slám tuí ariamh, ná níor sháith mé aon-scolb, ná ní raibh mé ag freastal ar thuíodóir fhéin
Dheamhan fios fuath ná fionnóige agam air. Is a dhul ag iarraidh olann ar ghabhar, a theacht ag cur tuairisc mar sin liomsa. Ach tá fear annsin thuas i mbéal an bhóthair, agus teirigh go dtí é
Féach freisin
→
fios
Fuath in iontrálacha eile (18)
Díol an fimíneach de ghamhain sin agad. Sin nó cuir fuath fíona ar dhrible an chuid eile. Níl iadadh air ach dhá gcangailt
+
→
bealach
Dheamhan a chos a chonnaic mé ar bóthar ná ar bealach ó'n lá fadó ar buaileadh ar an aonach é. Ghlac sé fuath de'n bhóithreóireacht ó shoin.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur ghlac sí fuath liom, le goirid, a's gur ag iarraidh coinneál as mo bhealach atá sí.
→
anuas
Sin é an sórt duine é — má ghlacann sé fuath dhuit aon-uair amháin, beidh sé anuas ort, go bráth aríst.
→
firnéad
Ní thóigfeadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hébrí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
→
dainséar
'Sé an dáinséar is mó atá ann anois nach ndiúilfidh sé ar aon-chaora, nó má dhiúileann féin go nglacfaidh siad fuath dhó.
→
deara
Chuir sé faoi deara do'n fhear thiar eirghe as an ól muis, rud a chinn ar 'chuile dhuine eile, pébrí cé'n bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé cho maith dhuit fuath-fíonna a thairiscint dó le pórtar. Ní thiubharfadh sé bolg dó, a dhearbhráthair
→
deoraí
Ní raibh deoruidhe ar cuairt ann. Ghlac an dream seo siar fuath dhóib ar fad le goirid. Ní thaobhuigheann aon-dhuine aca chor ar bith anois é. Ach dheamhan agus móide fearr dhóib a thaobhachtáil. Mheáróchadh lucht cuart teach ar bith a mbíonn a dtathuighe
Nuair a chuaidh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirre, agus ní raibh aon-tsean-bhean ar an mbaile nar phóg agus nar dheorluigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha annsin
→
do- 2
B'éigin fuath fíonnaidh a chur ar an gcích dhó sin. Bhí sé do-choiscthe. Sin é an fáth a bhfuil an spreacadh ann
"Comhfhad a theigheas fuacht agus teas; Comhfhad a theigheas fuath agus grádh; Ach teigheann an doicheall go smior; agus ní scarann as go bráth." (Rann faoi'n doicheall í seo. Níl dubháilce ar bith a chinnfeadh ar an doicheall. Bhí an córtas agus an fáilte ag rith ariamh le Gaedhil. Ní taise le lucht labhartha na Gaedhilge indiu é)
→
díol 2
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil is 'chuile áit agus go mbadh díon déirce leis bean ar bith a fháil ins an deireadh, dhá mbadh inghean ceannuidhe "reaigeannaí" féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol bráigill air, le go mbeadh mná ins na cosa in áirde in a dhiaidh. Ach thug siad uiliog fuath dhó hébrí cé'n fáth a bhí leis
Tá S. seo thíos an-dóigheamhail de'n domhan as an gcliobóig d'inghin sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaidheacht! Ní thaobhóchadh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé cho maith duit fuath-fíonnach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráidhte an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó a chonnaic mise istigh ins an raithneach annsin thiar í le fear! Bíonn ciúin cionntach, adeir siad
+
→
dúil
Sin é an chaoi a bhfuil an t-ól. An uair a bhlaiseas tú dhó i dtosach is lughar leat é ná fuath-fíonnaigh, ach teagann tú isteach air i leabaidh a chéile. Teagann dúil agad ann
TUILLEADH (1) ▼
Má tá indán agus gur cuireadh fuath-fíonnaigh ar an bpórtar dóibh, bainfidh sin a ndúil as go ceann tamaill. Is géar a theastuigh an phasóid sin uatha: 'chuile oíche ins an aer ag imeacht ag ól agus ag ragairne, agus gan breathnú siar ar a mná ná ar a bpáistí ins an mbaile
→
dún
'Siad a bhí in a dhá gcuid déag le chéile tamall, ach in a leabaidh sin, tá siad an-dúinte in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráidhte ariamh nach mbíonn grádh dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir