Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flaisc
Ainmfhocal. Buineann
1.
a.
rabairne; féile; bruithshléacht, plaicín ghabhair a dhéanamh de rud; ráig óil; frasaíl.
+
Bhí an-fhlaisc de bhainis ann = bruithshléacht; neart len ithe agus len ól agus go leor daoine ann
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuigheall na bhfuigheall, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mé go raibh sé in a fhlaisc ar an gcleamhnas. Dheamhan cos cuid aca a tháinig abhaile go raibh sé in a thrathnóna lár na bháireach
Má tá an méid sin fuisce i bhfocal aca, tá sé de rún aca an-fhlaisc den tsaoghal a dhéanamh. Beidh sí in a "bainis Pheige Ní Eára"
Bhí fear annseo le cuimhne na ndaoine agus "Mrucha Flaisc" a bhí de leasainm air. Bhíodh sé i gcomhnaí ag caint ar "fhlaisc"
+
Rinne sé flaisc dhó = chaith sé go leór airgid
Rinne sé flaisc dhó fhéin ar fad. Dheamhan pínn de luach an ghamhain a bhí ag teacht abhaile aige, mara raibh deich fichead
TUILLEADH (4) ▼
Chuala mé go ndearna sé flaisc an tseachtain seo caite = ráig óil; "tear"
Is corr uair a níos sé é, ach an uair a níos, déanann sé flaisc. 'Ar ndú' an bhainis sin a bhí ar an inín aige, fhobair go gcáillfí daoine ann. Bhí im agus spunógaí ag dul imbéal Bh. sin thoir, agus gan fios arbh imeacht nó a theacht dó, len a raibh caite den bhraon chruadh aige. Síleadh go gcaithfí fios a chur ar an dochtúr
Má tá fút a dhul 'na bhaile mhóir inniu ná déan flaisc mar a níos tú i gcomhnaí. Ag caitheamh óil chuig bacaigh na tíre!
Bhí flaisc annsin! Mo léan géar ní sean-phórtar lofa a bhí aca sin! Is dóibh is fusa. Fear ar bith a bhfuil dhá mhíle fhichead punt san mbliain dó gan saothrú ar bith, ní aireóidh sé flaisc a dhéanamh
b.
go leor oibre agus rl.
·
Chreidim gur rinneadh an-fhlaisc annseo thíos inniu. Tá dubhachan mór déanta de bharr an lae ar chuma ar bith. Siúd iad na buachaillí le leigean isteach i dtalamh craicinn = go leor oibre
2.
an t-éadan dúshlánach de sceich, de chrígh dhriseachaí, de chrann; de thuim agus rl. ("fleasc" b'fhéidir. Sílim gur chuala mé fleasc freisin air ach níl mé dearfa).
+
Bhí flaisc (fleasc?) na tuime cho láidir agus gur chinn orm a dhul in a haghaidh = an chuid láidir di; an t-éadan a mbeadh na briongláin ba láidre ann; an tosach nó an taobh amuigh
Bhí coinín istigh san gcrích, ach ní raibh aon-ghoir a dhul cho fada leis, agus cho hachrannach agus atá flaisc na críche
TUILLEADH (4) ▼
Tá neart scoilb sna tumachaí siúd, ach ní gan anró a dhul cho fadó leo. Tá flaisceannaí cho láidir orra
Tá an saileánach siúd ag cairiú amach. Mara mbaintear é go gairid beidh flaisc cho láidir air, agus nach mbeidh aon-dhul in a aghaidh
In éadan flaisc na sceiche a bhí tusa. Séard a bhí agad a dhéanamh a dhul isteach ar do chromadadh fúithe agus a baint ó thalamh
Ní bheidh aon-dos bearna agad mara mbainfidh tú as a flaisc í. Is diabhlaí breá an sceach í
3.
iarraidh; tuairt, tuisle (flaisc, fleaisc).
·
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon-fhlaisc amháin é = aon-iarraidh amháin; d'aon-tuairt amháin
Leag sé ar shlatrachaí a dhroma d'aon-fhleaisc amháin é. Ba mhaith a ghabh sé as nachar eirigh gortú dhó. Ach dheamhan ceó

Flaisc in iontrálacha eile (6)

 
Rinneadh flaisc agus fraiseach annseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orra: ní raibh geinealach an bhéil bheó ann nach raibh dallta ar meisce
 
Níl duine ar bith do'n bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhuighim tighthe ósta ach go h-annamh. Is furasta aithinte agus mé a bheith ag glaodhach pórtair le cois mar sin. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma hé brí é
 
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do dhiaumhlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngoireacht ar bith do theach ósta d'ionntóchadh sé a chúl leat nó bhreathnóchadh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias is minic a chonnaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon-fhear ins na seacht bpobail is mó a ghníodh bruighshléacht ná é an uair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar inghean in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta agus rinne sé an flaisc céadna leis an mbainis deire a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon-fhear ins an teach nach raibh dállta ar meisce
 
Is diachta (iongantach) nar thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó 'chuaidh sí i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh flaisc cho mór sin. M'anam go mbadh chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithe th'éis a cuid a ithe agus a ól
 
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sáthach mór aige le déanamh. Féastaí agus eirighe-amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar róthaí an tsaoghail an fhad agus a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pighinn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. An uair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
 
Mara ndéanaidh sib réidhteach leis an mbraon fuisce sin, ní riarfaidh sé lucht na sochraide. Níl maith ar bith agaibh-se ann, mara ndéanaidh sib flaisc