Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
flaisc
ainmfhocal, baineann
1.
a.
rabairne; féile; bruithshléacht, plaicín ghabhair a dhéanamh de rud; ráig óil; frasaíl.
+
Bhí an-fhlaisc de bhainis ann — bruithshléacht; neart le n-ithe agus le n-ól agus go leor daoine ann
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuíoll na bhfuíoll, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mé go raibh sé ina fhlaisc ar an gcleamhnas. Dheamhan cos cuid acu a tháinig abhaile go raibh sé ina thráthnóna lá arna mhárach
Má tá an méid sin fuisce i bhfocal acu, tá sé de rún acu an-fhlaisc den tsaol a dhéanamh. Beidh sí ina Bainis Pheige Ní Eara
Bhí fear anseo le cuimhne na ndaoine agus Murchadh Flaisc a bhí de leasainm air. Bhíodh sé i gcónaí ag caint ar fhlaisc
+
Rinne sé flaisc dhó — chaith sé go leor airgid
Rinne sé flaisc dhó fhéin ar fad. Dheamhan pínn de luach an ghamhain a bhí ag teacht abhaile aige, mura raibh deich fichead
TUILLEADH (4) ▼
Chuala mé go ndearna sé flaisc an tseachtain seo caite — ráig óil; tear
Is corruair a níos sé é, ach nuair a níos, déanann sé flaisc. Ar ndóigh an bhainis sin a bhí ar an inín aige fhóbair go gcáillfí daoine ann. Bhí im agus spunógaí ag dul i mbéal Bh. sin thoir agus gan fios arbh imeacht nó a theacht dó lena raibh caite den bhraon chrua aige. Síleadh go gcaithfí fios a chur ar an dochtúr
Má tá fút a dhul 'na bhaile mhóir inniu ná déan flaisc mar a níos tú i gcónaí. Ag caitheamh óil chuig bacaigh na tíre!
Bhí flaisc ansin! Mo léan géar ní seanphórtar lofa a bhí acu sin! Is dóibh is fusa. Fear ar bith a bhfuil dhá mhíle fhichead punt sa mbliain dó gan saothrú ar bith, ní aireoidh sé flaisc a dhéanamh
b.
go leor oibre srl.
·
Chreidim gur rinneadh an-fhlaisc anseo thíos inniu. Tá dúchan mór déanta de bharr an lae ar chuma ar bith. Siúd iad na buachaillí le ligean isteach i dtalamh craicinn — go leor oibre
2.
an t-éadan dúshlánach de sceich, de chrígh dhriseachaí, de chrann; de thoim srl.; fleasc b'fhéidir. Sílim gur chuala mé fleasc freisin air ach níl mé dearfa.
+
Bhí flaisc (fleasc?) na toime chomh láidir agus gur chinn orm a dhul ina haghaidh — chuid láidir di; an t-éadan a mbeadh na briongláin ba láidre ann; an tosach nó an taobh amuigh
Bhí coinín istigh sa gcrígh, ach ní raibh aon ghair a dhul chomh fada leis agus chomh hachrannach agus atá flaisc na críche
TUILLEADH (4) ▼
Tá neart scoilb sna tomachaí siúd, ach ní gan anró a dhul chomh fadó leo. Tá flaisceannaí chomh láidir orthu
Tá an saileánach siúd ag caithriú amach. Mura mbaintear é go gairid beidh flaisc chomh láidir air agus nach mbeidh aon dhul ina aghaidh
In éadan flaisc na sceiche a bhí tusa. Séard a bhí agat a dhéanamh a dhul isteach ar do chromada fúithi agus a baint ó thalamh
Ní bheidh aon dos bearna agat mura mbainfidh tú as a flaisc í. Is diabhlaí breá an sceach í
3.
iarraidh; tuairt, tuisle (fleaisc).
·
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon fhlaisc amháin é — aon iarraidh amháin; d'aon tuairt amháin
Leag sé ar shlatrachaí a dhroma d'aon fhleaisc amháin é. Ba mhaith a ghabh sé as nár éirigh gortú dhó. Ach dheamhan ceo

flaisc in iontrálacha eile (6)

 
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
 
Níl duine ar bith don bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhaím tithe ósta ach go hannamh. Is furasta a aithinte agus mé a bheith ag glaoch pórtair le cois mar sin. Teastaíonn rud eicínt ón deachma hé brí é
 
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do Dhia shúlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngaireacht ar bith do theach ósta, d'iontódh sé a chúl leat nó bhreathnódh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias, is minic a chonaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon fhear sna seacht bpobail is mó a ghníodh bruithshléacht ná é nuair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar iníon in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta, agus rinne sé an flaisc céanna leis an mbainis deiridh a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon fhear sa teach nach raibh dallta ar meisce
 
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
 
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sách mór aige le déanamh. Féastaí agus éirí amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar rothaí an tsaoil an fhad is a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pínn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. Nuair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
 
Mura ndéana sibh réiteach leis an mbraon fuisce sin, ní riarfaidh sé lucht na sochraide. Níl maith ar bith agaibhse ann, mura ndéana sibh flaisc