1.
an oiread seo leitreacha a chur le chéile i gcruth agus go ndéantar aonad cainnte.
a.
+–
Níor dhúirt mé dhá fhocal cainte leis ariamh; ní dheárna mé dhá fhocal cainte leis ariamh = ní raibh mé ag caint mórán leis
Dheamhan dhá fhocal cainte a bhí ann ar fad = áit a mbeadh troid in ainm agus a bheith ann
TUILLEADH (12) ▼
Níor labhair sé focal liom = níor labhair sé focal ná smid liom
Ní raibh focal as (aige) = ag rádh tada
Níl focal Gaeilge in a phluic
Níor fhan focal cainte aige. Shíl muid go raibh a chnaipe déanta
Níl focal den chaint le fáil uaidh = duine a bheadh dorcha leat, nach mbeadh aon-fhonn cainte air, nó a mbeadh rud aige in t'aghaidh
Níor dhúirt mé focal beag ná mór leis, ach spréach sé fhéin le teann maistínteacht'
Níor chuir sé focal chuige ná uaidh = níor chuir sé araoid ar bith air
Níl focal faoi anois
Níl focal ná smid faoi anois
Níor chuala mé focal ná smid dhó (dhe) go dtí sin
Thug sí corr-fhocal dhó; bhí sí ag coinneál corr-fhocal leis = í ag glaschaint nó ag sciolladh air; mar a bheadh seisean ag tabhairt milleáin di agus ise ag tabhairt corr-ghob dó
Bhí mé indon corr-fhocal Béarla a choinneál leis (a labhairt leis) ach ba fhocal fánach é
·
Go díreach glan! Bhain tú an focal as mo bhéal! = A. ag caint le B. Chuirfeadh B. isteach air agus déarfadh sé an rud a bhí A. le rádh. Chuimhneódh sé gurb shin é an focal a bheadh sé ag dul a rádh agus déarfadh sé fhéin é
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
+–
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
Bíodh an deagh-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
Ní hé an deagh-fhocal a chloisfeas tú as a bhéal
+–
Níl a fhios agam cén t-adhmad a bhainfinn as an bhfocal sin
An-fhocal é sin ag M. = bíonn sé ag tabhairt an fhocail sin isteach in a chuid cainte i gcomhnaí
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr focal uaitse ná míle uaimse
Ná leig aon-fhocal dhe sin amach = bíodh fascadh ionad faoin scéal sin
Tá sé aige focal ar an bhfocal mar a chuala sé é = go díreach mar a chuala sé é
+–
Is mór an focal é sin le rádh. An bhfuil an cur leis ionad?
Is mór an focal le rádh agam é, ach sén fhírinne é. Ní raibh easbaidh scilling ná punt orm ón lá ar phós mé mo bhean
TUILLEADH (3) ▼
D'aithin mé ón (ar [an]) bhfocal adúirt sé nach raibh fonn ar bith air a dhul ann, dhá bhféadadh sé fanacht as
Focal é sin adúirt mé le spóirt
Níl annsin ach focal grinn
+–
Focla do charaid agus claidheamh do námhaid, an dá rud is measa ar bith duit = cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agad, agus cuirfidh sé de do threóir thú
Fiacal con nó focal duine uasail: an dá rud is fealltaí ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
An dá rud is géire amuigh: dealg láibe agus focal amadáin
+–
Chuaigh siad ó fhocal go focal nó gur áitíodar a chéile = bhain focal focal eile amach, nó gur ionnsuíodar ag troid
Thug sé focal ar an bhfocal dom = thug sé cor in aghaidh an choir dhom; beirt ag sáraíocht nó ag troid le chéile
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé siúd indon focal ar an bhfocal a thabhairt duit nó is maith an cainteóir thú
Níl mé indon rud a thógáil focal ar an bhfocal mar sin
b.
+–
Rug an giúistís ar fhocal uirre = rug sé ar theanga uirre; dúirt sí focal eicínt nach raibh aice a rádh agus d'aimsigh an giúistís an focal sin, agus thosuigh sé dhá cur i dteannta faoi
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó's maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí annsiúd agus faobhar orra ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsighe siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé sin go raibh sé ro-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach feacha fhéin nach raibh sé sách beartuithe in a dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
c.
+–
Níor chuir mé cor an fhocail air; níor chuir mé ionntú an fhocail air; níor chuir mé athrú an fhocail air = ceó ar bith bréige ach mar a bhí an scéal; an scéal a innseacht amach gan frapa gan taca mar a bhí sé; gan agús ar bith a chur san scéal, ná bréag ná áibhéil a dhéanamh faoi
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nar leige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
TUILLEADH (4) ▼
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur ionntú an fhocail ar thada. Innseóidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
Bhuel chuir sé athrú an fhocail air thar mar a chuala sé agamsa é. Séard adúirt mise … Tá sin cho siúráilte leis an lá beannuithe
Ná hinnis do scéal d'aonduine. Má innsíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Feacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Níl gnatha tada a innseacht dhi sin, mar cuirfidh sí ionntú an fhocail air. Ní theagann iadhadh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síor-mheilt 'ar ndú', meileann sé mín agus garbh
d.
+–
Bhí siad ag tabhairt cor na bhfocal dhá chéile = ag díbliú a chéile; ní móide go mbeidís ag sciolladh ar a chéile amach agus amach, ach an rud adéarfadh duine d'fhastódh an duine eile é, agus thiúrfadh sé priocadh ar a shon don chéad-duine agus dá réir sin; sáraíocht, argóinteacht
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (3) ▼
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nar éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nar thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
Dhá dteigheadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa, is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
e.
+–
Ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin = rud adéarfá i gcaint nó i sáraíocht, agus bheitheá ag iarraidh an ghaimh nó an bhrí áirid a bheadh leis an rud sin a bhaint as, nó a thláthú anuas, nó a athrú; a dhul siar ar scéal nó ar chaint agus athrú fánach a chur ann
M'anam muise gur thug sé cneamhaire air idtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabhail an fhocail. Ba mhian leis a rádh annsin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneamhaireacht 'ar bith leis
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh a bheith ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhrath sé nachar thaithnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirbhshiúrachaí a raibh d'éadach san teach leo, tharéis na sochraide. Chuir sé luighe eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Len a níochán, agus ní len a choinneál a thug siad leó é. Nach tráthúil! Breá nachar nigh siad é san áit a raibh sé?
f.
+–
Níl modh focail ar bith ag M. = tá sé droch-mheasúil neamúch in a chuid cainte
Ab é S? Tá sé cho neamúch len a bhfaca tú go hiomaí. Níl modh focail ar bith ann
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
g.
+–
Bhain sciorradh focail dom = bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rádh, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Sin sciorradh focail. Seán Thomáis ab áil liom a rádh agus ní hé Seán Chitín
TUILLEADH (6) ▼
Meastú nachar bhain sciorradh focail dom, agus nachar dhúirt mé dhá ghamhain i leabaidh dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
Fhobair an sciorradh focail sin achrainn a tharraint muis. Ba bheag ab aite leis é
Sén sciorradh focail a chuir amú mé. Shíl mé gur tigh J. a chuaigh tú in áit tigh Mh. Tuigim anois thú. Tigh Mh. a shíl tú a rádh
D'eirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rádh, níor mhinic sin
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
2.
a.
+–
Más fear do t'fhocal tú déanfaidh tú anois é = dúirt tú go ndeanfá é; gheall tú go ndéanfá é
Ní fear dhá fhocal é. Níl focal tincéara aige = briseann an tincéara a fhocal; ní choinnigheann sé a fhocal
TUILLEADH (4) ▼
Ní féidir go mbrisfeadh sé a fhocal. Ba tuatach an rud dó sin a dhéanamh
Seas ar t'fhocal anois = ná gabh siar in t'fhocal; ná bris t'fhocal; abair an rud adúirt tú cheana
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. san gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé in a dheidh sin é. Chuaigh sé siar san gcaint
Chuaigh sé thar a fhocal = chuaigh sé siar in a fhocal
+–
M'fhocal duit, níor dhúirt mé ariamh é = dar m'fhocal nár dhúirt mé ariamh é
Dar m'fhocal níl a fhios agam cé a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
M'fhocal duit nach bhfaca mé beag ná mór í
+–
Mo láimh agus m'fhocal duit muis, ba mise a leagfadh air, dhá gcastaí ann mé
Mo láimh agus m'fhocal duit nach bhfuil cianóg ruadh ar m'fháltas
TUILLEADH (2) ▼
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" (As "William Reilly")
Mo láimh agus m'fhocal duit, níl gráinne tobac ag gabhail liom
+–
Tá láimh agus focal eatorra = tá láimh agus focal tugha aca dhá chéile = tá gealladh pósta tugha aca dhá chéile
Thug sé láimh agus focal di, go bhfillfeadh sé len a pósadh = gheall sé di go dílis
TUILLEADH (3) ▼
Tá láimh agus focal tugha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeitheá rómham ag cró na gcaerach". Sin é a fhearacht aice sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaghadh sí a mhalrait
b.
+–
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go goirid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire = dúirt mé leis péire a choinneáil dom, agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
Tá focal agamsa ar bhuidéal poitín i mBaile na C. le dhá mhí agus ní bhfuair mé fós é
TUILLEADH (4) ▼
Séard atá agad a dhéanamh: cuir focal ar thubán anois agus coinneóidh sé dhuit é nuair a gheobhfas sé iad.
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
Tá focal ar laighe agam ach a dteaga siad
Tá sé in am focal a chur ar ghlaicín sprae feasta
+–
Ní bhfuighe tú an coileán sin. Tá sé i bhfocal agamsa cheana = dúirt mé le fear an choileáin é a thabhairt domsa, ach a gcoisctí den mháthair é
Níl aon-ghnatha ag aon-dhuine an bhean sin a iarraidh. Tá sí i bhfocal cheana = tá sí le pósadh le fear áirid
TUILLEADH (3) ▼
Má theastaíonn lucht feamainne uait, anois atá agad a cur i bhfocal, nó beidh tú aiste aríst.
Níl aon-phíopa ag gabhail leis an siopa, ach chuir mé ceann i bhfocal duit ar an dá luath agus a bhfuighidh sé iad. 'Ar ndú is fada é sin. Tá aon-mhí amháin orra ar chaoi ar bith!
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
Féach freisin
Focal in iontrálacha eile (50+)
Is minic leis an gceann céanna an droch-fhocal a bheith aige = cainnt gháirsiúil, nó cúlchainnt faoin gcomharsa
→
faiteach
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
→
fánach
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
Is deacair an sean-fhocal a shárú = bíonn sé ceart i gcomhnaí; is den chríonnacht áird a thabhairt ar an sean-fhocal
Seo é an saoghal a bhfuil a' channdáil ar a bpoitín, dheamhan deor a shroichfeadh duit, mara mbeadh sé i bhfocal agad mí roimh an am.
→
ceal 1
Hubhradh (dubhradh) liomsa an méid sin a rádh, a's tá mé dhá innseacht duit anois, gan cor an fhocail a chuir air, ach léar (de réir) mar chuala mé fhéin é, a's déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl fhios aghamsa, cé'n súisín é.
+
→
cinnire
Marach an sórt cinnire a bhí orainn an oidhche sin, dhéanfadh muid cat as dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar a' bhfeadhain de'n dáréag Black and Tans a bhí ann a changlóchadh aon-fhata le na loiseag aríst. Ach sé'n uair a bhí siad sáinnighthe aghainn a fuagruigheadh orainn imtheacht a's gan drannadh leo(b).
TUILLEADH (1) ▼
Ní mhúinfeadh maighistirí scoile na h-Eairí aon-fhocal foghluim' dó, nuair nach mian leis fhéin tada a thóigeál. 'D'orduigh cinnire congnamh'.
Is beag duine a bhfuil aon-ghnaoi aige, ar a' gcoinicéar sin, a's (d)ar ndóigh ní h-iongnadh é. Cé a chuala an deagh-fhocal as a béal ariamh?
→
cuideáin
InDomhnach chaithfeadh sé a bheith coideáin a's chomh gallda a's chomh galánta a's tá a chuid cainnte. Thar conndae isteach é ar chuma ar bith, a's thiocfadh dhó gur thar tír isteach é. Is maith an Béarlóir é M. Ph. Sh. Mh. a's corr-fhocal a bhí sé a thuiscint uaidh.
→
cuntanós
Bíodh contanás eicínt ionnad fhairis sin, a's labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris deagh-fhocal fiacail ariamh, tá fhios aghad.
→
baile
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
→
bannaí 1
Ach seo bannaí béil daoibh gan focal bréige; Gur fhág mé an chraobh aice ó Mháire Brún (mar sin atá an leath-rann chéadna in "Abhráin a's Dánta an Reachtabhraigh" leis "an gCraoibhín Aoibhinn". Ach tugann sean-anndúirí mar ughdar leis an leath-rann roimhráidhte agamsa, go raibh gacha le ceathramhadh de "Mháire Brún" in Gaedhilge a's i mBéarla a's nach raibh aon-Bhéarla ag Rafteri le "Máirín Stanton" a dhéanamh ar a' nós céadna).
→
beart
Deirimse leat, aindeoin nach raibh foghluim a' bith air, ná focal Béarla in a phluic, gur b'shiúd é 'bhí indon a bheart a tharraingt i Meriocá. Tá 'shliocht air anois; 'sé atá ina shuidhe go te ann léar (de réir) mar chuala mé.
+
→
crinn
M'anam muise gurab shin í an chainnt a chaith sí liomsa, a's dheamhan aithne a bhí uirre, narbh í cnáimh crinnte na fírinne chuile fhocal di.
TUILLEADH (2) ▼
Mhionnuigh sé a's theastuigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhubhairt sé, ach cnámh chrínnte na fírinne ach d'aithneochadh aon-duine beo uirre, go raibh luighe na bréige uirre.
Sháruigh sé siar i mo bhéal gur a' sceithligeadh bréag a bhí mé aindeoin gurb é cnámh chrínnte na fírinne a bhí is chuile fhocal amháin dár dhubhairt mé.
→
críoch
Chuirfeadh an ceann céadna Crích Mhuire thrídh 'na chéile le neart bréag, a's mhionnochthá 'na dheidh sin, mara mbeadh aithne aghad air, gurab í clár na fírinne a bheadh aige le 'chuile fhocal.
→
cuilín
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh a chuaidh ingeallta ach é, 'nuair a thuit an chuilín súighe ar a' bpáipéar. Ach ba bheag a' dochar dó: b'éigean dó tosuighe as a nuadh, a's chuile mhíle focal de'n leitir a scríobhadh aríst.
→
cúl
Nach beag is ionann an uair sin 's anois. Ní fhéadfá aon-fhocal amháin Gaedhilge a labhairt an uair sin ag a' scoil, mara labhruightheá í ar chúla téarmaí. Anois, tá siad dhá mbualadh, má labhruigheann siad aon-Bhéarla.
+
→
beo 1
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor labhair mise focal arrannta le S. ná ní labhrócha an dá lá is beo mé.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise mara gcuire tú i bhfocal anois go beo, tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídighthe aige, go dtí mála amháin.
→
beo 2
Ná cloisimse an focal sin as do bhéal aríst ar do bheo ná ar do mharbh, nó má chloisim, giorrócha mé leat.
Níor dhubhairt mé thar dhá fhocal leis, a's shílfeá gur mó an fonn atá air a dhul sa mbile buaic orm ó shoin.
→
bior
Ní luath (lughar) liom a' sioc ná duine 'mbíonn bior i gcomhnuidhe air, le 'chuile fhocal adéarfas tú a fhastú = tá'n ghráin shaoghalta agham ar dhuine a' bith a bhíos i gcomhnuidhe a' faireadh ar bhrabach a fhaghail ar do chuid cainnte. (a' siodh-mhagadh, nó a' fonóid fút)
+
→
bocht 2
B'fhurast' aithinte ar an imtheacht a bhí faoi, go ndeanfadh sé rud eicínt as a dheire. Is deacair an sean-fhocal a shárú: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfa sé 'un dreabhláis críochnuighthe anois, ó thosuigh sé ar an ól aríst. 'Má theigheann bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain', mar deir a' sean-fhocal.
+
→
brabach
Má fhaghann a' póilidhe aon-bhrabach ar a' méid adéarfas tú, tiocfa 'chuile fhocal de do chuid cainnte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl sé brabach a bhreith orm, a's an focal adubhairt mé 'fhastú.
→
breá
Marach a' nathuighdeoir breagh seo amuigh, ní bheadh focal arrannta a' bith ann ó thús fhéin.
+
→
aibí
Tá sé i gcomhnuidhe abaidh leis an bhfocal = duine a bheadh tráthamhail, a d'fhastóchadh thú, nó gheobhfadh brabach ar do chuid cainnte ar an bpuinnte.
TUILLEADH (2) ▼
Níl goir agad focal a chuir as do bhéal, nach bhfuil seisean abaidh le'n fhocal fhéin le brabach a fhaghail ort = bheadh a fhreagra ar bharr a ghuib aige go tráthamhail le t'aghaidh.}}
Ní leigfeadh sé focal leat go maidin, tá sé chomh h-abuighthe sin.
Níor dhubhairt sé sin focal sibhialta le aon-duine ariamh, le teann brúisceamhlacht' a's droch-(mh)úineadh
Tá'n buailteoir i bhfocal agham, a's gheall sé dhom a theacht indiu, leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dheidh sin, arae tá candáil air, ar an aimsir seo.
+
→
ainm
Tá ainm dé gan fáth agad ar 'chuile dár(n)a focal.
TUILLEADH (1) ▼
Na creid focal uaidh an mbréagadóir, ó's in é 'ainm!
→
amach
Ní raibh sé i bhfad amach ingaol uaim, agus aindeoin sin, níor labhair mé focal cainnte ariamh leis.
+
'Focal a bhainea(nn)s focal eile amach' (sean-fhocal) — focal amháin a tharraingeas an-lear cainnte agus troid go minic.
TUILLEADH (3) ▼
Bhain focal focal eile amach, agus is gearr go raibh an bheirt in adhar a chochaill.
Bhain focal focal eile amach, agus as sin, roinneadar an onóir le chéile = thosuigheadar a' sciolladóireacht ar a chéile.
Bhain focal focal eile amach, agus ba ghearr go raibh sé in a réabadh achrainn (Ba ghearr go raibh an teach in a theine bhruithte, in a rachlas etc).