Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
focal
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: focail
ainmneach iolra: focla
1.
an oiread seo litreacha a chur le chéile i gcruth is go ndéantar aonad cainte.
a.
+
Níor dhúirt mé dhá fhocal cainte leis ariamh; ní dhearna mé dhá fhocal cainte leis ariamh — ní raibh mé ag caint mórán leis
Dheamhan dhá fhocal cainte a bhí ann ar fad — áit a mbeadh troid in ainm is a bheith ann
TUILLEADH (12) ▼
Níor labhair sé focal liom — níor labhair sé focal ná smid liom
Ní raibh focal as (aige) — ag rá tada
Níl focal Gaeilge ina phluic
Níor fhan focal cainte aige. Shíl muid go raibh a chnaipe déanta
Níl focal den chaint le fáil uaidh — duine a bheadh dorcha leat, nach mbeadh aon fhonn cainte air, nó a mbeadh rud aige in t'aghaidh
Níor dhúirt mé focal beag ná mór leis, ach spréach sé fhéin le teann maistínteachta
Níor chuir sé focal chuige ná uaidh — níor chuir sé araoid ar bith air
Níl focal faoi anois
Níl focal ná smid faoi anois
Níor chuala mé focal ná smid dhó (dhe) go dtí sin
Thug sí corrfhocal dhó; bhí sí ag coinneáil corrfhocal leis — í ag glaschaint nó ag sciolladh air; mar a bheadh seisean ag tabhairt milleáin di agus ise ag tabhairt corrghob dó
Bhí mé in ann corrfhocal Béarla a choinneáil leis (a labhairt leis) ach ba fhocal fánach é
·
Go díreach glan! Bhain tú an focal as mo bhéal! — A. ag caint le B. Chuirfeadh B. isteach air agus déarfadh sé an rud a bhí A. le rá. Chuimhneodh sé gurb in é an focal a bheadh sé ag dul a rá agus déarfadh sé fhéin é
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
+
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
Bíodh an dea-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
Ní hé an dea-fhocal a chloisfeas tú as a bhéal
+
Níl a fhios agam cén t-adhmad a bhainfinn as an bhfocal sin
An-fhocal é sin ag M. — bíonn sé ag tabhairt an fhocail sin isteach ina chuid cainte i gcónaí
TUILLEADH (3) ▼
Is fhearr focal uaitse ná míle uaimse
Ná lig aon fhocal dhe sin amach — bíodh foscadh ionat faoin scéal sin
Tá sé aige focal ar an bhfocal mar a chuala sé é — go díreach mar a chuala sé é
+
Is mór an focal é sin le rá. An bhfuil an cur leis ionat?
Is mór an focal le rá agam é, ach 'sé an fhírinne é. Ní raibh easpa scilling ná punt orm ón lá ar phós mé mo bhean
TUILLEADH (3) ▼
D'aithin mé ón (ar an) bhfocal adúirt sé nach raibh fonn ar bith air a dhul ann, dhá bhféadadh sé fanacht as
Focal é sin adúirt mé le spóirt
Níl ansin ach focal grinn
+
Focla do charaid agus claíomh do namhaid, an dá rud is measa ar bith duit — cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agat, agus cuirfidh sé de do threoir thú
Fiacal con nó focal duine uasail: an dá rud is fealltaí ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
An dá rud is géire amuigh: dealg láibe agus focal amadáin
+
Chuaigh siad ó fhocal go focal nó gur áitíodar a chéile — bhain focal focal eile amach, nó gur ionsaíodar ag troid
Thug sé focal ar an bhfocal dom — thug sé cor in aghaidh an choir dhom; beirt ag sáraíocht nó ag troid le chéile
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé siúd in ann focal ar an bhfocal a thabhairt duit nó is maith an cainteoir thú
Níl mé in ann rud a thógáil focal ar an bhfocal mar sin
b.
+
Rug an giúistís ar fhocal uirthi — rug sé ar theanga uirthi; dúirt sí focal eicínt nach raibh aici a rá agus d'aimsigh an giúistís an focal sin agus thosaigh sé dhá cur i dteannta faoi
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó is maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí ansiúd agus faobhar orthu ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsí siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé sin go raibh sé ró-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach féacha fhéin nach raibh sé sách beartaithe ina dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
Níl aon chabhnsailéara istigh i nGaillimh in ann breith ar fhocal uirthi siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
c.
+
Níor chuir mé cor an fhocail air; níor chuir mé iontú an fhocail air; níor chuir mé athrú an fhocail air — ceo ar bith bréige ach mar a bhí an scéal; an scéal a inseacht amach gan frapa gan taca mar a bhí sé; gan agús ar bith a chur sa scéal, ná bréag ná áibhéil a dhéanamh faoi
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nár lige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
TUILLEADH (4) ▼
Ní duine é Seán a ghabhfadh ag cur iontú an fhocail ar thada. Inseoidh sé a scéal duit go baileach gan baint dó ná cur leis
Bhuel chuir sé athrú an fhocail air thar mar a chuala sé agamsa é. Séard adúirt mise … Tá sin chomh siúráilte leis an lá beannaithe
Ná hinis do scéal d'aon duine. Má insíonn gabhfaidh cor an fhocail air. Nach air sin atá daoine ag faire. Beannacht Dé dhuit! Féacha a gcloiseann tú de luaidreáin chuile lá
Níl gnaithe tada a inseacht dhi sin mar cuirfidh sí iontú an fhocail air. Ní theagann iamh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síormheilt ar ndóigh, meileann sé mín agus garbh
d.
+
Bhí siad ag tabhairt cor na bhfocal dhá chéile — ag díbliú a chéile; ní móide go mbeidís ag sciolladh ar a chéile amach is amach, ach an rud adéarfadh duine d'fhostódh an duine eile é agus thabharfadh sé priocadh ar a shon don chéad duine agus dá réir sin; sáraíocht, argóinteacht
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (3) ▼
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nár éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nár thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosaigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis nár thosaigh dhá ghreasáil. Dheamhan greasáil muis. 'Sé an chaoi ar thosaigh sé ag gáirí
Dhá dtéadh sé ag tabhairt cor na bhfocal domsa is aige a bheadh an ceann salach den mhaide. Bíonn mo theanga ar mo chomhairle fhéin agamsa scaití freisin.
e.
+
Ag gabháil an fhocail a bhí sé an uair sin — rud adéarfá i gcaint nó i sáraíocht, agus bheifeá ag iarraidh an ghoimh nó an bhrí áirid a bheadh leis an rud sin a bhaint as, nó a thláthú anuas, nó a athrú; a dhul siar ar scéal nó ar chaint agus athrú fánach a chur ann
M'anam muise gur thug sé cneámhaire air i dtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabháil an fhocail. Ba mhian leis a rá ansin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneámhaireacht 'ar bith leis
TUILLEADH (1) ▼
Ag iarraidh a bheith ag gabháil an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhraith sé nár thaitnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirfiúrachaí a raibh d'éadach sa teach leo thar éis na sochraide. Chuir sé luí eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Lena níochán, agus ní lena choinneáil a thug siad leo é. Nach tráthúil! Breá nár nigh siad é san áit a raibh sé?
f.
+
Níl modh focail ar bith ag M. — tá sé drochmheasúil neamúch ina chuid cainte
Ab é S? Tá sé chomh neamúch lena bhfaca tú go hiomaí. Níl modh focail ar bith ann
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
g.
+
Bhain sciorradh focail dom — bhí mé ag iarraidh focal nó rud áirid a rá, ach focal nó rud eile adúirt mé; dúirt mé rud nach raibh cuibhiúil nó feiliúnach de dhearmad
Sin sciorradh focail. Seán Thomáis ab áil liom a rá agus ní hé Seán Chitín
TUILLEADH (6) ▼
Meas tú nár bhain sciorradh focail dom agus nár dhúirt mé dhá ghamhain i leaba dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
Fhóbair an sciorradh focail sin achrainn a tharraingt muis. Ba bheag ab aite leis é
'Sé an sciorradh focail a chuir amú mé. Shíl mé gur tigh J. a chuaigh tú in áit tigh Mh. Tuigim anois thú. Tigh Mh. a shíl tú a rá
D'éirigh sciorradh focail dó agus sin é adúirt sé, ach go deimhin níor mhinic leis an gceann céanna an chuibhiúlacht a rá, níor mhinic sin
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
2.
a.
+
Más fear do t'fhocal tú déanfaidh tú anois é — dúirt tú go ndéanfá é; gheall tú go ndéanfá é
Ní fear dhá fhocal é. Níl focal tincéara aige — briseann an tincéara a fhocal; ní choinníonn sé a fhocal
TUILLEADH (4) ▼
Ní féidir go mbrisfeadh sé a fhocal. Ba tútach an rud dó sin a dhéanamh
Seas ar t'fhocal anois — ná gabh siar in t'fhocal; ná bris t'fhocal; abair an rud adúirt tú cheana
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. sa gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé ina dhiaidh sin é. Chuaigh sé siar sa gcaint
Chuaigh sé thar a fhocal — chuaigh sé siar ina fhocal
+
M'fhocal duit, níor dhúirt mé ariamh é; dar m'fhocal nár dhúirt mé ariamh é
Dar m'fhocal, níl a fhios agam cé a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
M'fhocal duit nach bhfaca mé beag ná mór í
+
Mo láimh agus m'fhocal duit muis, ba mise a leagfadh air dhá gcastaí ann mé
Mo láimh agus m'fhocal duit nach bhfuil cianóg rua ar m'fháltas
TUILLEADH (2) ▼
"Mo láimh agus m'fhocal duit a William Reilly ba deas a leigheasfainn do bhrón" As William Reilly
Mo láimh agus m'fhocal duit, níl gráinne tobac ag gabháil liom
+
Tá láimh agus focal eatarthu — tá láimh agus focal tugtha acu dhá chéile; tá gealladh pósta tugtha acu dhá chéile
Thug sé láimh agus focal di go bhfillfeadh sé lena pósadh — gheall sé di go dílis
TUILLEADH (3) ▼
Tá láimh agus focal tugtha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeifeá romham ag cró na gcaorach". Sin é a fhearacht aici sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaigheadh sí a mhalrait
b.
+
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go gairid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire — dúirt mé leis péire a choinneáil dom agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
Tá focal agamsa ar bhuidéal poitín i mBaile na C. le dhá mhí agus ní bhfuair mé fós é
TUILLEADH (4) ▼
Séard atá agat a dhéanamh: cuir focal ar thobán anois agus coinneoidh sé dhuit é nuair a gheobhas sé iad.
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
Tá focal ar láí agam ach a dteaga siad
Tá sé in am focal a chur ar ghlaicín sprae feasta
+
Ní bhfaighidh tú an coileán sin. Tá sé i bhfocal agamsa cheana — dúirt mé le fear an choileáin é a thabhairt domsa ach a gcoisctí den mháthair é
Níl aon ghnaithe ag aon dhuine an bhean sin a iarraidh. Tá sí i bhfocal cheana — tá sí le pósadh le fear áirid
TUILLEADH (3) ▼
Má theastaíonn lucht feamainne uait, anois atá agat a cur i bhfocal, nó beidh tú aisti aríst.
Níl aon phíopa ag gabháil leis an siopa, ach chuir mé ceann i bhfocal duit ar an dá luath is a bhfaighidh sé iad. Ar ndóigh is fada é sin. Tá aon mhí amháin orthu ar chaoi ar bith!
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil

Féach freisin

focal in iontrálacha eile (50+)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
 
Fágfaidh mise másaí tinne agat má chloisim an focal sin uait aríst — léasfaidh mé thú
 
D'fhága an fuacht gan focal cainte é
 
Níl focal dá fhánaí dhá n-abrófá as do bhéal nach gcaithfeadh sé chuile údar a fháil faoi
 
Seo é an saol a bhfuil an chantáil ar an bpoitín, dheamhan deoir a shroichfeadh duit mura mbeadh sé i bhfocal agat mí roimh an am.
 
ceal 1
Húradh (dúradh) liomsa an méid sin a rá agus tá mé dhá inseacht duit anois, gan cor an fhocail a chur air ach léar (de réir) mar a chuala mé fhéin é, agus déan thú fhéin do rogha ceal di. Níl a fhios agamsa cén súisín é.
+
Murach an sórt cinnire a bhí orainn an oíche sin, dhéanfadh muid cat is dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar an bhfeadhain den dáréag Black and Tans a bhí ann a changlódh aon fhata lena luiseag aríst. Ach 'sé an uair a bhí siad sáinnithe againn a fuagraíodh orainn imeacht agus gan drannadh leob.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
 
Is beag duine a bhfuil aon ghnaoi aige ar an gcoinicéar sin, agus ar ndóigh ní hionadh é. Cé a chuala an dea-fhocal as a béal ariamh?
 
conán
Conán breá sásta é. Dheamhan focal aranta adéarfadh sé le aon duine choíchin.
 
Bíodh cuntanós eicínt ionat thairis sin, agus labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris dea-fhocal fiacail ariamh, tá a fhios agat.
 
bannaí 1
Ach seo bannaí béil daoibh gan focal bréige; Gur fhág mé an chraobh aici ó Mháire Brún (mar sin atá an leathrann chéanna in Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh leis an gCraoibhín Aoibhinn. Ach tugann seanfhondúirí mar údar leis an leathrann roimhráite agamsa go raibh gacha le ceathrú de Mháire Brún i nGaeilge agus i mBéarla agus nach raibh aon Bhéarla ag Raiftearaí le Máirín Stanton a dhéanamh ar an nós céanna).
 
beart
Deirimse leat, ainneoin nach raibh foghlaim ar bith air, ná focal Béarla ina phluic, gurb úd é a bhí in ann a bheart a tharraingt i Meiriceá. Tá a shliocht air anois; 'sé atá ina shuí go te ann léar (de réir) mar a chuala mé.
+
crinn
M'anam muise gurb in í an chaint a chaith sí liomsa, agus dheamhan aithne a bhí uirthi nárbh í cnáimh crinnte na fírinne chuile fhocal di
TUILLEADH (2) ▼
Mhionnaigh sé agus theastaigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhúirt sé ach cnámh chrinnte na fírinne, ach d'aithneodh aon duine beo uirthi go raibh luí na bréige uirthi.
Sháraigh sé siar i mo bhéal gur ag scilligeadh bréag a bhí mé, ainneoin gurb é cnámh chrinnte na fírinne a bhí i chuile fhocal amháin dár dhúirt mé.
 
Chuirfeadh an ceann céanna Crígh Mhuire thrína chéile le neart bréag, agus mhionnofá ina dhiaidh sin, mura mbeadh aithne agat air, gurb í clár na fírinne a bheadh aige le chuile fhocal.
 
Ní fhaca tú aon fhear ariamh a chuaigh i ngeallta ach é nuair a thit an chuilín súí ar an bpáipéar. Ach ba bheag an dochar dó: b'éigean dó tosaí as a nua, agus chuile mhíle focal den litir a scríobh aríst.
 
cúl
Nach beag is ionann an uair sin is anois. Ní fhéadfá aon fhocal amháin Gaeilge a labhairt an uair sin ag an scoil, mura labhraíteá í ar chúla téarmaí. Anois, tá siad dhá mbualadh má labhraíonn siad aon Bhéarla.
+
beo 1
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor labhair mise focal aranta le S. ná ní labhróidh an dá lá is beo mé.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise mura gcuire tú i bhfocal anois go beo tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídithe aige go dtí mála amháin.
 
beo 2
Ná cloisimse an focal sin as do bhéal aríst ar do bheo ná ar do mharbh, nó má chloisim, giorróidh mé leat.
 
Níor dhúirt mé thar dhá fhocal leis agus shílfeá gur mó an fonn atá air a dhul sa mbile buaic orm ó shin.
 
Bíonn na cluasa bioraithe i gcónaí aige agus ní ligeann sé focal ar bith uaidh.
 
bior
Ní luath (luar) liom an sioc ná duine a mbíonn bior i gcónaí air le chuile fhocal adéarfas tú a fhostú — tá an ghráin shaolta agam ar dhuine ar bith a bhíos i gcónaí ag faire ar bhrabach a fháil ar do chuid cainte. (ag mhagadh, nó ag fonóid fút)
+
Má fhaigheann an póilí aon bhrabach ar an méid adéarfas tú, tiocfaidh chuile fhocal de do chuid cainte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl sé brabach a bhreith orm agus an focal adúirt mé 'fhostú.
 
Ainneoin gur thugadar láimh is focal dá chéile, tá an brachán dóirtithe.
 
breá
Murach an nathaíodóir breá seo amuigh, ní bheadh focal aranta ar bith ann ó thús fhéin.
 
bruach
Bhí bruach eicínt anocht air, arae ní raibh focal den chaint aige.
+
aibí
Tá sé i gcónaí abaidh leis an bhfocal — duine a bheadh tráthúil, a d'fhostódh thú, nó a gheobhadh brabach ar do chuid cainte ar an bpointe.
TUILLEADH (2) ▼
Níl gair agat focal a chur as do bhéal nach bhfuil seisean abaidh lena fhocal fhéin le brabach a fháil ort — bheadh a fhreagra ar bharr a ghoib aige go tráthúil le t'aghaidh.
Ní ligfeadh sé focal leat go maidin, tá sé chomh habaithe sin.
 
Níor dhúirt sé sin focal sibhialta le aon duine ariamh, le teann brúisciúlachta agus drochmhúineadh
 
Tá an buailteoir i bhfocal agam agus gheall sé dhom a theacht inniu leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dhiaidh sin, arae tá cantáil air ar an aimsir seo
 
burla
Níl focal den chaint le baint as an mburla sin anois.
 
Níor tháinig aon fhocal as a bhéal ariamh ach áibhéil.
+
ainm
Tá ainm Dé gan fáth agat ar chuile dar(n)a focal.
TUILLEADH (1) ▼
Na creid focal uaidh an mbréagadóir, ós in é a ainm!
 
amach
Ní raibh sé i bhfad amach i ngaol uaim, agus ainneoin sin, níor labhair mé focal cainte ariamh leis.
+
'Focal a bhaineanns focal eile amach' (seanfhocal) — focal amháin a tharraingeas an-lear cainte agus troid go minic
TUILLEADH (3) ▼
Bhain focal focal eile amach agus is gearr go raibh an bheirt in oighear an chochaill.
Bhain focal focal eile amach agus as sin, roinneadar an onóir le chéile — thosaíodar an sciolladóireacht ar a chéile.
Bhain focal focal eile amach agus ba ghearr go raibh sé ina réabadh achrainn (Ba ghearr go raibh an teach ina thine bhruite, ina rachlas srl.)
 
Ní fhéadfá oiread agus focal dhá chuid Gaeilge a dhéanamh amach.
+
Má fhaightear amach bréagach thú, ní chreidfear aon fhocal uait aríst le do ló.
TUILLEADH (1) ▼
Ná faighimse focal eile amach in do dhiaidh aríst go deo, ar mhaithe leat fhéin.
 
Bhain sciorradh focail dom agus thug mé an leasainm air — níor chuimhnigh mé orm fhéin gur thug mé a leasainm air.
+
Lig sé amach chuile fhocal dár chuala sé, théis gur chuir mé parúl air gan caintiú air le aon duine.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága sé an focal fhéin nár lig sé amach — an cabaire.