Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fonn
Ainm-fhocal; Fireann
Geiniúnach Uathaidh agus Ainmneach Iolraidh: fuínn (/fīɴ′/)
ní bhíonn claochlódh tuisil ar an bhfocal san gcéill seo (2).
1.
amhrán, ceól, guth.
+
"Fonn, féile, agus filíocht: sin trí ní nach féidir a fhólaim" = ní mór do dhuine a dtabhairt leis ó bhroinn
Ná bac le mo chuid amhráin-sa. Níor dhúirt mé aon-amhrán i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ní féidir fonn a fhólaim, adeir siad. Fonn, féile agus filíocht: sin trí rud nach bhfuil aon-ghoir ag duine a fhólaim
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcuireadh sé bun a bhundúin amach ag iarraidh amhrán a rádh chinnfeadh air. Ní féidir fonn féile ná filíocht a fhólaim. Sin rudaí a ghreamaíos do dhuine ó shinsir.
+
Níl aon-fhonn agam, agus níl aon-mhaith duit liom = guth; ceól
Ba cheart duitse fonn a bheith agad bail ó Dhia ort, nó chuaigh tú in aghaidh dúchais. Sheasfadh duine san sneachta ag éisteacht le do mháthair
TUILLEADH (2) ▼
Cheal nach bhfuil aon-fhonn agad? Tá tú cho dona liom fhéin mar sin. Dhá chárta in aon-traghas muid
Bhí na hamhráin ag rith leó sin. Ní raibh duine ar an bhfeáin aca nach raibh fonn aige
+
Tá sé ag gabhail fhuínn = ag rádh amhráin (agus ag cur cheoil leis) (Is annamh adeirtear amhránaíocht i nGaillimh. "Ag gabhail fhuínn nó "ag fonnadóireacht" i gcomhnaí: /ə ɡō l′īɴ′/)
An bhfuil aon-rath ort ag gabhail fhuinn?
TUILLEADH (11) ▼
Bhí sé ag gabhail fhuinn cho hárd agus a bhí in a cheann
Shíl mé go gcuirfeadh sé a luth amach ag gabhail fhuínn.
Réitigh sé a sceadamán le dhul ag gabhail fhuinn (ag gabhail fhuinn: Achréidh /ə ɡō l′əɴ′/)
Teirigh ag gabhail fhuinn anois mar a dhéanfadh fear. Déan!
Thug sé an "sway" leis as 'chuile cheáird ag gabhail fhuinn
Chuirfeadh sé na cuacha 'chodladh ag gabhail fhuinn
Feicthear dhom gur beag an frae é ag gabhail fhuinn
Cén mheas a bhí agad ar an ngabhail fhuinn sin? = ar an amhrán nó na hamhráin
Shanntuigh mé a dhul ag gabhail fhuinn = tháinig fonn orm a dhul
Ní raibh aon-chúis leis an ngabhail fhuinn san séipéal inniu
Ar an ngabhail fhuinn a tháinig mé isteach = le linn
+
Bhí spéice fuínn aca = bhí siad ag gabhail fhuínn, nó ag casadh poirt
Croch suas spéice fuínn = abair amhrán
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh a fhios agam faoi sheacht ranna na néal cé a bhí ag teacht aníos an bóithrín agus spéice fuínn thuas aige. Sin é an uair a chuimhnigh mé ar an gcailín báire
Ní chasfaí spéice fuinn ar bith agad! Má tá, anois atá agad cur díot. Má chloiseann sé seo istigh amhrán ag dul thar a theach, spréachfaidh sé, agus gheobhaidh tú spóirt air
Croch suas strionncán fuínn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Cho maith agus nach bhfuil aon-amhrán agad! Tá lán mála agad agus sriogán (sreangán) cuachóige air!
Abair amach "stave" fuínn! Ná tabhair le rádh don dream anoir é. Tá siad ag grágaíl annsin i gcaitheamh na hoíche
Sén rún a bhí ag N. "stave" fuínn a rádh marach gur bacadh é. An bhfaca tú tórradh ar bith ariamh nach mbeadh sé ag iarraidh a dhul ar na hamhráin? Má chonnaic muis, ba tórradh ghortach í
Croch suas stéibh fuínn. Maith' fear! 'Ar ndú' ní náire atá ort. Bí cho teann annseo agus a bheitheá agad fhéin
+
Bíonn fonn le fonn agus fonn le mí-fhonn = deirtear amhráin agus gan fonn ar bith ar lucht a ráite a rádh; agus deireann daoine eile iad as lán-chroí agus meanmna; déanann daoine rudaí agus fonn a gcroí orra a ndéanamh, ach in aghaidh a dtolach a níos daoine eile iad (magadh focail san leagan: fonn ciall a 1 agus fonn ciall a 2, fearacht "an té nach bhfuil aon-ghuth aige ná bíodh aon-ghubh (fuaim guth) agaibh air" etc.)
Bíonn fonn le fonn, adeir siad agus fonn le mí-fhonn. Dhá n-abruínnse amhrán anois ba é an fonn le mí-fhonn é. Níl mé ar mo mhian fhéin ar chuma eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Rinne mé stróic bheag oibre ach ba in aghaidh mo tholach é. Bíonn fonn le fonn, adeir siad agus fonn le mí-fhonn
Dar príosta muise cuid den dream a chuaigh siar annsin inniu ag tarraint na gclocha sin ag an sagart, ní dhá ndeóin a chuaigh siad ann. Ach bhí cuid eile aca agus fonn mór orra. Sin é an chaoi a mbíonn sé: bíonn fonn le fonn, agus fonn le mí-fhonn
Gaibhtear fonn le fonn agus fonn le mí-fhonn, adéarfaidís. Ba shin é a fhearacht agamsa inniu é. Bhí mé ag obair, agus beagán dhá fhonn orm
2.
mian, díocas, spleódar, rún, intinn, luighe.
a.
+
Tá fonn orm a dhul abhaile = mian
Níl aon-fhonn air a dhéanamh
TUILLEADH (12) ▼
An rud a bhfuil fonn ar dhuine a dhéanamh tiocfaidh sé go réidh dhó
Is beag an fonn a bhí air a dhul abhaile
Dhá laghad fonn agus atá air (dhá laghad fonn é) móin a bhaint is fhearr leis é in a dheidh [sin] ná imeacht
Is mó an fonn go mór a bhí ar an gceann eile mé a ionnsaí ná ar an bhfear ar thug mé tsiocair dó
D'aithneóinn ón (ar; leis) bhfonn a bhí air imeacht, gur ag ól a bhí sí ag dul
Leis an bhfonn atá air a bheith ag obair, maróidh sé é féin
Is beag an dochar dhó tinneas a bheith air, leis an bhfonn atá air fanacht amuigh droch-laethantaí
Tá fonn mór air pósadh = tá an-fhonn air
Bhí fonn thar cionn air a dhul ag troid = an-fhonn go deó
Tá fonn mór uirre sin rud a fhólaim go deimhin!
Fataí a chur ab ea! Tá fonn mór ort go deimhin!
Tá an dubh-fhonn air a bheith ag iascach
+
Tháinig fonn orm (bhuail fonn mé) a dhul agus iarraidh a thabhairt dó
Bhí an chaint a bhí aige ag cur fonn orm é a mharú, ach d'éist mé leis in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag cur fonn orm a dhul ag ól le do chuid cainte
·
Is maith an fear oibre an fonn = sé leath na hoibre má bhíonn fonn a déanta ar dhuine
Chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air (fc. dul)
+
Bhí sé idir fonn agus faitíos = bhí fonn air an rud a dhéanamh, ach bhí faitíos air
Bhí mé idir fonn agus faitíos. Dhá n-ólainn bhí a fhios agam go maith gur mhór a mhillfeadh sé fúm, agus bhí mo theanga bheag amuigh dhá uireasa in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an oíche idir fonn agus faitíos: ag brath bleid a bhualadh uirre chuile phuinnte, agus faitíos orm dá ndéanainn go mbuailfeadh sí ar an bpus mé
+
Rinne mé é ar bheagán fonn = gan mórán d'fhonn a dhéanta orm
Chuaigh sé ann agus é ar bheagán fonn (ar bheagán dhá fhonn a dhul ann)
TUILLEADH (4) ▼
Maróidh sé é féin le teann fonn damhsa
Tá sí caillte le fonn a dhul Baile Átha Cliath
Tá déidín tuithe aice le fonn cuartaíocht
Tá bís air le fonn a theacht annseo
+
Mara ndéana duine an rud le fonn, eiríodh sé as = agus fonn a dhéanta air; le spleódar
"Ní thiúrfainn mó láimh dhuit go deó deó le fonn" (líne d'amhrán)
TUILLEADH (8) ▼
An ndéanfaidh mé é? Déanfaidh a mh'anam agus le fonn
Mara ndéana sé le fonn é, déanfaidh sé le mí-fhonn é = déanfaidh sé é, más olc maith leis é
Rinne sé é le corp fonn = bhí an-fhonn air dhá dhéanamh
Gabhfaidh mé ann le lán-fhonn = gabhfaidh mé ann go rí-fhonnmhar
Déarfaidh mise leis le lán-fhonn é. Tuige nach ndéarfainn?
Phósfadh sé anois í le lán-fhonn dhá mbeadh sí le fáil aige, ach níl
Ní dhéanfaidh mé le fonn ná le mí-fhonn é. Déan é más breá leat. An uair deireadh a ndeárna mé é, tá a fhios agam cén buíochas a bhí orm
D'fhágfadh sé an teach ab ea? M'anam gurb é d'fhágfadh — agus le fonn
+
Cén mhaith dhomsa a bheith ag sáraíocht le fear gan fonn (damhsa, óil, grian, cainte, suirghe, agus rl.).
Chaithfeadh sé go bhfuair sé gan fonn (cúirtéarachta) anocht í, agus a theacht abhaile cho luath seo
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé mar is minic leis a bheith: gan fonn = tá sé gruamánta, duairc
Bíonn sé i gcomhnaí mar sin chuile mhaidin: gan fonn ar bith, ach leath-anglánta
"Ag roinnt do chuid óil ar mhná óga gan fonn" (líne as amhrán)
Gan aon-fhonn an rud a dhéanamh: sin é atá air
Gan aon-fhonn a dhul ann, atá sé. Marach sin bheadh neart cainnte aige
+
Tháinig fonn óil (spraoi, troda, codlata, oibre, ceóil, siúil, pósta, etc.) orm = bhuail fonn a dhul ag ól mé
D'airigh mé fonn múisc ag teacht orm fhéin
TUILLEADH (34) ▼
Tá fonn oilc ag teacht ort, an bhfuil?
Fonn luighe atá ag teacht orm
Chuir sé fonn troda orm, len a raibh de bhollaireacht aige
An bhfeiceann tú an fear sin thoir san ngarraí. Feacha an stolladh rómhair atá air! Nach gcuirfeadh sé fonn oibre ar fhear ar bith beó!
Chuir na fataí fonn codlata orm
Is beag nachar chuir an píopa fonn múisc orm = fonn urlacain a bheith ag teacht ort; fonn cur amach
Cuirfidh sin fonn achrainn air
'Ar ndú ní fonn cur amach atá ort
Shílfeá go bhfuil fonn spraoi air
Is mór an fonn damhsa atá oraibh seachas a bhfuil san tír!
Tá sé in am agad fonn eirí a bheith feasta ort agus é an dó a chlog san ló
Níl aon-fhonn maitheasa air. Is furasta aithinte ar a shearradh agus ar a shíneadh é = fonn oibre
Fonn maitheasa ar T. go deimhin! Fuair tú amach é muis
Shílfeá gur fonn oilc atá ort = cosúlacht go dtosódh sé ag troid nó ag sciolladh nó go dtiocfadh fearg air
Shílfeá gur mó an fonn oilc a bhí air gur iarr mé chor ar bith air é
Níl aon-fhonn Gaillimhe orm na laethantaí seo = fonn a dhul
Is beag an fonn Aifrinn a bhíos air
Ní fear é a mbíonn aon-fhonn cladaigh air = fonn a dhul chuig an gcladach (ag tógáil nó ag baint fheamainne)
Níl aon-fhonn portaigh orm inniu = fonn a dhul ar an bportach
Nach ort atá an fonn magaidh! = duine ag tosuighe ag magadh fút
Níl aon-fhonn pósta air
Níl aon-fhonn fanacht uirre
Níl fonn a hite orm
Is beag an fonn nathaíochta atá air anocht
Diabhal a bhfaca mé an oiread fonn eirí in áirde orra ariamh agus atá anois
Is cosúil nach raibh fonn a dhéanta air = fonn é a dhéanamh
Má tá fonn teacht air (fonn a theacht abhaile, a theacht annseo ar cuairt, ar bhainis etc.), tiocfaidh sé, agus mara dteaga fhéin ní bheidh aon-leathtaoille ar a cailleadh uainn dhá uireasa
Tá an-fhonn cainnte ort bail ó Dhia ort
Droch-rath air, maran air atá an fonn siúlóide!
Nach aice atá an fonn coinneál' air, nach dtiúrfadh abhaile é, agus a leas bainte aice as
Níl aon-fhonn earraigh air = fonn a dhul ag déanamh obair an Earraigh .i. treabhadh agus fuirseadh etc.
Tuige a bhfuil sé ag fágáil na mbearnachaí leagha. 'Ar ndú tá: d'uireasa fonn oibre = níl aon-fhonn oibre air
D'fhága mé trí phionnta in mo dhiaidh, d'uireasa aon-fhonn óil a bheith orm
Chuaigh mé suas a chodladh cheal aon-fhonn cainte a bheith orm = de bharr nach raibh aon-fhonn cainte orm
+
Tá fonn a chroí air a bheith ag cipiléaracht leis mar sin
Bíonn fonn a chroí air a theacht annseo = an-fhonn
TUILLEADH (2) ▼
Tá fonn a gcroí orra a bheith imithe as
Tá fonn an domhain (fonn an tsaoil, an-fhonn go héag, fonn millteach, fonn diabhalta, an-fhonn go brách, etc.) air a bheith ag báireóireacht
+
Tá an-fhonn isteach ar na cearca sin = fonn a thiacht isteach san teach
D'imigh an fonn-amach dó ó buaileadh é = fonn a bheith ag imeacht ar na bóithre etc.
TUILLEADH (3) ▼
Teirigh síos ann (san teach) thú fhéin. Níl aon-fhonn-síos ormsa anocht
Ní ghabhfaidh mé siar ann. Níl aon-fhonn siar orm
Tá an-fhonn imeacht ort shílfeá
b.
+
Is beag dhá fhonn atá air tada a dhéanamh (cuirtear an a — dhá — shealbhach seo isteach go minic mar chineál réamhtheachtaí don chuid dheireadh don abairt ("tada a dhéanamh"); nó tugann sé comharaíocht ar rud adéarfaí roimhe sin)
Rinne sé é, ach ba bheag dhá fhonn a bhí air
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé dhom é, ach dheamhan mórán dhá fhonn a bhí air
Ní mórán dhá fhonn a bhéas air, má chaitheann sé eirí
+
Níl d'fhonn orm a dhul ann, ach nuair a fheicim chuile dhuine ag dul ann, tá sé cho maith dhom a bheith in mo chách ar aithrist = níl mórán fonn orm a dhul ann
Ní raibh d'fhonn air tada a dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Níl thairis sin d'fhonn air fanacht shílfeá = is beag fonn atá air fanacht
Shílfeá go mbeadh fonn thairis sin air rud a dhéanamh
+
Ní thiocfainn beag ná mór ach d'fhonn a bheith in éindigh libse = le fonn a bheith in éindigh libse; de ghrádh a bheith; de dhúil a bheith
D'fhonn é a fheiceál a chuaigh mé ann
TUILLEADH (3) ▼
Ní d'fhonn aon-mhaith a dhéanamh d'aon-duine atá sé ar chaoi ar bith
Chaith sé an lá ag bladar liom d'fhonn mé a thiúirt (a thabhairt) in éindigh leis, ach ba bheag an baol orm, a mhaisce
Ní d'fhonn aon-dochar a dhéanamh do Sheán adúirt sé chor ar bith é ach d'fhonn an ceann eile a shaghdadh.
+
Bhí sé beag-fhonn anocht = gan mórán fonn cainte spraoi, oibre etc, "not in form"
Dá mbeitheá cho beag-fhonn (cho beag a fhonn?) agus atá mise, ní mórán gáire a bheadh agad
TUILLEADH (2) ▼
Is aoibhinn dó agus cho beag a fhonn oibre agus atá sé = is aoibhinn dó agus a laghad fonn oibre agus atá air
Dhá mbeitheá cho beag a fhonn damhsa agus atá mise, is fada go ngabhfá chúig mhíle ag damhsa

Fonn in iontrálacha eile (50+)

+
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air in a dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air (fc. "fonn" agus "téigh ar")
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
 
focal
D'aithin mé ón (ar [an]) bhfocal adúirt sé nach raibh fonn ar bith air a dhul ann, dhá bhféadadh sé fanacht as
 
Shílfeá go mbadh chosamhail é, le fear a bheadh ar a chaomhamhaint. Dheamhan fonn a' bith a bhí air aon-duine a thaobhachtáil a's dhá bhfeiceadh sé aon-duine a' teacht, d'imtheochadh sé as a' mbealach. Duine é 'tháinic as cathadh eicínt dhá mbeadh a' saoghal a' cainnt.
 
ceal 1
Dhéanfadh sé é, dá bhféadadh sé é. Ní cheal fonn atá air ach cheal misnigh.
 
Níl cló-stiúrtha ar bith ar na scoláirí atá a' gabhail chuig an scoil seo thíos, ó tháinic a' philibín de mháighistir nuadh seo ann. Neart bata nar mhór dóbhtha sin le na gceannsú. Tá an domhnuidheacht slat síos 'sna rosáin sin thíos, dá mbeadh fonn air iad a bhaint. Níorbh fhearr sa mbealach iad.
 
Sin é an chaoi 'mbíonn sé. Ní hé an té is mó a ndéanfa tú cumaoin dó, is mó a mbeidh fonn air cúitiú leat chor a' bith.
+
Tá Seán sin chomh bastalach a's an oiread cóipís' aige, a's go gcuirfeadh sé fonn múisc' ort a bheith ag éisteacht leis.
TUILLEADH (1) ▼
Ar a' gcóipís sin anois a chaith sé an oidhche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm, scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheire.
+
baile
Is gearr ó bhaile an mhóin, má tá fonn uirre a dhul 'na coinne.
TUILLEADH (2) ▼
Ní i bhfad ó bhaile a bhí muide, dhá mbeadh fonn air cuireadh a thiubhairt dúinn.
Is fada ó bhaile a thiocfadh duine, nuair a bhuailfeadh meanmna mná é = thiocfadh duine aistear fada, nuair a bheadh fonn suirghe air.
+
bannaí 1
InDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul imbannuidhe air, mar is olc a' díoluidhe é, marar athruigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, badh deacair dhom é 'eiteachtáil.
TUILLEADH (2) ▼
Fuair sé fear a' tighe seo, mar 'bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul imbannuidhe air, faoi dheich bpunt sa mbeainnc, trí bliadhna sa taca seo. Meastú ar íoc sé leithphighinn ruadh ariamh dhe, 'gur thosuigh an beainnc a' cur leitreachaí (ch)uig an gceann seo, a's a' strócántacht leis faoi'n íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air, 'íoc an uair sin fhéin.
Shílfeá nach hé an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é 'scaoileadh amach ar bhannuidhe, ach ní raibh a dhíol fiadhnuisí in aghaidh le príosúntacht a chuir air. (Fonn — ní thagann aon-chlaochmódh tuisil ar a' bhfocal seo sa gcéill seo, le idir-dhealú a dhéanamh idir é a's fonn = port. "Níl mórán fonn air a dhul abhaile", ach "a' gabhail fhuinn".)
+
Má tá fonn ort imtheacht, tá cead a' bhealaigh agad.
TUILLEADH (4) ▼
Sin é amach an bealach agad, má tá fonn imtheacht' ort. (Déarfaí go goirgeach le duine istigh idteach é, a's é 'cur a chosa uaidh ag iarraidh imtheachta, nó a dhul in áit eicínt)
Sin é siar a' bealach aghad, má tá an oiread sin fonn ort a dhul ann!
Ná bacaimse thú, má tá fonn pósta ort. Ní bheidh mise sa mbealach ort, ach feadh's mé 'faghail mo phaisinéaracht go Meriocá.
Tá fonn orm a dhul ann, ar bhealach, a's ar bhealach eile, níl = tá fonn orm a dhul ann ar mhodh, a's nuair a smaoinighim orm fhéin aríst níl; nó tá fonn orm a dhul ann, a's tá rud eile do mo choinneál as.
+
beo 1
Níor bheo é, go dteigheadh sé a' (de?) charruidheacht liom, a's nuair a chuaidh muid a' charruidheacht, ba gearr go ndearna mé cleas a' tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
TUILLEADH (3) ▼
Níor bheo na gearrchaileadha, go bhfaghaidís cead a dhul chuig an gcéilidhe, ach sílim dhá mhéad fonn a bhí orra(b) a dhul ann, go raibh a dhá oiread fonn orrab a theacht as. Chuala mé nach damhsa a bhí ann, ach achrann
Amach leis ar a' tsráid go beo droch-mhúinte, a's shílfeá gur mó an fonn a bhí air, tosuighe a' cur a chraicinn di amuigh.
D'iagcóir (d'éagcóir Dé?) dhuit nach dteidheann amach in do gharrdha go beo, deifreach as sin, ach is cosamhail gur beag a' fonn maitheasa atá ort.
 
beo 2
Sé'n chás amháin leis an beo a's an marbh, nuair a bhuailfeas fonn biadáin é.
 
beoigh
Shílfeá gur mó an fonn a bhí air beodhú 'un sneachta aréir, a's níor chaith sé aon-cheo 'na dheidh sin, ach tá sneachta air, má's fada gearr go gcaithe sé é.
 
Níor dhubhairt mé thar dhá fhocal leis, a's shílfeá gur mó an fonn atá air a dhul sa mbile buaic orm ó shoin.
 
biorach 2
Is beag a' fonn táil atá uirre ó cuireadh biorach ar a' laogh.
 
Shíl mé gur le oilbhéas a bhiorruigh sé na cluasa, ach níorbh eadh, ach le fonn luaitéise (madadh)
 
bior
'Bhfaca tú an bior a bhí uirre! Fonn maistínteacht' a's cocaireachta!
 
Tháinic fonn múisc' orm a's chuir mé bleághanach diabhalta amach.
 
borr
Bhí sé a' borradh a's ag at mar bheadh cat i mála le neart fonn achrainn.
 
Má bhuaileann fonn broimseála é, ní bhainfe tú cóir ná ceart dhe.
 
Sé'n broimseáluidhe é 'mhic ó mo chroidhe. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air bruicneáil bhuailte a thabhairt dhá raibh 'sa teach, faoi nach bhfuigheadh sé cead imtheacht'.
+
Shílfeá gur beag dhá fhonn a bhí air, bualadh faoi chor a' bith.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá fonn air bualadh faoi, ná bac thusa é, é fhéin a bheidheas síos leis.
+
buail
Tá fonn buailte air.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag dhá fhonn a bhí air bóthar a bhualadh muis, dhá bhfaghadh sé ugach a' bith fanacht, ach dheamhan gnai(the) 'bith a bhí againne dhó.
Bhuail fonn achrainn é, ach má bhuail fhéin, ní bhfuair sé fear a bhactha annsiúd.
Bhuail fonn ropaireachta í, a's d'ionnsuigh sí mé — ní raibh fáth ná adhbhar a' bith eile aici leis, ach a' méid sin.
Bhuail fonn magaidh annsin é, a's d'áitigh air, a' saghdadh faoi Chaitlín.
Má tá fonn eirghe in áirde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfa sib as seo, a's deifir orraí(bh).
Is diabhaltaidhe tráthamhail a bhuail fonn pósta é, a's a shean-athair in achar an anama.
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé, a's chuir mé [amach] gach's a raibh in mo bholg.
 
buille
Níl neart agham fiachaint (féachaint) le luach leithphighne a dhéanamh, nach gcuirfe duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm, gan tada a dhéanamh anois.
 
Is mó an fonn atá air, 'aimhleas a dhéanamh ná a leas.
 
Is beag, beag dhá fhonn a bhí air, fuireacht ann dhá dheoin nó dhá aindeoin.