Fonnadóireacht
—Ainmfhocal; Buineann
—i Rosmuc, Camas agus sna bólaí sin is mó atá "fonnadóir", "fonnadóireacht" le cloisteáil. Is beag a chloistear é aniar faoi Chois Fharraige go háirid Cois Fharraige soir.
—
ag gabhail fhuinn; ag amhránaíocht; ag ceól (is annamh a thiúrfaí ar cheol ann fhéin é .i. ar phort ná ar cheól a chasfaí ar ghléas. Amhránaíocht é. Is féidir an rud céanna a rádh leis an bhfocal "fonn". Amhráin nó ceól áirid amhráin a bhíos igceist).
+–
Leig de do chuid fonnadóireacht anois, nó cuirfidh mise fonnadóireacht ar an ngoile agad
Tá an-fhonn fonnadóireacht ort, ach gan fonn ar bith oibre.
TUILLEADH (5) ▼
Tá an-mholadh uirre sin ag fonnadóireacht, ach cítear dhom fhéin nach bhfuil thairis sin de ghaisce léithe = ag gabhail fhuinn; ag amhránaíocht
Chaith sé an oíche ag cur a chraicinn dhe ag fonnadóireacht. Sé atá i riocht freisin
Sin é a chuid maitheasa sin: ag feadaíl agus ag fonnadóireacht ar fud an bhaile
Throiscfeadh sé naoi dtráth ach cead fonnadóireacht a fháil. Bíonn sé annsin ar cuairt chuile oíche, agus ní thigeann iadhadh ar a bhéal, ach ag fonnadóireacht ó thigeas sé isteach go dteighe sé amach aríst
An dtaithneódh fonnadóireacht leatsa? Sén chaoi a bhfuil sé agam féin, ní bheadh aon-locht agam ar riar di, ach níor mhaith liom béilí a dhéanamh di ar fad mar a níos sé sin.