fonnadóireacht
—ainmfhocal, baineann
—i Ros Muc, Camas agus sna bólaí sin is mó atá fonnadóir, fonnadóireacht le cloisteáil. Is beag a chloistear é aniar faoi Chois Fharraige go háirid Cois Fharraige soir
—
ag gabháil fhoinn; ag amhránaíocht; ag ceol. Is annamh a thabharfaí ar cheol ann fhéin é .i. ar phort ná ar cheol a chasfaí ar ghléas. Amhránaíocht é. Is féidir an rud céanna a rá leis an bhfocal fonn. Amhráin nó ceol áirid amhráin a bhíos i gceist.
+–
Lig de do chuid fonnadóireacht anois nó cuirfidh mise fonnadóireacht ar an ngoile agat
Tá an-fhonn fonnadóireacht ort ach gan fonn ar bith oibre.
TUILLEADH (5) ▼
Tá an-mholadh uirthi sin ag fonnadóireacht ach cítear dhom fhéin nach bhfuil thairis sin de ghaisce léithe — ag gabháil fhoinn; ag amhránaíocht
Chaith sé an oíche ag cur a chraicinn dhe ag fonnadóireacht. 'Sé atá i riocht freisin
Sin é a chuid maitheasa sin: ag feadaíl agus ag fonnadóireacht ar fud an bhaile
Throiscfeadh sé naoi dtráth ach cead fonnadóireacht a fháil. Bíonn sé ansin ar cuairt chuile oíche agus ní thigeann iamh ar a bhéal ach ag fonnadóireacht ó thigeas sé isteach go dté sé amach aríst
An dtaitneodh fonnadóireacht leatsa? 'Sé an chaoi a bhfuil sé agam féin, ní bheadh aon locht agam ar riar di ach níor mhaith liom béilí a dhéanamh di ar fad mar a níos sé sin.