Forás
—ainmfhocal, fireann
—
rath, dul chun cinn, maith, biseach, fíriúlacht, ádh agus rl.
+–
Níl aon-fhorás air (ann; faoi) = níl aon-rath air; níl sé ag dul chun cinn san saol; níl aon-mhaith ann; níl sé ag cur aon-chuma ná aon-ghoití oibre air fhéin (má dheirtear "níl aon-fhorás ann nó faoi", séard is dóigh dhí a chiallú: níl aon-bhiseach nó aon-teacht suas nó aon-éifeacht ann)
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon-fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thiúrfadh sé dhá chuid fataí anuiridh, cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíomhais é
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé sin ag dul 'na scoile go deo dheamhan forás a bheadh air, mar dheamhan meabhair ann. Ná bac le meabhair annsiúd
Níl forás ar bith ar an saol anois ná cuid d'fhorás. 'Ar ndú' ní féidir tada a fháil
Níl aon-fhorás ar fhéar i mbliana. Fuair sé an spalpadh mór. Tá sé críonta uiliog san talamh
Maidir le forás níl a leithide uirre. Ná ní bheidh tá faitíos orm
+–
Ag imeacht ag fálróid síos annsin gan sórt forás ar bith a bhíos sé. Dhá gcuirtheá slat chruínn (chrainn?) ar Éirinn ní bhfuightheá a leithide eile
Fear gan forás é má sin é atá sé a dhéanamh anois
TUILLEADH (4) ▼
Is baile gan forás é an baile seo ó thosuigh na pailitéaraí ag taithighe ann. Caithfear a dhul rómpa nó déanfaidh siad cis ar easair dhínn
Tá sí as forás anois ó a chuaigh sí ar an ól = tá a cuid foráis ar iarraidh ó a chuaigh sí ar an ól
Is áit ar bheagán foráis an áit sin
Dhá laghad forás an t-athair muis, is lú ná sin an mac
+–
Dheamhan lá téagair ná foráis a dhéanfas an cúpla sin choíchin = lánúin a bhí ag troid
Ní fheicfidh tú aon-lá foráis air sin le do mharthainn. Mo chreach an forás muis. Dhá mbeadh indán foráis dó, scagfadh sé é féin amach uiliog ó na bithiúnaigh sin thíos
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh lá foráis ort nó go bpósa tú. Sin é atá agad a dhéanamh
Sin teach foráis deirimse leat. Ach is beag an dochar dhó sin agus a bhfuil de theacht isteach ann. Saol maith é an saol seo ag daoine
Forás in iontrálacha eile (8)
→
abair
'Séard a bhí mé a rádh annseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaidh sé 'sna fir mhóra
Níl siad ag daoirsiú tada hébrí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach annseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orra. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithidheach anois, is fear gan forás é
→
deo
Go deó nó go bhfanaidh sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan annsin
→
diaidh
Ní bheidh lá foráis air ná ar a chlann in a dhiaidh, mar fuair sé an t-airgead cho mí-dhlisteanach sin
→
Diarmaid
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeitheá in a éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorróchthá as an gclúid údaidh é. Dheamhan lá foráis a bhéas air siúd go bráth
Sin í an cheird a chuir 'un díshlainte i dtosach é: ag imeacht mar sin de shiubhal oiche le cladaigh ag tóraidheacht raic. Deir siad, nach bhfuil an raic sonaidhe. Ní fhaca mé aon-fhorás ar aonduine ariamh a bheadh léithe ar aon-nós
→
téigh le
B'fhearr dhó a dhul le scoil ná leis an gceird sin. Dheamhan lá foráis a chonnaic mé ar aon-duine ariamh a chuaidh le táilliúireacht: ag imeacht ag ól agus ag bruighin is chuil' áit — sin é a gceird