forás
—ainmfhocal, fireann
—
rath, dul chun cinn, maith, biseach, fíriúlacht, ádh srl.
+–
Níl aon fhorás air (ann; faoi) — níl aon rath air; níl sé ag dul chun cinn sa saol; níl aon mhaith ann; níl sé ag cur aon chuma ná aon ghoití oibre air fhéin. Má dheirtear níl aon fhorás ann nó faoi, séard is dóigh dhi a chiallú: níl aon bhiseach nó aon teacht suas nó aon éifeacht ann
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thabharfadh sé dhá chuid fataí anuraidh cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíobhais é
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeadh sé sin ag dul 'na scoile go deo, dheamhan forás a bheadh air, mar dheamhan meabhair ann. Ná bac le meabhair ansiúd
Níl forás ar bith ar an saol anois ná cuid d'fhorás. Ar ndóigh ní féidir tada a fháil
Níl aon fhorás ar fhéar i mbliana. Fuair sé an spalpadh mór. Tá sé críonta uileag sa talamh
Maidir le forás, níl a leithide uirthi. Ná ní bheidh tá faitíos orm
+–
Ag imeacht ag fálróid síos ansin gan sórt forás ar bith a bhíos sé. Dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn, ní bhfaightheá a leithide eile
Fear gan forás é más in é atá sé a dhéanamh anois
TUILLEADH (4) ▼
Is baile gan forás é an baile seo ó thosaigh na pailitéaraí ag taithí ann. Caithfear a dhul rompu nó déanfaidh siad cis ar easair dhínn
Tá sí as forás anois ó chuaigh sí ar an ól — tá a cuid foráis ar iarraidh ó chuaigh sí ar an ól
Is áit ar bheagán foráis an áit sin
Dhá laghad forás an t-athair muis, is lú ná sin an mac
+–
Dheamhan lá téagair ná foráis a dhéanfas an cúpla sin choíchin — lánúin a bhí ag troid
Ní fheicfidh tú aon lá foráis air sin le do mharthain. Mo chreach an forás muis. Dhá mbeadh i ndán foráis dó, scagfadh sé é féin amach uileag ó na bithiúnaigh sin thíos
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheidh lá foráis ort nó go bpósa tú. Sin é atá agat a dhéanamh
Sin teach foráis deirimse leat. Ach is beag an dochar dhó sin agus a bhfuil de theacht isteach ann. Saol maith é an saol seo ag daoine
forás in iontrálacha eile (9)
→
abair
Séard a bhí mé a rá anseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaigh sé sna fir mhóra
Níl siad ag daoirsiú tada, hé brí céard a dhéanfas siad faoi shaoirsiú. Ach b'fhéidir amach anseo i dtús féir go dtiocfadh beagán orthu. Duine ar bith atá i dtuilleamaí beithíoch anois, is fear gan forás é
→
deo
Go deo nó go bhfana sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan ansin
→
diaidh
Ní bheidh lá foráis air, ná ar a chlann ina dhiaidh, má fuair sé an t-airgead chomh mídhlisteanach sin
→
Diarmaid
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag plé leis sin. Dhá mbeifeá ina éadan go ndéanadh Dia dearmad dhíot, ní chorrófá as an gclúid údaí é. Dheamhan lá foráis a bheas air siúd go brách
Sin í an cheird a chuir chun díshláinte i dtosach é: ag imeacht mar sin de shiúl oíche le cladaí ag tóraíocht raic. Deir siad nach bhfuil an raic sonaí. Ní fhaca mé aon fhorás ar aon duine ariamh a bheadh léithe ar aon nós
→
téigh le
B'fhearr dhó a dhul le scoil ná leis an gceird sin. Dheamhan lá foráis a chonaic mé ar aon duine ariamh a chuaigh le táilliúireacht: ag imeacht ag ól agus ag bruíon i chuile áit — sin é a gceird