Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
An Fhrainc
Buineann
tír.
·
Fíon na Spáinne, dair Shasana agus fir na Frainnce: na trí rudaí is láidre ar bith

An Fhrainc in iontrálacha eile (3)

 
Thug siad an dara thairt di ceart annsin idtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan seadh ná seoladh ionnta. Thuit an driúll ar an dreall ar fad orra, ó chuaidh na Sasanaigh isteach do'n Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) 'sna fáscaí ag téicheadh (/ə t′ɛ̄w/) uatha
+
Bhí mise 'fhoisceacht deich míle do Bhournemouth ar "D. Day". Is gearr a bhí muid amuigh ag obair an uair a chonnaic muid an dubhachan ag déanamh orainn. Báid aeir a bhí ann ag dul do'n Fhrainc. Bhí an t-aer uiliog dubh leo. Má bhí ceann ann, bhí fiche míle ann
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa