Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Frainc
baineann
tír
·
Fíon na Spáinne, dair Shasana agus fir na Fraince: na trí rudaí is láidre ar bith

Frainc in iontrálacha eile (9)

 
'Chuir mé borradh cheana faoin gCloich Mhóir, agus anois tá an darna borradh agam fúithi, agus ní baol di titim,' adeir Frainc Confhaola (file a bhí i gCnoc an Locha é Frainc Confhaola. 'Sé a rinne Nóra Bhán, ceann de na hamhráin is mó a bhfuil gnaoi na ndaoine air faoi na bólaí sin. Bhí sé an-deachainteach. Deirtear gur chaith sé an chaint réamhráite thar éis beirt dhá chlainn iníon a phósadh ar an gCloich Mhóir — baile atá in aice na Tulaí i gCois Fharraige. 'Siad an chlann iníon na borraíochaí atá i gceist sa gcaint seo. Leagtar air gurb é a rinne an rann seo freisin faoi Dhoire Thoirc uair dár caitheadh míchórtas leis ann, ach ní móide gurb é: "A Dhoire Thoirc, is fada siar thú; Is fada ó ghealaigh, agus is fada ó ghrian tú. Is fada ó oineach na mban fial thú; agus is rímhór m'fhaitíos gur fada ó Dhia thú.")
 
buinne 1
Tháinig bairille faoi thír anseo an bhliain cheana ach bhí an buinne uachtair imithe dhi, agus má bhí aon éadáil ann, thit sí amach as. Scríbhneoireacht aisteach a bhí air. Deir cuid acub sin gur ón bhFrainc a tháinig sé.
 
dair
"Fíon na Spáinne, dair Shasana agus fir na Fraince: na trí ní is láidre le fáil"
 
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea ná seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
 
Is fhearr an dícheannadh féin ná an crochadh; ach is measa an dó ná ceachtar acu. Dícheannadh nach ea atá sa bhFrainc. Sea measaim
+
Bhí mise fhoisceacht deich míle de Bhournemouth ar D. Day. Is gearr a bhí muid amuigh ag obair nuair a chonaic muid an dúchan ag déanamh orainn. Báid aeir a bhí ann ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer uileag dubh leo. Má bhí ceann ann, bhí fiche míle ann
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé Michael s'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair sa taobh ó dheas do Shasana — Bournemouth — D day agus go raibh dúchan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uileag acu, adeir sé. Nach iad a rinne an íospairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
 
dúch
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúigh uaidh chomh tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rá go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo agus go bhfeicfeá an fharraige feadh t'amhairc dubh lena gcuid dúigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán acu abuil a chéile
 
Tá sé imithe (gafa) don Fhrainc (don Spáinn, don Rúis, don Ghearmáin, don Ghréig, don Domhan Thoir, do na hIndiachaí Thoir, do na hIndiachaí Thiar, do na réigiúin choimhthíocha, do na tíortha éigéille srl.; don Eoraip (Europe) freisin)