Fréamh; Fréimh
—Ainmfhocal; Buineann
—fréimh is mó adeirtear
1.
a.
an chuid de chrann de sceich, de scoth etc. a bhíos faoi thalamh, nó a fhásas síos san talamh.
+–
Bain ón bhfréimh é (bruimfhéar) nó níl aon-mhaith ann = a thabhairt leat as an talamh uilig; mara dtuga fásfaidh sé aríst
Níl aon mhaith créachtachaí a bhaint mara dtuga tú leat as na fréimhreachaí iad
TUILLEADH (5) ▼
D'fhásfadh na crainnte beaga sin gan fréimh ar bith = d'fhásfadh scolb díobh
Tá siad ag cur fréimhe amach = crainnte etc.
Sin fréimh ón gcrann atá ag teacht annsin
Cuir luaith síos leis an bhfréimh aca (crainnte) agus feicfidh tú fhéin air gur gearr go mbeidh borradh fútha
Ní chuirfidh na sceacha beaga seo aon-fhréimh amach choichín
b.
síol, sinsir, gaol, dáimh, sliocht.
+–
Chuaigh sé siar go fréimh gur innis sé dóibh cé hiad fhéin = duine ag sciolladh ar dhuine eile; innseacht faoin a sinsir cho fada siar agus atá ann
Tá inín le P. Th. ag dul ag pósadh i mB. Sin fréimh eile amuigh aige. Theastuigh an fhréimh sin uaidh. Ní raibh teach cuart ar bith soir aige, th'éis go raibh neart aca siar aige = go ndaingneódh sé é fhéin le pósadh na hiníne
TUILLEADH (2) ▼
Fuair sé posta beag don "leaid" óg sin ag M. Sin fréimh eile amuigh aige ar an mbaile sin = mar dhóigh dhe go mbeadh cúl toraic aige feasta ann
Nuair a fhaghas duine den dream sin (na Iúdaí) greim in áit ar bith, cuireann siad fréimheachaí amach
+–
Ní buí ón ngréin atá sé ach buí ón bhfréimh = ní ón ngaoith ná ón ngréin a thug sé an buíochte, ach ón tsinsir
Dóghadh gréine! Sea muis! Nach bhfuil a chosúlacht uirre! Diabhal gaoth na grian a buaileadh uirre sin le bliain ach sacha istigh i bpruchóig eicínt. Ní buí ón ngréin atá sí ach buí ón bhfréimh
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé buí ón bhfréimh agus d'eile cén chaoi a mbeadh sé?
Tá fréimh ó thincéar ionad dhá mbeadh an saol ag caint = féith (fc. féith)
Níl fréimh ar bith ón sean-bhuachaill ann muise, mara n-ólann sé
+–
Má tá fréimh ar bith ag teacht in a dhiaidh sé gheobhas an posta atá aige fhéin = duine ar a shliocht; duine muinntreach
Ní bhíonn aon-altóir ar shagart ach beidh altóir ar an sagart sin, má theagann fréimh ar bith in a dhiaidh leis an airgead a fháil = an rud a bhí i gceist: nuair a gheobhadh an sagart i gceist bás, go gcuirfí altóir air, dhá mbeadh duine muinntreach leis fhéin in a shagart leis an airgead a fháil
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nachar fhága sí fréimh ar bith in a diaidh leis an áit a thabhairt dó = duine muinntreach a bheadh in a oighre; ní chiallaíonn sé a clann fhéin ná clann a cloinne go háirid
+–
Níl mórán fréimhe le "broic" againne agus dhá mbeadh fhéin ba bheag an dochar ("Broic" a thugtaí de leasainm ar mhuinntir an duine seo) = níl mórán gaoil ná páirt againne leo
Níl fréimh ar bith le Céideachaí Bhaile C. againne agus ní fearr linn a bheith, arae is dona agus is tutach iad
TUILLEADH (3) ▼
Sílim nach bhfuil fréimh ar bith ag na Curraoinigh i bhfus le na Curraoinigh thiar. Má tá is ingan fhios domsa é. Níor chuala mé ariamh go raibh
Aon-mhuinntir amháin iad muintir Ard Raithin ar chuala tú ariamh é. Tá fréimh ag na "Mórannaí" sin thuas len a bhfuil de "Mhórannaí" san tír.
"Scread chasta ort", adeir sé le T. "Gheobhainn ciall chuile dhuine a bheith ag déanamh gáisce as a chine ach thusa: cine faoi chupóig. Níl fréimh agadsa le aonduine
2.
féith, cuisle.
+–
Tá fréimhreachaí (atha) in a chosa = féitheachaí; varicose veins
Tá na fréimhreachaí eile sin in a cois
TUILLEADH (3) ▼
M'anam muise má tá fréimhreachaí in do chosa nach mór duit a dhul rómpa. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireannach de do chuid fola, crois Críost orainn!
Tarraingíthear amach an teanga agus bíthear ag cuimilt an taobh atá fúithe, nó go dteaga fréimh mhór dhubh amach ón a híochtar. Sin í an chuisle. Gearrtar í = an chaoi leis an gcuisle (fréimh) a leigean ag bó
Chomh luath agus a gheobhas tú an fhréimh idteanga na bó, leig í