fréamh
—ainmfhocal, baineann
—fréimh is mó adeirtear
1.
a.
an chuid de chrann de sceich, de scoth srl. a bhíos faoi thalamh, nó a fhásas síos sa talamh.
+–
Bain ón bhfréimh é (broimfhéar) nó níl aon mhaith ann — a thabhairt leat as an talamh uilig; mura dtuga, fásfaidh sé aríst
Níl aon mhaith créachtachaí a bhaint mura dtuga tú leat as na fréamhrachaí iad
TUILLEADH (5) ▼
D'fhásfadh na crainnte beaga sin gan fréimh ar bith — d'fhásfadh scolb díobh
Tá siad ag cur fréimhe amach — crainnte srl.
Sin fréimh ón gcrann atá ag teacht ansin
Cuir luaith síos leis an bhfréimh acu (crainnte) agus feicfidh tú fhéin air gur gearr go mbeidh borradh fúthu
Ní chuirfidh na sceacha beaga seo aon fhréamh amach choíchin
b.
síol, sinsir, gaol, dáimh, sliocht.
+–
Chuaigh sé siar go fréimh gur inis sé dóibh cé hiad fhéin — duine ag sciolladh ar dhuine eile; inseacht faoina sinsir chomh fada siar agus atá ann
Tá inín le P. Th. ag dul ag pósadh i mB. Sin fréimh eile amuigh aige. Theastaigh an fhréamh sin uaidh. Ní raibh teach cuart ar bith soir aige, théis go raibh neart acu siar aige — go ndaingneodh sé é fhéin le pósadh na hiníne
TUILLEADH (2) ▼
Fuair sé posta beag don leaid óg sin ag M. Sin fréimh eile amuigh aige ar an mbaile sin — mar dhóigh dhe go mbeadh cúl toraic aige feasta ann
Nuair a fhaigheas duine den dream sin (na Iúdaigh) greim in áit ar bith, cuireann siad fréamhachaí amach
+–
Ní buí ón ngréin atá sé ach buí ón bhfréimh — ní ón ngaoith ná ón ngréin a thug sé an buíchte, ach ón tsinsir
Dó gréine! Sea muis! Nach bhfuil a chosúlacht uirthi! Diabhal gaoth ná grian a buaileadh uirthi sin le bliain ach sactha istigh i bprochóig eicínt. Ní buí ón ngréin atá sí ach buí ón bhfréimh
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé buí ón bhfréimh agus deile cén chaoi a mbeadh sé?
Tá fréimh ó thincéar ionat dhá mbeadh an saol ag caint — féith (fc. féith)
Níl fréimh ar bith ón seanbhuachaill ann muise, mura n-ólann sé
+–
Má tá fréimh ar bith ag teacht ina dhiaidh, 'sé gheobhas an posta atá aige fhéin — duine ar a shliocht; duine muintreach
Ní bhíonn aon altóir ar shagart ach beidh altóir ar an sagart sin, má theagann fréimh ar bith ina dhiaidh leis an airgead a fháil — an rud a bhí i gceist: nuair a gheobhadh an sagart i gceist bás, go gcuirfí altóir air, dhá mbeadh duine muintreach leis fhéin ina shagart leis an airgead a fháil
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nár fhága sí fréimh ar bith ina diaidh leis an áit a thabhairt dó — duine muintreach a bheadh ina oidhre; ní chiallaíonn sé a clann fhéin ná clann a clainne go háirid
+–
Níl mórán fréimhe le broic againne agus dhá mbeadh fhéin ba bheag an dochar (Broic a thugtaí de leasainm ar mhuintir an duine seo) — níl mórán gaoil ná páirt againne leo
Níl fréimh ar bith le Céideachaí Bhaile C. againne agus ní fearr linn a bheith, arae is dona agus is tútach iad
TUILLEADH (3) ▼
Sílim nach bhfuil fréimh ar bith ag na Curraoinigh abhus le na Curraoinigh thiar. Má tá is i ngan fhios domsa é. Níor chuala mé ariamh go raibh
Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin ar chuala tú ariamh é. Tá fréimh ag na Mórannaí sin thuas lena bhfuil de Mhórannaí sa tír.
'Scread chasta ort,' adeir sé le T. 'Gheobhainn ciall chuile dhuine a bheith ag déanamh gaisce as a chine ach thusa: cine faoi chopóig. Níl fréimh agatsa le aon duine'
2.
féith, cuisle.
+–
Tá fréamhrachaí (ata) ina chosa — féitheachaí; varicose veins
Tá na fréamhrachaí eile sin ina cois
TUILLEADH (3) ▼
M'anam muise má tá fréamhrachaí in do chosa nach mór duit a dhul rompu. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireanach de do chuid fola, crois Críost orainn!
Tarraingítear amach an teanga agus bítear ag cuimilt an taobh atá fúithi nó go dteaga fréimh mhór dhubh amach óna híochtar. Sin í an chuisle. Gearrtar í — an chaoi leis an gcuisle (fréimh) a ligean ag bó
Chomh luath agus a gheobhas tú an fhréamh i dteanga na bó, lig í