Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
féith
ainmfhocal, baineann
uimhir iolra: féitheachaí, féitheannaí
1.
cineál cuisle nó vein sa gcolainn.
a.
+
Ní raibh aon fhéith in mo chorp nach raibh faoi dhíocas oibre agam — bhí mé ar mo mhine ghéire ag obair
Ní raibh aon fhéith ag gabháil liom nach mb'éigean dom a chur faoi dhíocas ag súil go mbeinn réidh in am. Chuaigh mé thar m'fhulaing, ach sin a raibh de mhaith dhom ann. Tá an t-ard siúd diabhaltach deacair.
TUILLEADH (6) ▼
Tá féith mhór ina bhaithis agus bíonn sí ag freagairt i gcónaí nuair a bhíos taghd air
Déanfaidh mé dhá leith d'fhéith ghorm do mhuiníl — an fhéith atá suas ar leataobh an mhuiníl faoin gcluais
Tá féitheachaí móra ina chosa fréamhrachaí is minice a thugtar orthu (varicose veins)
Bhris mé féith mo rosta
Ghearr sé ansin mé san áit a bhfuil féith na baithise
Cnaipín beag crua a tháinig ar thaobh mo choise ansin agus thosaigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnaigh sé go raibh sé ina fhearsaid sa bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inti ach mionfhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon deoir fhola ag gabháil liom.
b.
+
An bhfuil féith ná fuil ionat? — spreacadh ar bith; an bhfuil mothú ar bith ionat; an bhfuil tú beo chor ar bith?
"D'inseodh sí scéal gan féith gan fuil" — litir
TUILLEADH (1) ▼
Níl féith ná fuil anois inti an créatúr, agus is beag an dochar di agus an fhad sin ar an leaba.
2.
cáilíocht, tréith, bua.
+
Tá féith ón tsinsir ann — duine láidir; fathach d'fhear; duine a bheadh ag dul i gcosúlacht leis an líne a d'imigh ina chruth agus ina dhealra
Is diabhlaí an plíoma fir é an mac sin aige. Tá féith ón tsinsir ann bail ó Dhia air. An bhfaca tú na cnámha atá aige?
TUILLEADH (5) ▼
Tá gruannaí géara aige agus goinfhéasóig air cheana théis nach bhfuil na deich mbliana sáraithe aige. Déanfaidh sé an-spliota fir: sin nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Tá féith ón tsinsir ann. Is furasta a aithinte air é.
Ná bac le M. Spogán fir é sin. Ach sin fear a bhfuil féith ón tsinsir ann, P. Sin é a sheanathair déanta. Tá bunrítheacha aige mar a bheadh feac láí ann
Fear ar bith a chaith an léim sin, tá féith ó Scorach Ghleannáin ann. Dar diagaí tá! Scorach Ghleannáin: rógaire reatha a bhí in áit a dtugtar Gleannán air, céad bliain ó shin. De mhuintir Neachtain ba ea é sílim. Bhí scailp aige ann agus tharlaíodh sé caoirigh agus beithígh goidte go dtí í. Rinne sé a lán gaisce agus gníomhra a bhfuil cuimhne fós orthu i gCois Fharraige. Ag ionsaí Bhalaclava i gCogadh an Chrimea a maraíodh é, measaim
Ara céard atá tú a rá? Ginn é! Tá féith ó Mhaitias Ó Dhubháin ann. Níl a fhios agam nach fearr é ná Maitias Ó Dubháin, má rinne sé an gníomh sin — Maitias Ó Dubháin: gaiscíoch eile a bhí i gConamara sé scóir bliain ó shin
Tá féith ó fhathach sa mac sin aige — tá sé ag dul i gcosúlacht fathaigh; is geall le fathach é ar a mhéid
·
Féith ón diabhal atá ann. Sin é atá ann, diúltaímid dó. Ní dhéanfadh fear ar bith eile a leithide de chleas. Muise nach mór an diabhal a bhí ag cur chathaithe air, ar a mhagadh sin fhéin — tá tréartha an diabhail ann
Féith ón "seanbhuachaill" (an t- áibhirseoir) a bhí sa bhfear sin má bhí sé in ann na cártaí a dhathú
3.
cuimhne; súil.
+
Ní raibh féith de mo chroí air; ní raibh féith in mo chroí air; ní raibh féith de mo chroí leis — níor chuimhnigh mo chroí air; ní raibh súil ar bith agam leis
Is fhearr dhom na lachain a chur isteach anois nó ní bheadh féith de mo chroí leis aríst — ní chuimhneoinn a dhéanamh aríst
TUILLEADH (6) ▼
Is fíor dhuit é. Dúirt sé go dtiocfadh sé aniar anocht agus muid a bheith roimhe ag ceann an bhóithrín. Ní raibh féith de mo chroí air. Dheamhan é muis.
Tá tú ceart! Baineadh dhá chloich as aimsir chur an choirce. Caithfear a gcur ann aríst. Is maith liom gur mheabhraigh tú dhom anois é. Ní raibh féith in mo chroí air
Is againn a bheas an sagart i mbliana. Sea a mh'anam. Tá sé réidh sa leathbhaile thiar. Dheamhan féith in mo chroí a chuimhneodh air, ná cuid de chuimhniú, murach gur dhúirt tú é. Agus é thar am tosaí ag téisclim faoina chomhair!
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár is chuinneog — ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
Níl aon mhaith dhuit aon mhilleán a thabhairt dom anois. Dheamhan féith de mo chroí a chuimhnigh ar a dhul ann go raibh an áit dúnta. Sin é an chaoi a mbímse i gcónaí. Bhí an oiread rudaí le fáil agam fhéin agus nár chuimhnigh mé ar a leath ach oiread. Nuair a bhí mé leath bealaigh aníos, sin é an uair a bhí mé ag éirí bréan díom féin
Do theachtaireacht! Dheamhan féith dhá chroí siúd a bhí ar do theachtaireacht. B'fhearr leis ag dradaireacht le mná óga go mór
4.
cosúlacht; gotha.
+
Má tá sé le dhul ann, níl féith na comhartha aige air — níl aon chosúlacht fós air (go bhfuil faoi a dhul ann)
Lao ag an tseanbhó siúd ab ea? Dheamhan féith ná comhartha aici air
TUILLEADH (1) ▼
Go dtiocfaidh sé abhaile as Sasana! Níl féith ná comhartha aige air, fós ar chaoi ar bith
+
Chonaic mé an póilí sin istigh ansin aréir agus gan féith ná comhartha ó fhlaithis Dé air — bhí sé ar meisce; ní raibh mothú ná arann ann; ní móide go raibh sé tite, ach bhí a mheabhair agus a aithne caillte aige
Níl féith ná comhartha air ach é sínte ansiúd ag giorrú an bhealaigh leis — duine a mbeadh tinneas an bháis air
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a fuair mise é, bhí sé ligthe isteach ar an gclaí agus gan féith ná comhartha ó neamh na ngrást air. Nach raibh sé sách dona lá is nár aithin sé mise stunned
5.
·
Tá an fhéith fola ar an gcaora dhubh sin thuas (fc. fuil) — cailleann sí caoirigh a bhíos róbheathaithe. Drochghalra í. Tugtar ceathrú ghorm freisin uirthi. Ar chosa na gcaorach a theagas sí. Atann siad roinnt, agus teagann dath dubhghorm orthu. Ní go minic a theagas siad uaithi. Ligtear an chuisle acu istigh sna bléantrachaí
Féith fola a tháinig uirthi. Níor sheas sí achar ar bith leis. Ní sheasann ná aon chaora. Níl le déanamh ach cuisle na bléine a ligean. An uair sin fhéin is doiligh leo a theacht uaidh. Chaill sé go leor caorach an bhliain cheana, ach shílfeá go bhfuil sé ligthe faoi anois, ní ag tabhairt guth air é

Féach freisin

féith in iontrálacha eile (23)

 
Dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna Éireann ann agus chomh mór agus atá sé.
 
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
 
Má tá sé beo, tá féith ó Chéatach ann. Murach go bhfuil, ní bheadh aon ghair aige gaisce den tsórt sin a dhéanamh.
 
bannaí 1
'Sé an chaoi le bannaí a chur ar ghliomach an fhéith atá ina chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, agus níl aon dochar ann ansin mar ní fhéadfaidh sé tada a dhéanamh ort.
 
Tá féith ón tsinsir ann má bhuail sé a leithide sin d'fhear faoi chomh haibéil sin.
 
fiann
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta a aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! — tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna i dtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
+
fuil 1
"D'innseodh sí scéal gan féith gan fuil" — litir
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. — cineál ceathrú ghorm é; sa gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos róbheathaithe; ligtear a gcuisle istigh sa mbléin
An bhfuil féith ná fuil ionat — an bhfuil spreacadh ar beith ionat?; an éagbhás thú?
+
diabhal 2
Tá féith ón diabhal, go sábhála Dia sinn, i chuile dhuine acu sin — tréathra an diabhail; drochthréathra
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta a aithinte go bhfuil féith ón diabhal ann agus an cheird atá air
 
ding
Ginn thú! Ginn thú a bhuachaill! Leag air a fhleascaigh. Tabhair an dara hairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort ina dhiaidh sin … Dar fiagaí, tá tú in do phuca aige … Ginn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll os do chionn fós … Tá féith ón tsinsir sa ngearrbhodach sin.
 
dochar
Tá bua eicínt aige. Níl baol ar bith nach bhfuil. Níor fhiafraigh sé a dhath dhíom ach an oiread is atá tusa a fhiafraí dhíomsa, ach siúl anall go dtí mé. 'Anseo atá an dochar,' adeir sé go leathfhánach, agus rug sé ar na féitheacha faoin nglúin, agus bhain sé fáscadh astu. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrí í le hais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. 'Téirigh abhaile,' adeir sé. 'Tá sí deasaithe. Ná corraigh í go ceann trí seachtainí go snadhma sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirthi ansin i leaba a chéile.' Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
 
droim
Fear ar bith atá istigh ar an mbaile sin, tá sé ar dhroim an diabhail críochnaithe. Tá paca amhas ann nach bhfaightheá a leithidí eile dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn. Ní dhéanfadh duine ar bith thar baile amach cúis ansin ach duine a mbeadh féith ó L. (teallach éigéill míchlúitiúil atá san áit) ann. Duine a sclamhfadh, agus a changlódh, agus a sháfadh agus a mhartródh faoi is thairis …
 
dubh 2
"Duibhín Ó Duibh thar farraige anoir, agus d'inseodh sí scéal gan féith gan fuil" (Tomhais ar litir. 'Sé an dúch Duibhín Ó Duibh)
+
Níl aon fhéith ag gabháil leis nach bhfuil faoi dhíocas oibre
TUILLEADH (7) ▼
Níl aon fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na hoíche ach an fear thoir
Ní raibh aon fhéith ina chorp nár chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a ardú, ach chinn air gaoth a thabhairt di ina dhiaidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, tá mé ag rá leat
Níl féith ná cnáimh sa gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaigheann sé cupla lá eile orthu, is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orthu
Sin é an rud a thug giorrachan saoil dó. Níl aon lá dhár éirigh ar an bhfear sin nár chuir sé chuile fhéith ina chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma sa mí-ádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mura mbeadh sé ach ag biorú scoilb, bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mba ag iomramh báid mhóir a bheadh sé. Nuair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh chuile fhéith ag gabháil leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhroim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
Ní raibh féith ina cholainn nach raibh lúbtha amach faoi dhíocas siúil. Deirimse leat go bhfuil sé siúd freisin in araíocht bóthar a ghearradh nuair a thogrós sé é
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe