Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fríd, Frídín
1.
an loisead, nó an colg a bhíos ar bhéal dúbháin, ar fháinne muice, ar shleaghannaí etc.
+
Ní raibh frídín an dúbháin san bpus gorm ceart aige (ag breac) = loisead an dubháin
Tá dhá fhríd ar chaon taobh den pheairlimint (fc. peairlimint). Faisceann siad sin ar a smut
TUILLEADH (2) ▼
Sén sórt rudaí a chonnaic mise a chaitheamh iad i Sasana, mar bheadh saighdeannaí ann, agus sórt frídíní nó lannaí ar nós lannaí éisc orra. Bhídís in a n-éadan sna tithe ósta
Tá goibíní anuas ar an "wire" siúd agus frídíní air cho géar le snáthaid
2.
faoilte nó gealadh san tsúil, san leiceann le linn gáire nó fáilíochta.
·
Bíonn fríd an gháire inte i gcomhnaí
Ní bhrathfainn é, marach go bhfaca mé fríd an gháire ag teacht ionadsa

Féach freisin

Fríd in iontrálacha eile (29)

+
frigh
D'fheicfeadh sé an fhríd; d'fheicfeadh sé fríd ar dhruim na muice duibhe (ar thóin agus rl.) = tá sé an-ghrinn; tá an-amharc aige
TUILLEADH (17) ▼
Ab é mac Bh! D'fheicfeadh sé fríd ar dhruim na muice duibhe
Ní bheidh sé ann ingan fhios dó siúd mo léan! D'fheicfeadh sé an fhríd fhéin ar dhruim na muice duibhe. Deirimse leat go bhfuil na Laindéir Lasta aige sin
Is lú ná frigh máthair an droch-ábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain = is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé indon bás a thabhairt do dhuine agus rl.
Níor dhúirt sé focal ná smid thairis sin anois, ach 'ar ndú, ní lú fríde ná máthair an droch-ábhair
Níor tháinig ceó na fríde orra (fataí) = a dhath fhéin (blas na fríde, oiread na fríde, dath na fríde)
Níl oiread na fríde ann = é an-bheag
Níl dath na fríde orm = a dhath fhéin
Níl blas na fríde fágha
Coinnigh isteach dubh na fríde (dubh na hiongan) (fc. dubh)
Níl faic na fríde air = tada
Níl faic na fríde aige = cianóg ruadh
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain = fionna feanna
Níl luach na fríde de mhaith ionad = níl maith ar bith leat
Níor tháinig méid na fríde air le deich mbliana = méid ar bith
Níl fad na fríde i bhfeac na láighe seo
Níl oiread fríd do shúl ann
Chuir sé an tsnáthaid isteach thríd fhríd na súl aige
 
deis
Cé'n deis atá tastáil uait. Fagh siséal agus déan snuigheachan beag annsin air. Déanfaidh oiread na fríde é. Is beag nach bhfuil sé ag breith mar atá sé
 
diaidh
Cuireadh an churrach isteach indiaidh a leathtaoibhe ar an gcarraig, agus dheamhan ar h-ionntuigheadh í th'éise sin. Marar h-ionntuigheadh bhí an tseamair Mhuire aca. Dhá dteigheadh sí oiread na fríde eile isteach bhí lá soir déanta orra
 
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlúth 2
Beidh sé ro-dhlúth: snoigh oiread na fríde dhó
+
dubh 2
An bhfuil dubh na h-iongan de thobac agad; an bhfuil dubh na fríde de thobac agud = oiread na fríde; ruainnín beag bídeach
TUILLEADH (4) ▼
Siúcra. Níl oiread agus dubh na fríde ag gabhail linn, nó níl a fhios cén uair a bhéas. Níl sé ag lucht na siopaí más fíor dóib fhéin na laethanta seo.
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Dá mbeadh dubh na fríde eile ann, bheadh a dhóthain faid ann, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil. Nach shin é anois an aimiléis!
Ba bhlasta an bheatha a bheadh annsin dhá dteigheadh dubh na fríde d'im thríd. Ach ní bhíonn aon-bhail air d'uireasa an ime.
 
dubh 3
Ní bhíonn orra ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — idtús bliana. Ní mórán le go dtiúrfá faoi deara chor ar bith é. Ach cairíonn sé amach, agus dubhaíonn siad (fataí) i leabaidh a chéile, agus ní bhíonn siad inithte chor ar bith indeireadh bliana
 
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst