1.
an lacht atá sna cuisleachaí agus sna féitheachaí i gcolainn duine agus rl.
a.
+–
Níl aon-fhuil inte = tá a cuid fola in a sceidín (anaemic)
Rinne a chuid fola liath uisce ar fad = rinne a chuid fola cineál uisce
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh an nimh thríd an bhfuil, agus cailleadh í
Bhuail sé ar an gceann é, agus chuir sé fuil go haer ar an gcéad iarraidh
"D'innseódh sí scéal gan féith gan fuil" = leitir
Tá an oiread fola ann agus a bheadh i mart = duine nó rud a mbeadh go leór fola ann; duine craosach dearg
+–
Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin (bíonn an dealg spíonáin lag maol, agus ní fhuileódh sé ar thada) = duine a mbíonn go leór fola ann, nó a bhíos in a chorcán le fuil
Nach air atá snuadh a chodach. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in aon-chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma san diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior-eanga air san mbaile
·
Leagadh mé agus baineadh fuil asam = chaill mé fuil
Bainfidh mise fuil asad, má tá indán agus go dtóigfidh mé mo láimh agad
+–
Bhí muic againn annseo anuiridh, agus bhuail rud eicínt í, agus leig muid a cuid fola = mharuigh muid í; ach ní chialluíonn sé go minic ach cuisle beitheach a leigean le galraí áiride i gcaoi agus go dtiocfaidh scáird dhá gcuid fola. Slánuíonn sin (go minic) iad
Leig fuil na circe sin = maruigh í
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisim smid eile uait leigfidh mé do chuid fola = maróidh mé thú mar a mharóchaí cearc
+–
Bhí sé ag dórtadh fola = ag cur fhola in a srúlaí
Dóirteadh fuil ann = rinneadh bualadh nó maruíodh daoine ann
TUILLEADH (1) ▼
D'fhuilinneodh fuil fuil ingorta, ach ní fhuilfinneódh fuil fuil dhá dóirteadh (fc. fuilinn)
+–
Tá sé ag cur fhola; tá sé ag tabhairt fhola = bleeding
Chuir sé fuil ar chuma ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig mo chuid fola ar fad; chuir mé a raibh d'fhuil ionam = chuir mé go leór fola
Má ba bheag mór an gearradh tháinig fuil ar chaoi ar bith
Cuir artha an Choisceadh fola dhó = artha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
Chuir sé brádán fola amach = urlacan a theacht air; fuil a chur amach (i scéalta go háirid)
+–
Bhí sé faoi fhuil ar fad = dearg le fuil; clúduithe le fuil
Bhí fuil air
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuil leis = mar a bheadh sí ag silt anuas len a éadan as gearradh eicínt
+–
Tá mé seacáilte idir fhuil agus fheoil = seacáilte ar fad
Tá mé dóite bruite idir fhuil agus fheoil
TUILLEADH (2) ▼
Ní thiúrfainn deoir fhola le náire = bhí an-náire orm
Tabhair aire na fola don chasúr sin, nó go dtuga tú ar ais aríst é = aire an leinbh; an-aire
·
D'fhága sé dearg (daite) in a chuid fola é; d'fhága sé in a chuid fola é = bhuail sé agus ghearr sé é
Tá sé seo thuas ag déanamh an-bhulaí le goirid. D'fhága sé mac Ph. S. dearg in a chuid fola ag béal an bhóithrín an oíche cheana
+–
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go dtiúrfaidh mé do chuid fola len ól duit = buailfidh mé dual na druinne ort; bainfidh mé fuil asad
Thug an staicín seo thíos a chuid fola len ól don bhéinneach
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh smideannaí beaga agad. Is gearr air siúd do chuid fola a thabhairt len ól duit
+–
Cuirfidh mé fuil do chroí ar do bhois (ar do chac freisin) = maroidh mé thú
Fainic! Leig de do chuid priocadóireacht liomsa. Chuirfinnse fuil do chroí ar do bhois ar ionntú an tsoip
TUILLEADH (4) ▼
Leig dhó siúd. Tá sé achmainneach. Is beag an araoid a chuirfeá air nuair a chuirfeadh sé fuil do chroí ar do bhois
Chuirfeá fuil do chroí amach ag obair do chuid de na "gangers" sin, agus ní abróidís in a dheidh sin, gur maith a rinne tú é, nó gur dona a rinne tú é = mharóchthá thú fhéin
Thiúrfainn fuil mo chroí don fhear sin, dhá dteagadh sé in mo líon go brách. Chuir sé sin cumaoin ormsa cheana …
Má bhíonn an fhuil ar an gcroí, is fhearrde a cur amach
+–
Ná leig do chuid fola leis a fhleascaigh = ó thárla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
Ní leigfidh mé mo chuid fola le fear ar bith nó go gcinne orm
TUILLEADH (2) ▼
Níor leig sé a chuid fola le aon-fhear ariamh. Ba chruadh an cás é, nó bheadh a shásamh aige sin
Is dona an fear thú, má leigeann tú do chuid fola leis an ngeospailín sin
b.
·
An rud atá san bhfuil teagann sé amach san bhfeóil (sa gcnáimh) = má bhí an droch-bhraon in do shinsir, brisfidh sé amach ionadsa freisin; déanfaidh an té a bhfuil an "braoinín salach" ann gníomh eicínt a theasbáinfeas nach bhfuil sé féin ag dul in aghaidh dúchais
An rud atá san bhfuil is deacair é a bhaint as an gcnáimh = má bhí an droch-bhraon in do mhuintir, leigfidh tusa le t'ais freisin é, cé go mb'fhéidir go mbeitheá ag iarraidh a cheilt
·
Tá an fhuil ar fónamh annsin; tá an fhuil mór ann = tá an braon maith ann; is mianach maith daoine é; tá an fhuil uasal ann
Tá braon den fhuil ar fónamh inte; tá braon den fhuil mhór inte = níl an braon tuatach inte; is plannda den fhíor-fhuil í
+–
Mara bhfuil muid árd i gcuid, tá muid árd i bhfuil = mara bhfuil maoin agus bráigill againn, is dream daoine ar fónamh muid, nó is daoine measúla muid
Cén bheann atá againn orra. Nach bhfuil muid fhéin cho maith leo-san, na sotairí. Mara bhfuil muid árd i gcuid, tá muid árd i bhfuil, tá sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná glac peáirle ar bith uaidh. Tá tú fhéin in do mhac athar agus máthar cho maith leis-sean. 'Ar ndú' mara bhfuil tú árd i gcuid, tá tú árd i bhfuil. Dheamhan ceó a d'iarr tú airsean ariamh ar aon-nós
c.
·
Cuirfidh mé an scian i bpoll na fola ionad = i logán an mhuiníl nó na brád
·
Rinne a chroí uan fhola i lár a chléibhe = bhris a chroí; fuair sé bás le buaireadh; nó le galra a mbeadh urlacan fola leis
+–
Tháinig urlacan fola air = haemmorhage
Tá fuil tsróine (tsróna freisin) air; tá fuil sróine air = fuil ón tsróin
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an lá ag cur fuil tsróna (nó ag tabhairt fuil sróine)
·
Fuil gheiniúnach a bhíos in uibh = d'fheicfeá amanntaí í in uibh
Tá fuil gheiniúinte sna huibheachaí sin
+–
Tá fuil íne(?) air = sórt nimh a dhul san bhfuil; thiocfadh sé ó dhroch-ghearradh nach bhfuigheadh aire; teagann dath gorm ar an bhfuil
Tá mo láimh ag déanamh fuilíne
TUILLEADH (1) ▼
Fuilíne atá déanta ag cois S. Is furasta aithinte uirre é. Tá an t-ábhar ar fad cruinnithe san lorga
+–
Tá fuil bhrúite déanta ag mo chois = dhá dtuiteadh cloch san troigh ort agus do bhróga ort, ní dóigh go bhfuileódh sí chor ar bith ort, ach d'fháiscfeadh sí agus chriongfadh sí an fheóil. Dhéanfadh an lot annsin fuil bhrúite
Níl a fhios cén fhuil bhrúite a tháinig as mo sháil le dhá lá. Cloch den chlaidhe a thuit uirre. Tá mé dhá saothrú 'chuile oíche
TUILLEADH (1) ▼
Fuil bhrúite atá ag teacht aisti agus í dubh-ghorm
·
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. = cineál ceathrú ghorm é; san gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos ro-bheathuithe; leigtear a gcuisle istigh san mbléin
2.
+–
Is fear gan fuil é, má leig sé don characháinín sin chuile dhuine dhár bhain leis a mhaslú = duine gan splannc fir; duine meata; duine gan aon-mhisneach
Marach gur fear gan fuil thú, ní thiúrfá cead d'aonduine do dheárthair a bhualadh mar sin
TUILLEADH (4) ▼
Is fear gan fuil a leigfeadh leis é
An bhfuil fuil ar bith ionad. Breá nach leathnuíonn tú le dorna é = an bhfuil misneach ar bith agad; an bhfuil tú meata ar fad?
Is furasta aithinte nach bhfuil aon-fhuil ionad. Dhá mba liomsa adéarfadh sé é, speirfinn é. Ara beir ar chloich a fhleascaigh, agus cuir báite in a bhaithis í
Tá tú gan fuil má thug tú cead do dhuine ar bith an rud sin a dhéanamh leat, agus gan cur ar do shon féin
+–
Seo é annseo, bail ó Dhia air, a bhfuil an fhuil ann. Le an Céideachaí atá sé seo ag dul. Tá taghd na gCéideachaí ann = tá splannc fir ann
Dar fiadh tá fuil annsin. Ní bheidh cinneadh ar bith leis ach a dteaga tuilleadh dhá aois
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil féith ná fuil ionad = an bhfuil spreacadh ar beith ionad?; an éagbhás thú?
3.
+–
Ba cheart an fhuil Mhártan a chur ar bhaithis chuile dhuine san teach = maruíthear éanlaith, caoirigh nó mairt, faoi Fhéil Mártan (taca an 11adh. Samhain). Sin í an fhuil Mhártan
Is ceart an fhuil Mhártan a dhóirteadh. Glacfaidh Mártan roimhe í, ach ní ghlacfaidh sé in a dhiaidh í = beitheach nó éan eicínt a mharú in ómós an Naomh Mártan. Ní mór dó a bheith maruithe roimh Lá Fhéile Mártan
TUILLEADH (1) ▼
Ar chuala tú faoin mbean fadó nach raibh aon-fhuil Mhártan aice le dóirteadh? … = ní raibh éan ná beitheach aice le marú
4.
·
Seo é cluiche na fola = comórtas cártaí agus níos mó ná cluiche amháin ann. Sé an cluiche deireadh nó an cluiche buaite cloch na fola; déarfaí le cluichí comórtais báire nó a leithide é freisin: an cluiche deireadh
Sin í cúig an fhuil; cúigín an fhuil = an chúig dheireadh sna clocha péire: an ceann a ghnothuíos an cluiche; an chúig a bheireas an bun i gcártaí
Fuil in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
+
→
faiteach
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
TUILLEADH (2) ▼
Nach hí atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhla: gurb í atá friochanta, téisiúil agad!
Tá sé sin cho faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon-chúis = coimhthioch, cuthaileadas air
+
→
faitíos
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
TUILLEADH (6) ▼
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin domáisteach go leór
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
Tá sé ag teacht in a fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Tá faitíos orm dó gur goidhe atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agad. Dhá mbeadh, bhí againn
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
faoisc
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
+
→
fara
Sílim go bhfuil a sheal tugha anois (sean-chlog). Sí an fhara a áit feasta
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh
+
Deir tú nach bhfuil de dhíol leasaithe agad. M'anam go bhfuil thearasbár tharmsa agad
TUILLEADH (8) ▼
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Déarfainnse nach bhfuil earasbár ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo cho dona agus a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar níl mórán d'earasbár aice ach oiread
Níl aon-mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint fearasbár dhá chéile
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
Cho fada agus is léar domsa é, sén chaoi a bhfuil gach dream aca ag baint earasbár donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feicthear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach sén deá-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Déarfainnse go bhfuil earasbár leiciméaracht ann thar an athair
+
→
feadhain
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
Chíotar dhom go bhfuil feánach mór san ngarraí aige inniu ag baint fhataí marab iad na cliamhaineachaí atá ann
+
→
fearacht
Ní hé fearacht an fhir seo annseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
→
fear
Má fhaghann sé céad punt anois, beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, th'éis nach bhfuil obair ar bith aige = beidh sé ag dul chun sochair dó
→
feart
A Dhia na bhFeart go dtuga tú fóirínt dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anshógh air!
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon-aghaidh ar an aimsir i mbliana mara bhfuil ag Dia
+
→
feasach
Tá sé tinn, adeir tú. Ní feasach mé go bhfuil muis = ní heólas dom
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé go bhfuil faoi aon-teach nuadh a dhéanamh.
B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh, ach ní feasach mé air má tá = níl a fhios agamsa é
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
→
fiosach
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
+
→
fios
Ab shin é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis = ní thuigim an scéal d'uireasa tuille mínithe
TUILLEADH (8) ▼
Tá tú ó fhios ar an scéal sin, mara bhfuil a fhios agad fhéin cheana é
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
Mara bhfuil aon-fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach = eólas a raibh feamainn isteach san gcladach
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labharha aige cho maith le M. Bh. annsin thoir. Is cliú don tír é, agus an chaoi a bhfuil sé indon a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
Dhá mbeadh fios mo labharha aghamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thiúrfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mara sonnda é!
An bhfuil fios do cheirde agad fós? = an bhfuil do cheird fólamta agad fós?
Is fear é a bhfuil fios a ghnatha aige = tá a fhios aige cén chaoi len a chuid oibre, nó le ceann oibre áirid a dhéanamh