1.
an lacht atá sna cuisleachaí agus sna féitheachaí i gcolainn duine srl.
a.
+–
Níl aon fhuil inti — tá a cuid fola ina sceidín (anaemic)
Rinne a chuid fola liath uisce ar fad — rinne a chuid fola cineál uisce
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh an nimh thríd an bhfuil agus cailleadh í
Bhuail sé ar an gceann é agus chuir sé fuil go haer ar an gcéad iarraidh
"D'innseodh sí scéal gan féith gan fuil" — litir
Tá an oiread fola ann agus a bheadh i mart — duine nó rud a mbeadh go leor fola ann; duine craosach dearg
+–
Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin (bíonn an dealg spíonáin lag maol, agus ní fhuileodh sé ar thada) — duine a mbíonn go leor fola ann nó a bhíos ina chorcán le fuil
Nach air atá snua a chodach. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in aon chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma sa diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior eanga air sa mbaile
·
Leagadh mé agus baineadh fuil asam — chaill mé fuil
Bainfidh mise fuil asat, má tá i ndán is go dtógfaidh mé mo láimh agat
+–
Bhí muic againn anseo anuraidh, agus bhuail rud eicínt í, agus lig muid a cuid fola — mharaigh muid í; ach ní chiallaíonn sé go minic ach cuisle beathach a ligean le galraí áiride i gcaoi is go dtiocfaidh scaird dhá gcuid fola. Slánaíonn sin (go minic) iad
Lig fuil na circe sin — maraigh í
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisim smid eile uait, ligfidh mé do chuid fola — maróidh mé thú mar a mharófaí cearc
+–
Bhí sé ag dórtadh fola — ag cur fhola ina srúillí
Dóirteadh fuil ann — rinneadh bualadh nó maraíodh daoine ann
TUILLEADH (1) ▼
D'fhulaingeodh fuil fuil i ngorta, ach ní fhuilfinneodh fuil fuil dhá dóirteadh (fc. fulaing)
+–
Tá sé ag cur fhola; tá sé ag tabhairt fhola — bleeding
Chuir sé fuil ar chuma ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig mo chuid fola ar fad; chuir mé a raibh d'fhuil ionam — chuir mé go leor fola
Má ba bheag mór an gearradh, tháinig fuil ar chaoi ar bith
Cuir Ortha an Choisceadh Fola dhó — ortha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
Chuir sé brádán fola amach — urlacan a theacht air; fuil a chur amach (i scéalta go háirid)
+–
Bhí sé faoi fhuil ar fad — dearg le fuil; clúdaithe le fuil
Bhí fuil air
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuil leis — mar a bheadh sí ag silt anuas lena éadan as gearradh eicínt
+–
Tá mé seacáilte idir fhuil agus fheoil — seacáilte ar fad
Tá mé dóite bruite idir fhuil agus fheoil
TUILLEADH (2) ▼
Ní thabharfainn deoir fhola le náire — bhí an-náire orm
Tabhair aire na fola don chasúr sin nó go dtuga tú ar ais aríst é — aire an linbh; an-aire
·
D'fhága sé dearg (daite) ina chuid fola é; d'fhága sé ina chuid fola é — bhuail sé agus ghearr sé é
Tá sé seo thuas ag déanamh an-bhulaí le gairid. D'fhága sé mac Ph. S. dearg ina chuid fola ag béal an bhóithrín an oíche cheana
+–
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go dtabharfaidh mé do chuid fola le n-ól duit — buailfidh mé dual na droinne ort; bainfidh mé fuil asat
Thug an staicín seo thíos a chuid fola le n-ól don bhéinneach
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh smideannaí beaga agat. Is gearr air siúd do chuid fola a thabhairt le n-ól duit
+–
Cuirfidh mé fuil do chroí ar do bhois (ar do chac freisin) — maróidh mé thú
Fainic! Lig de do chuid priocadóireacht liomsa. Chuirfinnse fuil do chroí ar do bhois ar iontú an tsoip
TUILLEADH (4) ▼
Lig dhó siúd. Tá sé achmainneach. Is beag an araoid a chuirfeá air nuair a chuirfeadh sé fuil do chroí ar do bhois
Chuirfeá fuil do chroí amach ag obair do chuid de na gangers sin, agus ní abróidís ina dhiaidh sin, gur maith a rinne tú é nó gur dona a rinne tú é — mharófá thú fhéin
Thabharfainn fuil mo chroí don fhear sin, dhá dteagadh sé in mo líon go brách. Chuir sé sin comaoin ormsa cheana …
Má bhíonn an fhuil ar an gcroí, is fhearrde a cur amach
+–
Ná lig do chuid fola leis a fhleascaigh — ó tharla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
Ní ligfidh mé mo chuid fola le fear ar bith nó go gcinne orm
TUILLEADH (2) ▼
Níor lig sé a chuid fola le aon fhear ariamh. Ba chrua an cás é nó bheadh a shásamh aige sin
Is dona an fear thú má ligeann tú do chuid fola leis an ngeospailín sin
b.
·
An rud atá sa bhfuil teagann sé amach sa bhfeoil (sa gcnáimh) — má bhí an drochbhraon in do shinsir, brisfidh sé amach ionatsa freisin; déanfaidh an té a bhfuil an braoinín salach ann gníomh eicínt a thaispeáinfeas nach bhfuil sé féin ag dul in aghaidh dúchais
An rud atá sa bhfuil is deacair é a bhaint as an gcnáimh — má bhí an drochbhraon in do mhuintir, ligfidh tusa le t'ais freisin é, cé go mb'fhéidir go mbeifeá ag iarraidh a cheilt
·
Tá an fhuil ar fónamh ansin; tá an fhuil mór ann — tá an braon maith ann; is mianach maith daoine é; tá an fhuil uasal ann
Tá braon den fhuil ar fónamh inti; tá braon den fhuil mhór inti — níl an braon tútach inti; is planda den fhíorfhuil í
+–
Mura bhfuil muid ard i gcuid, tá muid ard i bhfuil — mura bhfuil maoin agus brá gill againn, is dream daoine ar fónamh muid nó is daoine measúla muid
Cén bheann atá againn orthu. Nach bhfuil muid fhéin chomh maith leosan, na sotairí. Mura bhfuil muid ard i gcuid, tá muid ard i bhfuil, tá sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná glac peáirle ar bith uaidh. Tá tú fhéin in do mhac athar agus máthar chomh maith leisean. Ar ndóigh mura bhfuil tú ard i gcuid, tá tú ard i bhfuil. Dheamhan ceo a d'iarr tú airsean ariamh ar aon nós
c.
·
Cuirfidh mé an scian i bpoll na fola ionat — i logán an mhuiníl nó na brád
·
Rinne a chroí uan fhola i lár a chléibhe — bhris a chroí; fuair sé bás le buaireamh; nó le galra a mbeadh urlacan fola leis
+–
Tháinig urlacan fola air — haemorrhage
Tá fuil tsróine (tsróna freisin) air; tá fuil sróine air — fuil ón tsróin
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an lá ag cur fuil tsróna (nó ag tabhairt fuil sróine)
·
Fuil ghiniúnach a bhíos in uibh — d'fheicfeá amantaí í in uibh
Tá fuil ghiniúinte sna huibheachaí sin
+–
Tá fuil íne(?) air — sórt nimh a dhul sa bhfuil; thiocfadh sé ó dhrochghearradh nach bhfaigheadh aire; teagann dath gorm ar an bhfuil
Tá mo láimh ag déanamh fuil íne
TUILLEADH (1) ▼
Fuil íne atá déanta ag cois S. Is furasta a aithinte uirthi é. Tá an t-ábhar ar fad cruinnithe sa lorga
+–
Tá fuil bhrúite déanta ag mo chois — dhá dtiteadh cloch sa troigh ort agus do bhróga ort, ní dóigh go bhfuileodh sí chor ar bith ort ach d'fháiscfeadh sí agus chreangfadh sí an fheoil. Dhéanfadh an lot ansin fuil bhrúite
Níl a fhios cén fhuil bhrúite a tháinig as mo sháil le dhá lá. Cloch den chlaí a thit uirthi. Tá mé dhá saothrú chuile oíche
TUILLEADH (1) ▼
Fuil bhrúite atá ag teacht aisti agus í dubhghorm
·
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. — cineál ceathrú ghorm é; sa gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos róbheathaithe; ligtear a gcuisle istigh sa mbléin
2.
+–
Is fear gan fuil é má lig sé don charracháinín sin chuile dhuine dhár bhain leis a mhaslú — duine gan splanc fir; duine meata; duine gan aon mhisneach
Murach gur fear gan fuil thú, ní thabharfá cead d'aon duine do dheartháir a bhualadh mar sin
TUILLEADH (4) ▼
Is fear gan fuil a ligfeadh leis é
An bhfuil fuil ar bith ionat. Breá nach leathnaíonn tú le dorna é — an bhfuil misneach ar bith agat; an bhfuil tú meata ar fad?
Is furasta a aithinte nach bhfuil aon fhuil ionat. Dhá mba liomsa adéarfadh sé é, speirfinn é. Ara beir ar chloich a fhleascaigh, agus cuir báite ina bhaithis í
Tá tú gan fuil má thug tú cead do dhuine ar bith an rud sin a dhéanamh leat agus gan cur ar do shon féin
+–
Seo é anseo, bail ó Dhia air, a bhfuil an fhuil ann. Le an Céideachaí atá sé seo ag dul. Tá taghd na gCéideachaí ann — tá splanc fir ann
Dar fia tá fuil ansin. Ní bheidh cinneadh ar bith leis ach a dteaga tuilleadh dhá aois
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil féith ná fuil ionat — an bhfuil spreacadh ar beith ionat?; an éagbhás thú?
3.
+–
Ba cheart an fhuil Mhártan a chur ar bhaithis chuile dhuine sa teach — maraítear éanlaith, caoirigh, nó mairt faoi Fhéil Mártan (taca an 11ú Samhain). Sin í an fhuil Mhártan
Is ceart an fhuil Mhártan a dhóirteadh. Glacfaidh Mártan roimhe í, ach ní ghlacfaidh sé ina dhiaidh í — beathach nó éan eicínt a mharú in ómós an Naomh Mártan. Ní mór dó a bheith maraithe roimh Lá Fhéile Mártan
TUILLEADH (1) ▼
Ar chuala tú faoin mbean fadó nach raibh aon fhuil Mhártan aici le dóirteadh? … — ní raibh éan ná beathach aici le marú
4.
·
Seo é cluiche na fola — comórtas cártaí agus níos mó ná cluiche amháin ann. 'Sé an cluiche deiridh nó an cluiche buaite cloch na fola; déarfaí le cluichí comórtais báire nó a leithide é freisin: an cluiche deiridh
Sin í cúig an fhuil; cúigín an fhuil — an chúig dheiridh sna clocha péire: an ceann a ghnóthaíos an cluiche; an chúig a bheireas an bun i gcártaí
fuil in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
+
→
faiteach
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
TUILLEADH (2) ▼
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
+
→
faitíos
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
TUILLEADH (6) ▼
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agat. Dhá mbeadh, bhí againn
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
faoisc
Fág ansin iad. Níl leathbhruith orthu fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orthu. Níor fhaoisc siad chor ar bith
+
→
fara
Sílim go bhfuil a sheal tugtha anois (seanchlog). 'Sí an fhara a áit feasta
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó tharla) nach bhfuil sé in ann aon cheo a dhéanamh.
+
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
TUILLEADH (8) ▼
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo chomh dona is a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar, níl mórán d'earasbarr aici ach oiread
Níl aon mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bhliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint farasbarr dhá chéile
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Déarfainnse go bhfuil earasbarr leiciméireacht ann thar an athair
+
→
feadhain
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
Chítear dhom go bhfuil feadhnach mór sa ngarraí aige inniu ag baint fhataí murab iad na cliamhaineachaí atá ann
+
→
fearacht
Ní hé fearacht an fhir seo anseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
→
fear
Má fhaigheann sé céad punt anois beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, théis nach bhfuil obair ar bith aige — beidh sé ag dul chun sochair dó
→
feart
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon aghaidh ar an aimsir i mbliana mura bhfuil ag Dia
+
→
feasach
Tá sé tinn, adeir tú. Ní feasach mé go bhfuil muis — ní heolas dom
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé go bhfuil faoi aon teach nua a dhéanamh.
B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh, ach ní feasach mé air má tá — níl a fhios agamsa é
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
→
fiosach
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
+
→
fios
Ab in é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis — ní thuigim an scéal d'uireasa tuilleadh mínithe
TUILLEADH (8) ▼
Tá tú ó fhios ar an scéal sin, mura bhfuil a fhios agat fhéin cheana é
'Sé an diabhal é nó tá fios na rólachaí aige feasta choíchin agus chomh fada agus atá sé taithithe ann. Ach ní duine é a bhfuil aon mheabhair ann cheapfainn
Mura bhfuil aon fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach — eolas a raibh feamainn isteach sa gcladach
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labhartha aige chomh maith le M. Bh. ansin thoir. Is clú don tír é agus an chaoi a bhfuil sé in ann a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
An bhfuil fios do cheirde agat fós? — an bhfuil do cheird foghlamtha agat fós?
Is fear é a bhfuil fios a ghnaithe aige — tá a fhios aige cén chaoi lena chuid oibre, nó le ceann oibre áirid, a dhéanamh