Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fola (50+)

+
fág i
D'fhága sé ina chuid fola é — d'fhága sé buailte é; bhuail sé é
TUILLEADH (1) ▼
Fágfaidh mise in do chuid fola thú, má chloisim mórán eile sceaimhínteacht agat
 
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
beo 1
Deir siad dhá sáití biorán ionat san áit a mbeadh an t-éasc beo go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfadh sí mura mbeadh an t-éasc beo ann faoi láthair.
 
aire
Níl a sheasamh agam níos faide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois nó ligfidh mise do chuid fola leat (fágfaidh mé in do chuid fola tú; fágfaidh mé séala ort nach scarfaidh leat go luath; atfaidh mé an smut agat; cuirfidh mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agat; ligfidh mé smaois leat; cuirfidh mé do chuid fiacla in do bholg; déanfaidh mé cón(t)ra dhíot; cuirfidh mé fuil do chroí ar do chac; cuirfidh mé ceirín ort; cuirfidh mé ag tóraíocht luibheannaí thú; cuirfidh mé cruóg dochtúra ort; cuirfidh mé i gcruth na hola tú; srl. srl.)
 
amach
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír' (Creathnach Sheáin Boirne)
 
anuas
Bhí a chuid fola anuas leis — ag titim síos lena chraiceann
 
failm
Bhuail sé d'fhailm de dhorna ar pholl na cluaise é agus chuir sé an sruthán fola go talamh leis. Diabhal a leithide d'iarraidh!
+
Chaill sé foracún fola ach is beag a aireos sé siúd é. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sí cupla foracún fola amach. Nach in é do dhóthain. Eitinn
 
fuadar
Chuala mé go raibh fuadar fola faoi seo thuas aréir aríst. Oícheanta aonaigh i gcónaí! Níl neart aige deoir ar bith a ól anois nach bhfuil sé éirithe sa gcoirice aige
+
féith 1
Cnaipín beag crua a tháinig ar thaobh mo choise ansin agus thosaigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnaigh sé go raibh sé ina fhearsaid sa bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inti ach mionfhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon deoir fhola ag gabháil liom.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhéith fola ar an gcaora dhubh sin thuas (fc. fuil) — cailleann sí caoirigh a bhíos róbheathaithe. Drochghalra í. Tugtar ceathrú ghorm freisin uirthi. Ar chosa na gcaorach a theagas sí. Atann siad roinnt, agus teagann dath dubhghorm orthu. Ní go minic a theagas siad uaithi. Ligtear an chuisle acu istigh sna bléantrachaí
Féith fola a tháinig uirthi. Níor sheas sí achar ar bith leis. Ní sheasann ná aon chaora. Níl le déanamh ach cuisle na bléine a ligean. An uair sin fhéin is doiligh leo a theacht uaidh. Chaill sé go leor caorach an bhliain cheana, ach shílfeá go bhfuil sé ligthe faoi anois, ní ag tabhairt guth air é
+
fuil 1
Rinne a chuid fola liath uisce ar fad — rinne a chuid fola cineál uisce
TUILLEADH (21) ▼
Tá an oiread fola ann agus a bheadh i mart — duine nó rud a mbeadh go leor fola ann; duine craosach dearg
Bhí muic againn anseo anuraidh, agus bhuail rud eicínt í, agus lig muid a cuid fola — mharaigh muid í; ach ní chiallaíonn sé go minic ach cuisle beathach a ligean le galraí áiride i gcaoi is go dtiocfaidh scaird dhá gcuid fola. Slánaíonn sin (go minic) iad
Má chloisim smid eile uait, ligfidh mé do chuid fola — maróidh mé thú mar a mharófaí cearc
Bhí sé ag dórtadh fola — ag cur fhola ina srúillí
Tháinig mo chuid fola ar fad; chuir mé a raibh d'fhuil ionam — chuir mé go leor fola
Cuir Ortha an Choisceadh Fola dhó — ortha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
Chuir sé brádán fola amach — urlacan a theacht air; fuil a chur amach (i scéalta go háirid)
Tabhair aire na fola don chasúr sin nó go dtuga tú ar ais aríst é — aire an linbh; an-aire
D'fhága sé dearg (daite) ina chuid fola é; d'fhága sé ina chuid fola é — bhuail sé agus ghearr sé é
Tá sé seo thuas ag déanamh an-bhulaí le gairid. D'fhága sé mac Ph. S. dearg ina chuid fola ag béal an bhóithrín an oíche cheana
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go dtabharfaidh mé do chuid fola le n-ól duit — buailfidh mé dual na droinne ort; bainfidh mé fuil asat
Thug an staicín seo thíos a chuid fola le n-ól don bhéinneach
Bíodh smideannaí beaga agat. Is gearr air siúd do chuid fola a thabhairt le n-ól duit
Ná lig do chuid fola leis a fhleascaigh — ó tharla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
Ní ligfidh mé mo chuid fola le fear ar bith nó go gcinne orm
Níor lig sé a chuid fola le aon fhear ariamh. Ba chrua an cás é nó bheadh a shásamh aige sin
Is dona an fear thú má ligeann tú do chuid fola leis an ngeospailín sin
Cuirfidh mé an scian i bpoll na fola ionat — i logán an mhuiníl nó na brád
Tháinig urlacan fola air haemorrhage
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. — cineál ceathrú ghorm é; sa gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos róbheathaithe; ligtear a gcuisle istigh sa mbléin
Seo é cluiche na fola — comórtas cártaí agus níos mó ná cluiche amháin ann. 'Sé an cluiche deiridh nó an cluiche buaite cloch na fola; déarfaí le cluichí comórtais báire nó a leithide é freisin: an cluiche deiridh
 
M'anam muise má tá fréamhrachaí in do chosa nach mór duit a dhul rompu. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireanach de do chuid fola, crois Críost orainn!
 
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
+
dearg 1
D'fhága sé ansiúd dearg ina chuid fola é (nó daite ina chuid fola) — chuir sé go leor fola leis
TUILLEADH (3) ▼
Mura n-éirí tú as do chuid aisiléireacht anois, fágfaidh mé dearg in do chuid fola thú
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath is a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg ina chuid fola. Ba in é an deasú air
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. 'Sé an bia sa sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaigh a chéile chuile ré solais?
 
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá inti. Nach geall le pota fola í! Tá sí ró-otraithe freisin
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thart é mar chat! Is breá an geampa feola atá ardaithe leat agat! Ach ní milleán ort é ó d'éirigh sé leat! 'Sé an bia sa sruth fola do ghreimse ar chaoi ar bith!
 
Tá sí sin chomh leitheadach, chomh suimiúil, le cat a mbeadh póca air. Caitheann sí uair an chloig ag giogáil agus ag bruiseáil (brusheáil) na clainne chuile mhaidin roimh an scoil. Dhá bhfeictheá an suachmán siúd a mbíonn an coiléar air, thoir ar an mbóthar lá i mbliana, agus gasúr le M. Ph. Sh. dhá phlancadh. Is gearr nach geal a bhí an coiléar ach dearg — dearg lena chuid fola. Chuaigh sí féin ag an scoil, agus ag an mbeairic faoi, lá arna mhárach
 
dol 1
Bhí suas le deich gcinn acu ann ina smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
+
Tá drithlíní seaca in mo chuid fola. Ní hé a mhalrait atá ann. Tá sí ag reo nó diabhal eicínt
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú an raibh sé ag troid? Diabhal mé go raibh drithlíní fola leis ag teacht anoir dhó. Ba chosúil é le fear a bheadh théis fuil a ghlanadh dhá éadan
Tá drithlíní fola i chuile áit ort. Is geall le stalla t'éadan. Breá nach ndearna tú réiteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca furú!
 
droim
Bhuail sé leadóg de dhroim an leabhair mar sin isteach ar an ngrua orm agus lig sé mo chuid fola liom. Níorbh é ba chiontaí ach mise a lig leis é nár chuir taobhach air. Ba é a bhí agam a dhéanamh leis