Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fola (50+)

+
fág i
D'fhága sé in a chuid fola é = d'fhága sé buailte é; bhuail sé é
TUILLEADH (1) ▼
Fágfaidh mise in do chuid fola thú, má chloisim mórán eile sceaimhínteacht agad
 
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
 
beo 1
Deir siad dhá sáiththí biorán ionnad 'san áit a mbeadh a' t-iasc beo, go dtiocfadh do chuid fola as éadan. Ní thiocfad sí mara mbeadh a' t-iasc beo ann faoi láthair.
 
aire
Níl a sheasamh a'm níos fuide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois, nó leigfe mise do chuid fola leat (fágfa mé in do chuid fola tú; fágfa mé séala ort, nach scarfa leat go luath; atfa mé an smut agad; cuirfe mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agad; leigfe mé smaois leat; cuirfe mé do chuid fiacla in do bholg; déanfa mé con(t)ra dhíot; cuirfe mé fuil do chroidhe ar do chac; cuirfe mé ceirín ort; cuirfe mé a' tóruigheacht luibheannaí thú; cuirfe mé cruadhóg dochtúra ort; cuirfe mé igcruth na h-ola tú; etc. etc)
 
amach
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; a's gheobha siad seantáin amach faoi'n tír' (Creathnach Sheáin Bóirne)
 
anuas
Bhí a chuid fola anuas leis = a' tuitim síos le na chraiceann.
 
failm
Bhuail sé d'fhailm de dhorna ar pholl na cluaise é agus chuir sé an sruthán fola go talamh leis. Diabhal a leithide d'iarraidh!
+
Chaill sé foracún fola, ach is beag a aireós sé siúd é. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sí cupla foracún fola amach. Nach shin é do dhóthain. Eitinn
 
fuadar
Chuala mé go raibh fudar fola faoi seo thuas aréir aríst. Oícheannta aonaigh i gcomhnaí! Níl neart aige deóir ar bith a ól anois nach bhfuil sé eirithe san gcoirice aige
+
féith 1
Cnaipín beag cruadh a tháinig ar thaobh mo choise annsin agus thosuigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnuigh sé go raibh sé in a fhearsaid san bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inte ach mion-fhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon-deóir fhola ag gabhail liom.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhéith fola ar an gcaora dhubh sin thuas (fc. fuil) = cailleann sí caoirigh a bhíos ro-bheathuithe. Droch-ghalra í. Tugtar ceathrú ghorm freisin uirre. Ar chosa na gcaorach a theagas sí. Atann siad roint, agus teagann dath dubh-ghorm orra. Ní go minic a theagas siad uaithe. Leigtear an chuisle aca istigh sna bléantrachaí
Féith fola a tháinig uirre. Níor sheas sí achar ar bith leis. Ní sheasann ná aon-chaora. Níl le déanamh ach cuisle na bléine a leigean. An uair sin fhéin is doiligh leo a theacht uaidh. Chaill sé go leór caorach an bhliain cheana, ach shílfeá go bhfuil sé leighe faoi anois ní ag tabhairt gu(bh) air é
+
fuil 1
Rinne a chuid fola liath uisce ar fad = rinne a chuid fola cineál uisce
TUILLEADH (21) ▼
Tá an oiread fola ann agus a bheadh i mart = duine nó rud a mbeadh go leór fola ann; duine craosach dearg
Bhí muic againn annseo anuiridh, agus bhuail rud eicínt í, agus leig muid a cuid fola = mharuigh muid í; ach ní chialluíonn sé go minic ach cuisle beitheach a leigean le galraí áiride i gcaoi agus go dtiocfaidh scáird dhá gcuid fola. Slánuíonn sin (go minic) iad
Má chloisim smid eile uait leigfidh mé do chuid fola = maróidh mé thú mar a mharóchaí cearc
Bhí sé ag dórtadh fola = ag cur fhola in a srúlaí
Tháinig mo chuid fola ar fad; chuir mé a raibh d'fhuil ionam = chuir mé go leór fola
Cuir artha an Choisceadh fola dhó = artha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
Chuir sé brádán fola amach = urlacan a theacht air; fuil a chur amach (i scéalta go háirid)
Tabhair aire na fola don chasúr sin, nó go dtuga tú ar ais aríst é = aire an leinbh; an-aire
D'fhága sé dearg (daite) in a chuid fola é; d'fhága sé in a chuid fola é = bhuail sé agus ghearr sé é
Tá sé seo thuas ag déanamh an-bhulaí le goirid. D'fhága sé mac Ph. S. dearg in a chuid fola ag béal an bhóithrín an oíche cheana
M'anam agus ná raibh ag an diabhal go dtiúrfaidh mé do chuid fola len ól duit = buailfidh mé dual na druinne ort; bainfidh mé fuil asad
Thug an staicín seo thíos a chuid fola len ól don bhéinneach
Bíodh smideannaí beaga agad. Is gearr air siúd do chuid fola a thabhairt len ól duit
Ná leig do chuid fola leis a fhleascaigh = ó thárla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
Ní leigfidh mé mo chuid fola le fear ar bith nó go gcinne orm
Níor leig sé a chuid fola le aon-fhear ariamh. Ba chruadh an cás é, nó bheadh a shásamh aige sin
Is dona an fear thú, má leigeann tú do chuid fola leis an ngeospailín sin
Cuirfidh mé an scian i bpoll na fola ionad = i logán an mhuiníl nó na brád
Tháinig urlacan fola air = haemmorhage
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. = cineál ceathrú ghorm é; san gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos ro-bheathuithe; leigtear a gcuisle istigh san mbléin
Seo é cluiche na fola = comórtas cártaí agus níos mó ná cluiche amháin ann. Sé an cluiche deireadh nó an cluiche buaite cloch na fola; déarfaí le cluichí comórtais báire nó a leithide é freisin: an cluiche deireadh
 
M'anam muise má tá fréimhreachaí in do chosa nach mór duit a dhul rómpa. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireannach de do chuid fola, crois Críost orainn!
 
Tugtar dreoilín eicínt aca i gcomhnuí do'n deachma … Tuige nach bhfaca tú aon-dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easbaí. Caithfidh tú a bheith ag tóruidheacht agus ag síor-thóruidheacht go bhfaghaidh tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag innte. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóruigheacht' dhuit chor ar bith, scaithtí. Bíonn neadrachaí dreóilín thar a chéile ann blianta. Scaithtí eile ní fheicfeá ceann ar bith … An uair a gheobhas tú an nead, níl agad le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharbhú agus a gcuid fola a chur ar shean-cheirt. Caithfidh tú fuil as 'chaon cheann aca a chur uirre. Mara gcuiridh ní bheidh aon-mhaith dhuit ann. Breith ar an sean-cheann annsin — an Rí — agus deirtear í a thabhairt do'n deachma. Ach is cuma cé'n ceann de na trí cinn déag a thiubharfá do'n deachma ins an gcás sin. Bíonn muirghín mhór ar an dreoilín. "Is mór mo mhuirghín: is beag mé féin" adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta annsin, le ceirt na n-easbaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoi'n dreoilín a tugadh do'n deachma. 'Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cunntas faoi cheirt na n-easbaí a fuair mé ó m'athair)
+
dearg 1
D'fhága sé annsiúd dearg in a chuid fola é (nó daithte in a chuid fola) = chuir sé go leór fola leis
TUILLEADH (3) ▼
Mara n-eirí tú as do chuid aisiléaracht anois, fágfaidh mé dearg in do chuid fola thú
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath agus a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg in a chuid fola. Ba shin é an deasú air
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. Sén biadh san sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaí 'chéile chuile ré solais?
 
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá innte. Nach geall le pota fola í! Tá sí ro-otruithe freisin
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thart é mar chut! Is breá an geampa feola atá árduithe leat agad! Ach ní milleán ort é ó d'eirigh sé leat! 'Sé an biadh san sruth fola do ghreim-sa ar chaoi ar bith!
 
Tá sí sin cho leitheadach, cho suimeamhail le cut a mbeadh póca air. Caitheann sí uair an chluig ag gíogáil agus ag "bruiseáil" ("brusheáil") na cloinne 'chuile mhaidin roimh an scoil. Dhá bhfeictheá an suachmánn siúd a mbíonn an coiléar air, thoir ar an mbóthar lá imbliana, agus gasúr le M. Ph. Sh. dhá phlionncadh. Is gearr nach geal a bhí an coiléar ach dearg — dearg len a chuid fola. Chuaidh sí féin ag an scoil, agus ag an mbearraic faoi, lá'r na bháireach
 
dol 1
Bhí suas le deich gcinn aca ann in a smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
+
Tá drillíní seaca in mo chuid fola. Ní hé a mhalrait atá ann. Tá sí ag reodh nó diabhal eicínt.
TUILLEADH (2) ▼
Meastú an raibh sé ag troid? Diabhal mé go raibh drillíní fola leis ag teacht anoir dhó. Ba chosamhail é le fear a bheadh th'éis fuil a ghlanadh dhá éadan
Tá drillíní fola is 'chuile áit ort. Is geall le stealla t'éadan. Breagh nach ndearna tú réidhteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca forú!
 
droim
Bhuail sé leadóg de dhruim an leabhair mar sin isteach ar an ngruaidh orm, agus leig sé mo chuid fola liom. Níorbh é ba chionntaighe ach mise a leig leis é, nachar chuir taobhach air. Ba é a bhí agam a dhéanamh leis