—
fuil a tharraint; gearradh nó goineadh a dhéanamh ar dhuine.
+–
D'fhuiligh an gliomach ar mo mhéir. Ní raibh aon-bhannaí ann = ghearr sé í; bhain sé fuil aisti
Siad na sceannadóirí iad na portáin sin. Fainic an bhfuileoidís ort. D'fhuileódh go héascaidh
TUILLEADH (7) ▼
Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuilíodh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é. Deiridís go gcneasuíodh sé é
Fan uaidh sin. Is fánach an chaoi a bhfuileódh sé ort
Má fhuilíonn fóthach ort, deir siad gurb éard atá agad a dhéanamh ar an bpuinnte, an dochar a dhiúl as, ach gan a leigean in do bholg
Is tinn an rud é sin má fhuilíonn sé ort. Dheamhan rud níos tinne
Beannacht Dé dhuit fhéin agus do do dhúbhán carraige. Ní fhuileódh sé amháin air siúd (líomhán)
Níl aon-uair dhá dteighim ag gearradh tobac leis an scian sin nach bhfuilím orm fhéin. Tá faobhar rásúir uirre
D'fhuiligh dris orm annsin thuas san ngarraí. Tháinig an-scáird fhola asam
+–
Is furasta fuiliú ar phutógaí falamh = is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan etc.
Bí buíoch nar ith mise aon-ghreim ó mhaidin inniu. Marach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailfeadh an madadh se'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh. Dheamhan greim a fhaghas sé siúd, ach an méid a bhaineas sé as a chrága
+–
Is beag an rud a fhuilíos ar cheann carrach; is furasta fuiliú ar cheann carrach; is furasta fuil a bhaint as cúl carrach = is beag atá indon cur chuig duine atá go dona, nó buailte suas cheana; is furasta nocht a dhéanamh de bhocht
Bhí mé an-bhuailte suas le coicís. Choinnigh mé an leabaidh. Shílfeá nach raibh tsiocair ar bith agam mara fuacht a fuair mé oíche na tórradh. Ach deir siad gur furasta fuiliú ar cheann carrach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé le cur as seilbh. Níor íoc sé aon-chíos, ó a baineadh an "dole" dhe. Shílfeá nach gcuirfeadh an "dole" céanna síos ná suas é, ach is furasta fuiliú ar cheann carrach
Féach freisin
Fuiligh in iontrálacha eile (7)
→
búistiún
D'fhuiligh portán ar ucht mo láimhe, a's rinne sí búistiún chomh mór le do dhorna. Is olc an éadáil iad na portáin sin má theang(mh)uigheann siad leat chor a' bith.
+
→
dealg
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scáird fhola a tháinic as mo mhéir aice
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeacha sé ag baint sceiche annsin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá ar na bháireach bhí sé ins an leabaidh aice agus níor eirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirre — ach ní raibh comhairleachan ar bith in a chíonn siúd. Is dona a chuaidh an sceach do'n duine bocht ar aon-nós
→
dúchas
Dúchas 'sábhálaidh Dia sinn! Má tá sé le dúchas tá sé réidh. Is fada th'éis an madadh fuiliú ar dhuine, go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dheallracán annsin slán an tsamhail a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosóchthá ag cur chubhair amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort 'chuile phuinte agus meirbhthean in a dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon-leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do 'chuile shórt leigheas dhá chuid féin