Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuiligh
briathar
fuilím srl.
fuil a tharraingt; gearradh nó goineadh a dhéanamh ar dhuine.
+
D'fhuiligh an gliomach ar mo mhéir. Ní raibh aon bhannaí ann — ghearr sé í; bhain sé fuil aisti
'Siad na sceanadóirí iad na portáin sin. Fainic an bhfuileoidís ort. D'fhuileodh go héasca
TUILLEADH (7) ▼
Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuilíodh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é. Deiridís go gcneasaíodh sé é
Fan uaidh sin. Is fánach an chaoi a bhfuileodh sé ort
Má fhuilíonn fothach ort, deir siad gurb éard atá agat a dhéanamh ar an bpointe an dochar a dhiúl as ach gan a ligean in do bholg
Is tinn an rud é sin má fhuilíonn sé ort. Dheamhan rud níos tinne
Beannacht Dé dhuit fhéin agus do do dhuán carraige. Ní fhuileodh sé amháin air siúd (liamhán)
Níl aon uair dhá dtéim ag gearradh tobac leis an scian sin nach bhfuilím orm fhéin. Tá faobhar rásúir uirthi
D'fhuiligh dris orm ansin thuas sa ngarraí. Tháinig an-scaird fhola asam
+
Is furasta fuiliú ar phutógaí folamh — is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan srl.
Bí buíoch nár ith mise aon ghreim ó mhaidin inniu. Murach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailfeadh an madadh s'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh. Dheamhan greim a fhaigheas sé siúd ach an méid a bhaineas sé as a chrága
+
Is beag an rud a fhuilíos ar cheann carrach; is furasta fuiliú ar cheann carrach; is furasta fuil a bhaint as cúl carrach — is beag atá in ann cur chuig duine atá go dona nó buailte suas cheana; is furasta nocht a dhéanamh de bhocht
Bhí mé an-bhuailte suas le coicís. Choinnigh mé an leaba. Shílfeá nach raibh tsiocair ar bith agam mura fuacht a fuair mé oíche na tórramh. Ach deir siad gur furasta fuiliú ar cheann carrach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé le cur as seilbh. Níor íoc sé aon chíos ó baineadh an dole dhe. Shílfeá nach gcuirfeadh an dole céanna síos ná suas é, ach is furasta fuiliú ar cheann carrach

Féach freisin

fuiligh in iontrálacha eile (11)

 
colg
Éirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileodh na coilgní sin ort.
+
bannaí 1
Murach go gcuirtear bannaí ar na gliomaigh, d'fhuileoidís ort go héasca — bhainfidís greamannaí agus fuil asat.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an chaoi a bhfuileodh an sceanadóir de ghliomach sin ort mura gcuire tú bannaí air as láimh.
 
D'fhuiligh portán ar ucht mo láimhe agus rinne sí búistiún chomh mór le do dhorna. Is olc an éadáil iad na portáin sin má theangaíonn siad leat chor ar bith.
 
deacair 2
Is deacair fuiliú ar cheann carrach (fc. carrach, fuiligh)
+
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scaird fhola a tháinig as mo mhéir aice
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
 
dia 1
In onóir Dé agus Mhuire lig amach mé, agus ná fuiligh orm
+
M'anam dhá mbeadh dúchas air, go mbeadh sé thar a bheith i fits. Níl dochar ar bith sna fits sin. Ach ní fhaigheadh an madadh dúchais biseach ar bith go maraítí é. An té a mbéarfadh sé air, bhí sé le dúchas chomh maith leis an madadh. Dhá bhféadthá an madadh a mharú, é a bhruith, agus an sú a thabhairt le n-ól don té a mbéarfadh sé air, leigheasfadh sé é. Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuileodh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é
TUILLEADH (1) ▼
Dúchas go sábhála Dia sinn! Má tá sé le dúchas, tá sé réidh. Is fada théis an madadh fuiliú ar dhuine go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dhealrachán ansin slán an tsamhail, a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosófá ag cur chúir amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort chuile phointe agus meirfean ina dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do chuile shórt leigheas dhá chuid féin