Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fuiligh (7)

 
deacair 2
Is deacair fuiliú ar cheann carrach (fc. carrach, fuiligh)
+
dealg
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scaird fhola a tháinig as mo mhéir aice
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
 
dia 1
In onóir Dé agus Mhuire lig amach mé, agus ná fuiligh orm
+
M'anam dhá mbeadh dúchas air, go mbeadh sé thar a bheith i fits. Níl dochar ar bith sna fits sin. Ach ní fhaigheadh an madadh dúchais biseach ar bith go maraítí é. An té a mbéarfadh sé air, bhí sé le dúchas chomh maith leis an madadh. Dhá bhféadthá an madadh a mharú, é a bhruith, agus an sú a thabhairt le n-ól don té a mbéarfadh sé air, leigheasfadh sé é. Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuileodh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é
TUILLEADH (1) ▼
Dúchas go sábhála Dia sinn! Má tá sé le dúchas, tá sé réidh. Is fada théis an madadh fuiliú ar dhuine go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dhealrachán ansin slán an tsamhail, a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosófá ag cur chúir amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort chuile phointe agus meirfean ina dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do chuile shórt leigheas dhá chuid féin