—
a.
bácáil; taos nó plúr nó im, nó créafóg etc. a mhúnlú go gcuirtear cumraíocht áirid air (cáca, mioscán, fóide agus rl.).
+–
Fuin cáca = déan cáca
Fuinfidh mé sudóigín bheag eile faitíos nach mbeadh ar ndíol againn
TUILLEADH (2) ▼
Chuile uair dhá ngabhfá ag fuint cáca fadó, chaithfeá ceapairí a chur san luath do na gasúir. Níl an faisean sin aca chor ar bith anois
Níl fuint ar bith ar an gcáca sin. Ní bean mhaith aráin thú ar aon-chor
+–
Fuin ceart anois é = im in a mhioscán nó in a phrionnda
Níl an t-im sin fuinte ceart. An bhfeiceann tú a bhfuil de sprochaillí air?
TUILLEADH (2) ▼
Fuair P. píosa 'shriogán (sreangán) agus d'fhuin sé ruainne aráin isteach ann, agus chaith sé ag an bhfaoilleán é. D'ailpigh sé sin ar an toirt é
Fuin an rópa sin go maith = cuir fuinneamh ann; déan láidir spreacúil é
·
Dheamhan fód ar bith móna annsin. Tá lagphoill ann, ach chinnfeadh ort aon-fhód a mhúnláil ionta. An méid móna a bhíos ann, is móin fhuinte í = an áit a bhfuil portaigh ro-ídithe, nó nach féidir an cineál móna a bhíos ann a mhúnláil le sleán, séard a déantar móin fhuinte, nó an mhóin a fhuint ann: baintear nó cruinnítear meall de rod an phortaigh nó lagphoill, agus scárdtar uisce air, agus tosuítear ag damhsa agus ag talltú annsin air, nó go bhfáisctear cuid mhaith den uisce as agus go ndéantar leathnóig dhe, agus go mbeidh sé táite in a chéile mar a bheadh cáca ann. Gearrtar annsin é in a fhóideógaí, agus fágtar ar triomú iad ar nós móin ar bith. Bíonn a leithide de mhóin in áiteachaí timpeall ar Áth Cinn i gCondae na Gaillimhe
+–
Is fear fuinte fáische é = cruadh fáische; fear déanta, miotallach
Déanfaidh sé fear fuinte fáische nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
TUILLEADH (1) ▼
Créafóg fhuinte a chuirtear sna tithe in áiteacha eile: tithe créafóige
+–
Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min; dhá bhreaichte de bhean í Máire Eóin ní fhuinfeadh sí cáca gan min = ní breaichte a níos brachán ach min; is fuar an rud cliú gan chuid; níl aon-mhaith san mbreácha gan teannadh ar a cúl
Bean bhreá í, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon-spré aice. Dhá bhreácha í Máire ní fhuinfeadh sí cáca gan min
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhreácha í Máire Eóin ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leór, má bhíonn a dóthain airgid aice. Sé an t-airgead an bhreácha
+–
Caithfidh tú fuint de réir na mine = nuair a stopfas an síol stopfaidh an fuirseadh; ní fhéadfaidh do dhola a dhul thar do shlí; ní fhéadfaidh tú a chaitheamh ach a bhfuil agad
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt aca sin in a máistreásaí scoile, agus chuile dhuine san teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú san teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht marach cho daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
Is doiligh dhuinne airgead a chaitheamh ar theach nua. Tiocfamuid leis an sean-teach go ceann tamaill eile. Caithfidh duine fuint de réir na mine
b.
munlú, munlú de réir dúchais áirid.
+–
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é (deirtear fuinneadh amanntaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) = ba í an ghadaíocht an chéad bhiadh san sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gaduithe uilig a bhí timpeall air in a óige
Brugh agus ding uirre: ag rádh nachar ith sí aon-bháirneach ariamh, agus gurb as báirnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aice. Is íontas nach bhfuil siad ag fás uirre féin
TUILLEADH (2) ▼
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon-rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabhail fhuinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní leigfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní leigfeadh sin
Fuin in iontrálacha eile (7)
→
fearann
Níl d'fhuighleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabhail le buile. Bíonn sé cho goineach le caraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sib arán ó thárla nach raibh mé fhéin istigh
→
fáisc
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí in a mhuinntir?
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad agus a chaith sí dhá dhiúrnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca "grandáilte" a bhí ann, agus nachar mhór fuint duine uasail a thabhairt air
→
dual 1
Chaithfeadh sé a bheith mar sin ná duine ar bith eile a tóigeadh istigh ar aon-bhaile leis. As an scaibhtéaracht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nachar fhága seisean aon-dual ná aon-tslis di in a dhiaidh ach an oiread le ceachtar aca
→
dícheall
An uair a bhí siad uilig cruinn ba mhaith an dicheall di arán a choinneál fuinte leo, ba mhaith sin
→
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíob mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'eirigh suas. Cuid de'n dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mboichteanacht, cho luath agus a eirigheas siad as an lathach chor ar bith, ní leigfidh siad orra féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iad-san, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthannach agus nach ndúinfidh siad a súile ar aonduine, bocht ná saibhir