—
a.
bácáil; taos nó plúr nó im, nó créafóg srl. a mhúnlú go gcuirtear cumraíocht áirid air (cáca, meascán, fóide srl.).
+–
Fuin cáca — déan cáca
Fuinfidh mé sodóigín bheag eile faitíos nach mbeadh ar ndíol againn
TUILLEADH (2) ▼
Chuile uair dhá ngabhfá ag fuint cáca fadó, chaithfeá ceapairí a chur sa luath do na gasúir. Níl an faisean sin acu chor ar bith anois
Níl fuint ar bith ar an gcáca sin. Ní bean mhaith aráin thú ar aon chor
+–
Fuin ceart anois é — im ina mheascán nó ina phrionta
Níl an t-im sin fuinte ceart. An bhfeiceann tú a bhfuil de sprochaillí air?
TUILLEADH (2) ▼
Fuair P. píosa 'shreangán agus d'fhuin sé ruainne aráin isteach ann agus chaith sé ag an bhfaoileán é. D'alpaigh sé sin ar an toirt é
Fuin an rópa sin go maith — cuir fuinneamh ann; déan láidir spreacúil é
·
Dheamhan fód ar bith móna ansin. Tá lagphoill ann, ach chinnfeadh ort aon fhód a mhúnláil iontu. An méid móna a bhíos ann, is móin fhuinte í — an áit a bhfuil portaigh ró-ídithe, nó nach féidir an cineál móna a bhíos ann a mhúnláil le sleán, séard a déantar móin fhuinte, nó an mhóin a fhuint ann: baintear nó cruinnítear meall de rod an phortaigh nó lagphoill, agus scairdtear uisce air, agus tosaítear ag damhsa agus ag taltú ansin air nó go bhfáisctear cuid mhaith den uisce as agus go ndéantar leathnóig dhe agus go mbeidh sé táite ina chéile mar a bheadh cáca ann. Gearrtar ansin é ina fhóideogaí agus fágtar ar triomú iad ar nós móin ar bith. Bíonn a leithide de mhóin in áiteachaí timpeall ar Áth Cinn i gContae na Gaillimhe
+–
Is fear fuinte fáiscthe é — crua fáiscthe; fear déanta, miotalach
Déanfaidh sé fear fuinte fáiscthe nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
TUILLEADH (1) ▼
Créafóg fhuinte a chuirtear sna tithe in áiteacha eile: tithe créafóige
+–
Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min; dhá bhreáichte de bhean í Máire Eoin, ní fhuinfeadh sí cáca gan min — ní breáichte a níos brachán ach min; is fuar an rud clú gan chuid; níl aon mhaith sa mbreácha gan teannadh ar a cúl
Bean bhreá í, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon spré aici. Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhreácha í Máire Eoin, ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leor má bhíonn a dóthain airgid aici. 'Sé an t-airgead an bhreácha
+–
Caithfidh tú fuint de réir na mine — nuair a stopfas an síol stopfaidh an fuirseadh; ní fhéadfaidh do dhola a dhul thar do shlí; ní fhéadfaidh tú a chaitheamh ach a bhfuil agat
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt acu sin ina máistreásaí scoile, agus chuile dhuine sa teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú sa teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht murach chomh daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
Is doiligh dhúinne airgead a chaitheamh ar theach nua. Tiocfaidh muid leis an seanteach go ceann tamaill eile. Caithfidh duine fuint de réir na mine
b.
múnlú, múnlú de réir dúchais áirid.
+–
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é — (deirtear fuinneadh amantaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) — ba í an ghadaíocht an chéad bhia sa sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gadaithe uilig a bhí timpeall air ina óige
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
TUILLEADH (2) ▼
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní ligfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní ligfeadh sin
fuin in iontrálacha eile (14)
→
fearann
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
+
→
fiuch
Bhain sibh na fiuchta fuine as — rud a d'fhágfaí rófhada ag fiuchadh; rud a bheadh ag fiuchadh nó go n-imíodh sé ina ghail ar fad
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a tógadh an fheoil, shíl mé féin go mbeadh an-fhairsingeacht anraith uirthi. Fuair chuile fhear paol. Dheamhan spúnóig anraith a bhí ag gabháil léithe. Ba deacair di. Baineadh na fiuchta fuine aisti
Ná bacaidh leo mar sin (fataí) nó go mbaine sibh na fiuchta fuine astu mar a bhaineas i gcónaí. Ag iarraidh iad a bheith ina bpráib a bhíos sibh, agus ina bpráib a bheas siad
Tá an iomarca fiuchadh faighte ag an bhfeoil sin. Nach bhfuil na fiuchta fuine bainte aisti ansin le uair an chloig
→
fáisc
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí ina mhuintir?
Bhí ceart ag an gcáca sin a bheith fuinte ar chuma ar bith agus an fhad is a chaith sí dhá dhiurnadh idir a lámha. Ach chreidim gur cáca grandáilte a bhí ann, agus nár mhór fuint duine uasail a thabhairt air
→
dual 1
Chaithfeadh sé a bheith mar sin, ná duine ar bith eile a tógadh istigh ar aon bhaile leis. As an scabhaitéireacht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nár fhága seisean aon dual ná aon tslis di ina dhiaidh ach an oiread le ceachtar acu
→
déirce
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
→
dícheall
Nuair a bhí siad uilig cruinn, ba mhaith an dícheall di arán a choinneáil fuinte leo, ba mhaith sin
→
díogha
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
→
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíobh mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'éirigh suas. Cuid den dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mbochtaineacht, chomh luath agus a éiríos siad as an lathach chor ar bith, ní ligfidh siad orthu féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iadsan, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthanach agus nach ndúnfaidh siad a súile ar aon duine, bocht ná saibhir