Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuigheall
Ainmfhocal, Fireann
Uimhir Iolraidh; fuigheallannaí
1.
neart, sáith, bráigill agus rl.
+
Tá fuigheall na bhfuigheall de chuile rud aige sin = neart, dalladh de gach rud dhá mbeadh ag teastáil ó dhuine .i. airgead, beatha, maoin etc
Chleacht sí sin fuigheall na bhfuigheall ag baile, ach m'anam gur baineadh as a cleachtadh í ó a phós sí an "druncaera" siúd
TUILLEADH (9) ▼
Bhí sé sách bocht scathamh ach tá fuigheall na bhfuigheall aige aríst
Tuilleadh diabhail aige! Ní bheadh leath an chirt leis, dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh. Nuair a bhí fuigheall na bhfuigheall aige ní thiúrfadh sé aire dhó, ach ag déanamh failic agus drabhláis
Tá fuigheall na bhfuigheall againn san tír seo anois — moladh le Dia! — ar ghualainn áiteachaí eile. Nach ndeir siad liomsa go bhfuil siad ag ithe na mádraí amach faoi na réigiúin
Shílfeá gur fuigheall na bhfuigheall atá aice san mbaile len a bhfuil d'fhonn uirre a dhul ann, agus an fhloscaíocht atá aice faoi. Cidh Dia muis go mba shuarach agus go mba ghortach a chonnaic muide a baile an uair a ghabh muid ann. 'Ar ndú' sé a leithide is leitheadaí a labhródh
Tá an oiread fonn cuartaíocht air san teach bhradach sin thíos, agus go sílfeá gurb é fuigheall na bhfuigheall a fhaghas sé ann. Faghann muis! Fuacht agus deallradh, agus gan splannc theine ar an teallach ann
Bhí fuigheall na bhfuigheall de chuile chineál ar an mbainis
Gheobhadh an capall fuigheall na bhfuigheall san bpáirc sin thuas. Bhí sí ag dul go glúine i bhféar inte. Ní raibh aon-mhaith ann in a dheidh sin go dteigheadh sí i mbradaíl. Sin í an cailín!
Tá fuigheall na bhfuigheall de chuile chineál éisc san bhfarraige sin amuigh, an té a bhfuil de rath air a mharú
Níl aon-lá san mbliain nach mbeadh fuigheall na bhfuigheall aige annsiúd, marach a bheith go dona dhó. Tá an choill druidhe le coiníní agus chuile chineál éan agus 'ar ndú' tá bradáin san abhainn ar árdú orm, agus gan bacadh ag maora ar aonduine. Ach tá sé in a spreallaire ro-mhór le dhul in a ndiaidh
·
Tá saol na bhfuigheall aige sin = saol maith; "saol Toby"; saol thar cionn
Bhí saol na bhfuigheall aige scathamh. Ní raibh aon-chaidéis ag dul air, nó go dtáinig an t-oighre óg. Ach ó a tháinig sé sin, níl saol fata i mbéal muice aige. Ní mhaireann rud ar bith ach tamall 'ar ndú'
2.
ainimh nó éalann.
+
Fágann sí sin fuighealleannaí in a diaidh ar dhaoine go sábhála Dia sinn (an bhruitíneach) = mara n-imighe an bhruitíneach ceart de dhuine, fágann sí éalann eícint air; a ghreamaíos go deo in a dhiaidh sin
Séard é an criotán sin atá uirre fuigheall bruitíní. D'eirigh sí agus chuaigh sí amach agus an bhruitíneach maol dearg amach thríthe. Tá a shliocht uirre ó shoin
TUILLEADH (7) ▼
Bhí sé leathchéad bliain sul a dtáinig an bhruitíneach air, agus d'fhága sí fuigheall in a diaidh: casacht agus réama. Is olc í an bhruitíneach mara dteaga sí in a ham fhéin
Fuigheall bruitíní é sin — uisce ag teacht amach thríotha: bráthann. Níor mhór di aire a thabhairt dóibh (gasúir). Is olc iad na gearbaí atá orra
Is minic a theagas meirfean orm anois le goirid. Fuigheall fliú é. Dheamhan ar tháinig aon-mheirfean ariamh orm gur bhuail an fliú sin go deireannach mé
Bíonn dógh croí orm chuile phuinnte le coicís mara fuigheall fliú é
Tugann fuigheall fiabhrais na rudaí sin ar fad leis = tagann na galraí sin ar fad dhá bharr
Fuigheall a d'fhan air ó fhiabhras. Sé a scuab é
Níor thug sé an bhacaíl as bruinn leis, adeir siad, ach is fuigheall baistí í. Níor baisteadh ceart é. 'Ar ndú diúltaigheamuid dó, shílfeá gurb aisteach an rud é sin = deirtear go mbíonn daoine ann nach mbaistear ceart, agus go mbíonn éalann orra dhá bharr
·
Ní fhágfaidh an t-anam progadóir, nó go mbeidh chuile fhuigheall den pheacadh glanta dhe
Má fhanann fuigheall peacaidh ar bith ar an anam, rachaidh sé go progadóir
+
Nar fheice Dia fuigheall aithrí air! = go bhfagha sé bás ar staid na ngrást; nar fhana rud ar bith de thrillín ar a anam go gcaithfeadh sé piorfhiachaí a chur dhe
An gcreidfeá-sa go bhfeictear daoine thréis a mbáis: daoine a bhfanann (a mbíonn) fuigheall aithrí orra, agus a chaithfeas an oiread seo achair a chaitheamh ar an talamh ag cur phiorfhiachaí dhíob? Déarfadh daoine go bhfuil sé amhlaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma d'aonduine é a gheobhas bás ola agus aithrí, agus nach mbeidh aon-fhuigheall aithrí air
3.
easbaidh nó uireasa.
+
Tá an obair sin gan fuigheall = uireasa ar bith; tá sí ar deil; déanta go maith
M'anam hébrí cé a rinne an chuinneóig sin ar chuma ar bith go ndeárna sé gan fuigheall í. Ní chreidfinn gurb é an C. a rinne í. Ní fhéadfadh sé a bheith cho stuama sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé déanta agad anois, agus déanta gan fuigheall, go leige Dia mór do shaol agus do shlainte dhuit
·
M'anamsa muise go bhfuil an crudh sin déanta: déanta gan fuigheall cho maith agus dhá mba amach as teallach an ghabha a thiocfadh sé. Déanta gan fuigheall béim an chasúir a mhic ó = gan lorg an chasúir go ciotach air; déanta igcruth agus nach n-aithneochaí gur togha fear ceirde a rinne é
Is cliú dhuit an teach a rinne tú bail ó Dhia ort. Tá sé déanta gan fuigheall béim an chasúir
·
Níor fhága sé fuigheall molta air = mhol sé go haer é; níor mholadh go dtí a mholadh air
Ní fhágann sé fuigheall molta anois air. Is gearr ó gur dhá cháineadh a bhíodh sé. Is gearr idir dhá scéal aige

Fuigheall in iontrálacha eile (22)

 
fán
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuigheall na bhfuigheall ariamh go dtí an saol seo fhéin!
 
baile
Má's fíor di fhéin muis, chleacht sí fuigheall na bhfuigheall ag baile.
+
bior
Is mór de na daoine uaisle sin, nach bhfeicfeá bior-eanga orra(b), th'éis go mbíonn fuigheall na bhfuigheall aca(b), ní h-ionann sin a's créatúir bhochta.
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta dhó sin — bior in aon-tsúil — fuigheall na bhfuigheall a fhághail, ní h-ionann sin a's lán tighe de mhuirghín a's chuile dhuine aca(b) ag iarraidh a chórach fhéin, go leige Dia slán iad!
 
Ní bhíodh sí buailte suas mar sin, go dtí goirid ó shoin. Deir sí fhéin, gur fuigheall bruithtínighe é. Ní raibh an bhruithtíneach uirre go dtí anuraidh, a's is olc í, le theacht ar shean-duine mar sin.
 
buail
Tá fuigheall na bhfuigheall ag fir oibre 'sna bailte móra ó chuaidh an 'gobhairmint' seo isteach, ach 'siad na feilméaraí atá buailte.
 
aire
Bhí fuigheall slaghdáin air, agus níor thug sé aon-aire dhó fhéin, gur buaileadh síos in ath-uair é. Bhí sé mall aige annsin (aire a thabhairt dó fhéin).
+
anam
Nar fheice Dia fuigheall faoistin, faillighe Aifrinn, ná uireasbha aithrighe ar 'anam!
TUILLEADH (1) ▼
Nár fheice Dia fuigheall a' bith ar anam, má's é toil dé é!
 
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuigheall na bhfuigheall, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
 
"Tá fuigheall na bhfuigheall san teach sin thíos" adeir sí. "Dhá mba é an duine ab fhuide amach uainn san tír a chasfaí againn, gheobhadh sé óstachas lá nó mí uainn, ní áirím mo dheárthair". A Dhia láidir! Nach aice atá na floscaí!
 
daba
Má tá sé indon an daba sin (feoil) a choinneál leis féin i gcomhnaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon-bhuille maitheasa agus fuigheall na bhfuigheall aige mar atá sé
 
Sagart as an dioscán anois a bhfuil aon-laetheamhlacht ann mar 'bhíodh ins na sagairt fadó. Tá an saoghal ro-mhór ar a gcomhairle féin aca agus fuigheall na bhfuigheall aca anois. Fadó bhídís bocht agus croidheamhail, ach tá imní faoin a gcuid saidhbhris orra, ar an saoghal seo
 
do- 2
Duine an-do-thóigthe é. Dhá bhfaghadh sé fuigheall na bhfuigheall, ní bheadh slacht a chodach air
 
Séard a bhí a dhéanamh leis nuair a chloisfeá ar an drántán sin é, cúl-bhadar a thabhairt treasna an phuis dó. Níl cheal ar bith dhá fhágáil ar an diabhal sin. Tá fuigheall na bhfuigheall aige, agus ní beo é gan a bheith [ag] casaoid in a dheidh sin
+
dreach
Is dóibh is fusa dreach a bheith orra: fuigheall na bhfuigheall aca, agus gan tada ar a n-aire, ach ag imeacht ag traoitheadh a mbuilg. Mara mbeadh dreach orra sin, níl a fhios agam cé'n scéal é ag daoine dona
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach hé dreach an choffee atá ar an mbruithlín sin. Sin fear anois dá gcuirtí fear i mbuidéal. Is cuma ins an míádh ach is maith atá a chuid ag dul dó agus bíodh sé ag fáil fuigheall na bhfuigheall féin. Breathnuigh ar na pluca atá air agus ar an gcairín tónach
 
dóigh 1
Tá sé sin ag fáil fuigheall na bhfuigheall mar dhóigh dhe go bhfuil tinneas eicínt air. Dheamhan ceo muis, ach an oiread agus atá ormsa, ná a leath-oiread sin féin
 
dóigh 2
Tá sé criogtha. Indomhnach ní dóighide beirthe é. Nach air a bhí an smál agus liostáil, fear a raibh fuigheall na bhfuigheall ag baile aige
 
dólom
Tá siad bocht dólom anois le na cianta, aindeoin go bhfuil sé ráidhte go raibh fuigheall na bhfuigheall aca roimhe seo. Sin é an chaoi: thíos seal agus thuas seal
+
Níor bheag dhó a raibh ag dul dó cheana an díthreabhach bocht, agus gan tuilleadh a theacht air. Dheamhan duine a mbuailfidh bruithtíneach é ins an aois a bhfuil seisean ann, nach duine é a bhfanfaidh fuigheall air, má's fada gearr a shaoghal. Tá faitíos orm go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
An rud a bhéas ag dul do dhuine, mairfidh sé dhá mbeadh sé gan tada a fháil len ithe. Ach an rud nach bhfuil ag dul duit, níor mhiste dhuit dhá dtugthá fuigheall na bhfuigheall dó. Shínfeadh sé siar agus chaillfí é