1.
neart, sáith, brá gill srl.
+–
Tá fuíoll na bhfuíoll de chuile rud aige sin — neart, dalladh de gach rud dhá mbeadh ag teastáil ó dhuine .i. airgead, beatha, maoin srl.
Chleacht sí sin fuíoll na bhfuíoll ag baile ach m'anam gur baineadh as a cleachtadh í ó phós sí an druncaera siúd
TUILLEADH (9) ▼
Bhí sé sách bocht scaitheamh ach tá fuíoll na bhfuíoll aige aríst
Tuilleadh diabhail aige! Ní bheadh leath an chirt leis dhá mbeadh sé ag dul a chodladh ina throscadh. Nuair a bhí fuíoll na bhfuíoll aige ní thabharfadh sé aire dhó ach ag déanamh failic agus drabhláis
Tá fuíoll na bhfuíoll againn sa tír seo anois — moladh le Dia! — ar ghualainn áiteachaí eile. Nach ndeir siad liomsa go bhfuil siad ag ithe na madraí amach faoi na réigiúin
Shílfeá gur fuíoll na bhfuíoll atá aici sa mbaile lena bhfuil d'fhonn uirthi a dhul ann agus an fhloscaíocht atá aici faoi. Cí Dia muis go mba shuarach agus go mba ghortach a chonaic muide a baile nuair a ghabh muid ann. Ar ndóigh sé a leithide is leitheadaí a labhródh
Tá an oiread fonn cuartaíocht air sa teach bhradach sin thíos agus go sílfeá gurb é fuíoll na bhfuíoll a fhaigheas sé ann. Faigheann muis! Fuacht agus deallradh, agus gan splanc thine ar an teallach ann
Bhí fuíoll na bhfuíoll de chuile chineál ar an mbainis
Gheobhadh an capall fuíoll na bhfuíoll sa bpáirc sin thuas. Bhí sí ag dul go glúine i bhféar inti. Ní raibh aon mhaith ann ina dhiaidh sin go dtéadh sí i mbradaíl. Sin í an cailín!
Tá fuíoll na bhfuíoll de chuile chineál éisc sa bhfarraige sin amuigh, an té a bhfuil de rath air a mharú
Níl aon lá sa mbliain nach mbeadh fuíoll na bhfuíoll aige ansiúd murach a bheith go dona dhó. Tá an choill druidte le coiníní agus chuile chineál éan, agus ar ndóigh tá bradáin san abhainn ar ardú orm agus gan bacadh ag maortha ar aon duine. Ach tá sé ina spreallaire rómhór le dhul ina ndiaidh
·
Tá saol na bhfuíoll aige sin — saol maith; saol Toby; saol thar cionn
Bhí saol na bhfuíoll aige scaitheamh. Ní raibh aon chaidéis ag dul air nó go dtáinig an t-oidhre óg. Ach ó tháinig sé sin, níl saol fata i mbéal muice aige. Ní mhaireann rud ar bith ach tamall ar ndóigh
2.
ainimh nó éalang.
+–
Fágann sí sin fuíolleannaí ina diaidh ar dhaoine go sábhála Dia sinn (an bhruitíneach) — mura n-imí an bhruitíneach ceart de dhuine, fágann sí éalang eícint air a ghreamaíos go deo ina dhiaidh sin
Séard é an creatán sin atá uirthi, fuíoll bruitíní. D'éirigh sí agus chuaigh sí amach agus an bhruitíneach maoldearg amach thríthi. Tá a shliocht uirthi ó shin
TUILLEADH (7) ▼
Bhí sé leathchéad bliain sula dtáinig an bhruitíneach air agus d'fhága sí fuíoll ina diaidh: casacht agus réama. Is olc í an bhruitíneach mura dteaga sí ina ham fhéin
Fuíoll bruitíní é sin — uisce ag teacht amach thríothu: bráthann. Níor mhór di aire a thabhairt dóibh (gasúir). Is olc iad na gearbaigh atá orthu
Is minic a theagas meirfean orm anois le gairid. Fuíoll fliú é. Dheamhan ar tháinig aon mheirfean ariamh orm gur bhuail an fliú sin go deireanach mé
Bíonn dó croí orm chuile phointe le coicís mura fuíoll fliú é
Tugann fuíoll fiabhrais na rudaí sin ar fad leis — tagann na galraí sin ar fad dhá bharr
Fuíoll a d'fhan air ó fhiabhras. 'Sé a scuab é
Níor thug sé an bhacaíl as broinn leis, adeir siad, ach is fuíoll baistí í. Níor baisteadh ceart é. Ar ndóigh diúltaí muid dó, shílfeá gurb aisteach an rud é sin — deirtear go mbíonn daoine ann nach mbaistear ceart agus go mbíonn éalang orthu dhá bharr
·
Ní fhágfaidh an t-anam purgadóir nó go mbeidh chuile fhuíoll den pheaca glanta dhe
Má fhanann fuíoll peaca ar bith ar an anam, rachaidh sé go purgadóir
+–
Nár fheice Dia fuíoll aithrí air! — go bhfaighe sé bás ar staid na ngrást; nár fhana rud ar bith de thrillín ar a anam go gcaithfeadh sé peiriachaí a chur dhe
An gcreidfeása go bhfeictear daoine thréis a mbáis: daoine a bhfanann (a mbíonn) fuíoll aithrí orthu, agus a chaithfeas an oiread seo achair a chaitheamh ar an talamh ag cur pheiriachaí dhíobh? Déarfadh daoine go bhfuil sé amhlaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma d'aon duine é a gheobhas bás ola agus aithrí agus nach mbeidh aon fhuíoll aithrí air
3.
easpa nó uireasa.
+–
Tá an obair sin gan fuíoll — uireasa ar bith; tá sí ar deil; déanta go maith
M'anam hé brí cé a rinne an chuinneoig sin ar chuma ar bith go ndearna sé gan fuíoll í. Ní chreidfinn gurb é an C. a rinne í. Ní fhéadfadh sé a bheith chomh stuama sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé déanta agat anois, agus déanta gan fuíoll, go lige Dia mór do shaol agus do shláinte dhuit
·
M'anamsa muise go bhfuil an crú sin déanta: déanta gan fuíoll chomh maith agus dhá mba amach as teallach an ghabha a thiocfadh sé. Déanta gan fuíoll béim an chasúir a mhic ó — gan lorg an chasúir go ciotach air; déanta i gcruth is nach n-aithneofaí gur togha fear ceirde a rinne é
Is clú dhuit an teach a rinne tú bail ó Dhia ort. Tá sé déanta gan fuíoll béim an chasúir
·
Níor fhága sé fuíoll molta air — mhol sé go haer é; níor mholadh go dtí a mholadh air
Ní fhágann sé fuíoll molta anois air. Is gearr ó gur dhá cháineadh a bhíodh sé. Is gearr idir dhá scéal aige
fuíoll in iontrálacha eile (29)
→
fán
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuíoll na bhfuíoll ariamh go dtí an saol seo fhéin!
→
beo 1
Naoi lá a sheasfas an cogadh adeir an tairngreacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min choirce a thabhairt leis agus a dhul síos in uamhain thalúna go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn don té a bheas beo. Beidh saol na bhfuíoll aige.
+
→
bior
Is mór de na daoine uaisle sin nach bhfeicfeá bior eanga orthub, théis go mbíonn fuíoll na bhfuíoll acub, ní hionann sin agus créatúir bhochta.
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta dhó sin — bior in aon tsúil — fuíoll na bhfuíoll a fháil, ní hionann sin agus lán tí de mhuirín agus chuile dhuine acub ag iarraidh a chórach fhéin, go lige Dia slán iad!
→
bocht 1
Ní thabharfaidh sé sin bolg anois do bheatha duine bhoicht! Tá an iomarca cleachta aige ar fhuíoll na bhfuíoll a fháil, ach i nDomhnach, bainfear as a chleachta é má chaitheann sé i bhfad anseo.
Ní bhíodh sí buailte suas mar sin go dtí gairid ó shin. Deir sí fhéin gur fuíoll bruitíní é. Ní raibh an bhruitíneach uirthi go dtí anuraidh, agus is olc í le theacht ar sheanduine mar sin.
→
buail
Tá fuíoll na bhfuíoll ag fir oibre sna bailte móra ó chuaigh an government seo isteach, ach 'siad na feilméaraí atá buailte
→
aire
Bhí fuíoll slaghdáin air agus níor thug sé aon aire dhó fhéin gur buaileadh síos in athuair é. Bhí sé mall aige ansin (aire a thabhairt dó fhéin)
+
→
anam
Nár fheice Dia fuíoll faoistin, faillí aifrinn, ná uireasa aithrí ar a anam!
TUILLEADH (1) ▼
Nár fheice Dia fuíoll ar bith ar a anam, más é toil Dé é!
→
flaisc
Bhí chuile chineál flaisc ann dhár chuala tú ariamh: fuíoll na bhfuíoll, dalladh óil ag an té a thogair é; damhsa agus amhráin agus go leor ban
→
floscaí
'Tá fuíoll na bhfuíoll sa teach sin thíos,' adeir sí. 'Dhá mba é an duine ab fhaide amach uainn sa tír a chasfaí againn, gheobhadh sé óstachas lá nó mí uainn, ní áirím mo dheartháir.' A Dhia láidir! Nach aici atá na floscaí!
→
daba
Má tá sé in ann an daba sin (feoil) a choinneáil leis féin i gcónaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon bhuille maitheasa agus fuíoll na bhfuíoll aige mar atá sé
→
deachma
Bhí fuíoll na bhfuíoll acu i gcónaí. Níor chuir siad an deachma ariamh ar cairde go dtí an saol seo féin, ach níl sa mbuachaill óg seo atá sa mbaile anois ach cúl le rath. Is cuma leis é ach ól agus ceol agus ragairne
→
deara
Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi aird a thabhairt ar a gnaithe. Má bhí saol na bhfuíoll aici san am a caitheadh, dar brí an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tabharfaidh an seanchonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di chuile mhaidin
→
deascán
Sagart as an deascán anois a bhfuil aon laethúlacht ann mar a bhíodh sna sagairt fadó. Tá an saol rómhór ar a gcomhairle féin acu agus fuíoll na bhfuíoll acu anois. Fadó bhídís bocht agus croíúil, ach tá imní faoina gcuid saibhris orthu ar an saol seo
→
dorú
Leag sé an simléar sin cheithre huaire agus bhíodh sé as dorú i gcónaí, théis a dhíchill. B'éigean dó éirí as sa deireadh, agus cead a thabhairt do S. a dhul ina éadan. Má chuaigh féin, níor fhan aon fhuíoll air ina dhiaidh
→
drantán
Séard a bhí a dhéanamh leis nuair a chloisfeá ar an drantán sin é, cúlbhadar a thabhairt trasna an phuis dó. Níl cheal ar bith dhá fhágáil ar an diabhal sin. Tá fuíoll na bhfuíoll aige, agus ní beo é gan a bheith ag casaoid ina dhiaidh sin
+
→
dreach
Is dóibh is fusa dreach a bheith orthu: fuíoll na bhfuíoll acu agus gan tada ar a n-aire ach ag imeacht ag traoitheadh a mboilg. Mura mbeadh dreach orthu sin, níl a fhios agam cén scéal é ag daoine dona
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach é dreach an choffee atá ar an mbruithlín sin. Sin fear anois dá gcuirtí fear i mbuidéal. Is cuma sa mí-ádh ach is maith atá a chuid ag dul dó agus bíodh sé ag fáil fuíoll na bhfuíoll féin. Breathnaigh ar na pluca atá air agus ar an gcairín tónach
→
drúcht
Níor chás é dhá mba goin adhairce é, ach ní hea. Drúcht goiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm anseo i mbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin, d'fhága sí an féirín seo agam ina diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leo
→
dóigh 1
Tá sé sin ag fáil fuíoll na bhfuíoll mar dhóigh dhe go bhfuil tinneas eicínt air. Dheamhan ceo muis, ach an oiread is atá ormsa, ná a leathoiread sin féin
→
dóigh 2
Tá sé cniogtha. I nDomhnach ní dóichíde beirthe é. Nach air a bhí an smál agus liostáil, fear a raibh fuíoll na bhfuíoll ag baile aige
→
dólom
Tá siad bocht dólom anois le na cianta, ainneoin go bhfuil sé ráite go raibh fuíoll na bhfuíoll acu roimhe seo. Sin é an chaoi: thíos seal agus thuas seal
+
→
téigh do
Níor bheag dhó a raibh ag dul dó cheana an díthreabhach bocht, agus gan tuilleadh a theacht air. Dheamhan duine a mbuailfidh bruitíneach é san aois a bhfuil seisean ann nach duine é a bhfanfaidh fuíoll air, más fada gearr a shaol. Tá faitíos orm go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
An rud a bheas ag dul do dhuine, mairfidh sé dhá mbeadh sé gan tada a fháil le n-ithe. Ach an rud nach bhfuil ag dul duit, níor mhiste dhuit dhá dtugtá fuíoll na bhfuíoll dó. Shínfeadh sé siar agus chaillfí é