1.
a.
+–
Fág seo! = teara uait; teara in éindigh liom (ar thuras, ag siúlóid agus rl.) (ní bhaintear leas as "fág seo" in áit ar bith cho mór le Cois Fharraige)
Fág seo abhaile = teara abhaile
TUILLEADH (11) ▼
Fág seo ann = teara (in éindigh liom) go dtí an áit sin
Fág seo síos ar an mbóthar
Fág seo ag siúlóid. Tá muid cuibhrithe annseo ó mhaidin
Fág seo amach go fóilleach. Tá gnatha agam dhíot
Fág seo ar cuairt. Ní raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir
Fág seo go Gaillimh inniu a (do?) chuideachta dhom
Fág seo isteach go n-ólamuid cupla pionnta ó a chas Dia a luach chugainn
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Ní maith leat a bheith annseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
+–
Fág seo leat = le capall, asal, bó etc. agus thú dhá seóladh nó dhá gcinnireacht
Fág seo amach annseo go beó! Is roighin thú
TUILLEADH (1) ▼
Fág seo amach annseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beó!
+–
Fág sin; fág an bealach = eirigh as an áit a bhfuil tú, nó leig thart mé
Fág sin. Tá tú i lár an bhealaigh.
TUILLEADH (2) ▼
Fág sin. Nach bhfeiceann tú go gcaithfidh mé an pota a thógáil den tine
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce annsin i mbealach chuile dhuine
+–
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág mo bhealach a bhreastairín!
TUILLEADH (4) ▼
Fág an solas = imigh as bealach an tsolais; ná bí san solas
Fág mo sholas. Ní léar dhom céard atá mé a dhéanamh agad
Breá nach bhfágfá an solas orm? Céard atá tú a dhéanamh in do chaidhfte annsin?
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
+–
Nar fhága mé seo. Sin í an fhírinne! = dar lán an leabhair, sin í an fhírinne!
Níor bhuail mise é. Nar fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
TUILLEADH (4) ▼
Ní mise a chorraigh é. Nar fhága mé seo má chorraigh!
Nar fhága mé seo má dúirt mé ariamh é. Duine eicínt a chuir bréag orm
Nar fhága mé seo marab shin é an ceart!
Nar fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
+–
Seo ní fhágfaidh tú anois nó go n-óla tú an méaracán seo = ní bhfuighidh tú cead an áit seo a fhágáil.
Seo ní fhágfaidh tú nó go n-innsí tú dhamsa cé adúirt leat é
TUILLEADH (6) ▼
Seo ní fhágfaidh sib nó go dtuga sib saoradh nó séanadh dhom ar mo chuid airgid.
Marach gur thug sé dhom é sin ní fhágfadh sé (beó) = marach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Marach gur eirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Sin ní fhágfainn le mo ló marach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta aithinte dhom é
Sin ní fhágfadh sé go deó ná go brách nó go mbaininnse mo shásamh dhó (dhe), marach amháin
Ní fhágfadh sé ball na háite marach an truaighe a ghlac mé dá chuid páistí = mharóinn ar an láthair é
b.
·
D'fhága sé an teach rómsa
+–
Níor fhága an slaghdán mo chnámha fós = níor scar sé le mo chnámha
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí in a leannán agam
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága an t-olc é thall ná abhfus = tá an t-olc céanna anois [ann] agus a bhí ann sul a ndeachaidh sé anonn (go Sasana)
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin = níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. (Deirtear go mbaineann sneachta an ghaimh as an aimsir)
Níor fhága an phian sin mo chrioslaigh ó shoin. Tá sí smeartha amach ar fud mo chnámh ar fad anois
Níor fhága an damhsa do chosa fós = tá tú indon damhsa a dhéanamh fós
Níor fhága an ghangaid a theanga aon-uair dhá dhonacht dhá mbeadh sé
+–
Níor fhága sé an tír. Tá sé san teach in áit eicínt = rud a bheithí a thóraíocht agus é ar iarraidh
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do shean-chaipín. 'Ar ndó' níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear fáitear é, adeir siad, agus scéal cinnte nar goideadh do shean-chaipín-sa. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
TUILLEADH (1) ▼
"Níor fhága an marbh láthair" adeir sé. "Tá mo phíopa ag duine eicínt san teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfuighidh mé aige é, ní leis a rachas (fc. marbh)
+–
An té is cumhang (nó "ar cumhang") leis fágadh = an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mar a dtaithníonn leis
Brú suas annsin, agus tabhair binn domsa. An té is cumhang leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthannas, adeir siad
TUILLEADH (3) ▼
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh aca. An té is cumhang leis fágadh.
Teannaighí anuas. Déanaigí áit díb fhéin annsin cho maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cumhang níl muid doicheallach. 'Ar ndó' an té is cumhang leis fágadh
·
Ní leithí bealach una coille ('na coille) ná 'un a fágáil = má bhíonn duine idteannta, tá neart bealaighe i gcomhnaí ann len a theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst etc.
2.
a.
gan a thabhairt leat.
+–
Sin é annsin agad anois é. Ní leigfidh mé lag labhartha as seacht bpunt é. Tóig é nó fág é ar an airgead sin = níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil
Sin é a bhfuil agamsa duit. Tóig é nó fág é. Dheamhan neart agamsa ort
TUILLEADH (1) ▼
Leag sé amach "feaigs" Mheiriocá chugam agus ní raibh ann ach "tóig iad nó fág iad"
+–
Fág é nó go bhfeice tú leat = ná tóig anois é; ná déan an obair sin anois etc
Fág go maidin é = ná bac len a dhéanamh go maidin
TUILLEADH (5) ▼
Fág na beithigh (gan bleán, gan beathú etc.) go dtí ar ball
D'fhága sé annsin é ag tabhairt na gcor
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
Ná fág ag déanamh bróin mar siúd í. Teirigh go dtí í
Ní fhágfadh an madadh mion mullóg dhíot le chéile murach gur éirigh Dia liom go dtáinig mé ann
+–
Fág é sin len a anshógh fhéin = ná cuir aon-araoid air; tá a dhóthain air cheana
Nach breá nach bhfágfadh sib le m'anshógh féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
TUILLEADH (1) ▼
Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil len a anshógh fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
+–
Fág mar sin anois é = fág é ar an gcaoi a bhfuil sé gan críochnú (obair, scéal, caint a bheadh tarraingithe anuas agus rl.)
Fág mar sin anois é. Ní hé an slacht, adéarfadh an ceann céanna!
TUILLEADH (4) ▼
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go leige Dia do shláinte duitse!
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus fág mar sin é. Cén mhaith dhuit a bheith dhá sheadú, le tuilleadh cantail a chur orm?
Fág mar tá sé é = leave it so; ná hathraigh ná ná corraigh é ach mar sin
Fágamuid mar sin é = enough said!
+–
Thug S. garbh faoi A. é. Más thíos a fríodh é (A.) thuas a fágadh é = cuireadh malrait córach air; más molta a bhí sé roimhe sin cáinte a bhí sé anois, agus a leithide sin. Ciallaíonn sé san leagan áirid seo go dtug S. droch-dhíol cainte ar A., nó gur chuir sé droch-bhail air
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
TUILLEADH (16) ▼
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis = rinne mé an-sciolladóireacht air
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige marach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í = fuair tusa í, agus droch-bhail uirri, agus chuir tú caoi cheart uirri
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é = bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an sean-riadaire sin abhaile as Meiriocá chuige. Más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é (thuit airgead an tsean-riadaire air)
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
Más thíos a fuaireadar a chéile thuas a d'fhágadar a chéile. Bhí an-fháilte aca roimh a chéile = le luthgháire fáilte.
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí aca! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile = ropadar a chéile le caint agus aithis
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'innis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaithtí)
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
Marach P. se'againne a theacht ann agus M. a choisint, dheamhan fata a changlódh sé len a loiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba in a sheasamh a d'fhága sé é (M.).
Is maith an cúl toraic aice (ag Sasana) Meiriocá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí [í], ba in a seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta marach Meiriocá
Más thíos a fuair sí é thuas a d'fhága sí é. Bhí an oiread ríméid uirri go dtáinig sé agus gur mhúch sí é le póga
·
"Gobadaí ar t'aghaidh nar eirí leat: gobadaí dí go bhfága tú thíos!" = caint adeirtear le cúig sna clocha péire nó sna screaga
+–
Fágfaidh an róthar sin ar an mbóthar thú = brisfidh sé ort faoi bhealach agus caithfidh tú siúl
Níor fhága sé sin aon-fhear ariamh ar an mbóthar gan marcaíocht a thabhairt dó = dhá scothadh sé fear a bheadh ag siúl, thóigfeadh sé é, in a charr
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága an bus ar an mbóthar inniu mé = ní thóigfeadh sé mé
D'fhága sé an féar siúd ro-fhada ar sraith agus fuair sé amlú
b.
+–
Fágfaidh an ragairne réidh thú as a dheireadh = giorróidh sí leat; tiúrfaidh sí bás duit
Sin é a d'fhága réidh é, nach ndeachaidh sé roimhe in am (roimh thinneas etc.)
TUILLEADH (5) ▼
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Fágfaidh an láimh seo go dona mise (gan a bheith indon tada a dhéanamh; pian a bheith orm etc.)
An t-ól a d'fhága ag iarratas mar sin é
An ghnaoithiúlacht a d'fhága in anchaoi é (a d'fhága mar sin é, a d'fhága mar tá sé é, a d'fhága go dona é etc.)
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt áird uirri sin
c.
+–
D'fhága sí na beithigh blite shul ar imigh sí = bhligh sí na beithigh
Ná himigh go bhfága tú an bainne déanta = déan an bainne sul a n-imí tú
TUILLEADH (6) ▼
Fág an leabaidh cóirithe sul a dteighe tú ag bleán
Fág aistir uisce istigh shul a dteighe tú soir san ngarraí
Fágadh sé móin istigh shul a dteighe sé ag an gcladach
Fág neart aráin déanta l'aghaidh an lae amáireach = déan
Fág fataí tugha isteach annsin l'aghaidh cuid na mbeithioch shul a gcorraí tú
D'fhága sé neart tine thíos sul ar imigh sé ar chaoi ar bith
+–
D'fhága an soilíos mo chuid féir fhéin dreóite
Fágfaidh na "feaigs" tolgha thú
TUILLEADH (2) ▼
Fágfaidh an fliú seo daoine sínte = básaithe; curha; in a luighe
D'fhága na scoilteachaí craiplithe mé
d.
+–
Tá sí drochmhúinte. Muise cá bhfágfadh sí é (an drochmhúineadh). Bhí a hathair amhlaidh = ba dual di a bheith drochmhúinte
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muinntir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfágfadh sé é. Duine de bhunú(s) Mhurcha na Sclaige! Ní fhéadfadh sé gan tóir a bheith aige ar an ól. Bhí sin san dualgas aige.
Tá an braon ionad cheana féin, agus gan tú as an gcóta cabhlach fós. Mise i mbannaí! Cá bhfágfá é? Ba dual do do chineál an braon a bheith ionta.
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon-bhean ariamh ar urlár ba honoraí ná a máthair. Ba shin í fhéin muis an onóir dhona.
Tá Gaeilge agad! … Tuige nach mbeadh. Cá bhfágfá í. Fear as Ó.
3.
+–
Má bhí sé annseo, sin é a d'fhágfadh nach eisean a bhí thoir = má bhí sé annseo, is cruthú é sin nach bhféadfadh sé a bheith thoir
Trí agus tuistiún ar scór uibheachaí. Sin é a d'fhágfadh dhá phínn ar an gceann. Ní taobh le dhá phínn a bhainfí dhíot muise dhá dteightheá dhá gceannacht san siopa
TUILLEADH (7) ▼
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
Má rinne sé cleas den tsórt sin, sin é a d'fhágfadh gur beag a chiall é
'Ar ndó' má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
Bhris sé sin thíos an ceap se'aghainne. Fágann sin nach bhfuil ceap ar bith ar an mbaile anois
Nuair a d'fhiafraigh mise dhó (dhe) cé mar thainig conndae na Midhe leis, "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn", adeir sé. Fágann sin nach bhfuil aon-tsástaíocht air ann
Ní dheachaidh fear an phosta siar fós. Fágann sin nach bhfuil sé an h-aon a chlog
Ní ghabhfadh sé leis (ag troid). D'fhága sin nach raibh sé indon aige. Dhá gceapadh sé go mbeadh, sé a ghabhfadh, agus go líofa
4.
gan a chur san áireamh agus rl.
+–
Ach cár fhága tú Seán? = bréa nach gcaintíonn tú ar Sheán; ní ceart Seán a fhágáil as margadh; tá Seán i gceist freisin etc.
Ní dhéanfadh Peadar é. Dheamhan é go n-íthiodh sé é. Ach cár fhága tú Seán? = dhéanfadh Seán é; bhí agad labhairt air
TUILLEADH (8) ▼
Níl aon-chúnamh aige? Cár fhága tú an t-athair?
Ní abródh aonduine san tír aon-cheo faoi marach í fhéin. Ach cár fhága tú na Flaitheartaigh = ba Flaithearteach í fhéin ó cheart agus ingeall gur Flaitheartach í adúirt sí é
Ní raibh údar achrainn ar bith aige, ach cár fhága tú an dícéille in a dhiaidh sin? = ní raibh d'údar achrainn aige ach a bheith dícéillí dhó
D'ionnsaigh sé mé, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh. Ach cár fhága tú an t-olc, rud atá ann, mo léan? = d'ionnsaigh sé mé ingeall ar a chuid oilc
'Ar ndó' ní dhéanfadh aon-fhear beó an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
Badh í (bó). Ní raibh troigh uisce ann. Shílfeá nach mbáifí seangán ann, ní áirím bó. Ach cár fhága tú an míádh mór? Nuair a bhíos an míádh ar dhuine, níl aon-dul uaidh aige. Sin é an chaoi a bhfuil sé
Tá do chuid dola dhíot agad aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé annsin é inné. Ach cár fhága tú ámhailleacht ghasúir 'ar ndó'? Tá an clampar orra. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le 'chuile shórt
Fág in iontrálacha eile (50+)
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
→
faitíos
D'fhága sé annsin é le faitíos a ithe
TUILLEADH (3) ▼
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
Ná fág an buicéad uisce ar formhás annsin faitíos na timpiste. Tá an catmara ar na gasúir sin. Ba gearr orra a dhóirteadh anuas ar fud an tí
→
faoisc
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
+
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (1) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbár ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfóinfeadh sí amach annseo
→
feadhain
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
→
fearacht
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
→
feiste
Fág mur sin é. Ná teirigh in a fheiste ná in a fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú 'ionnsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
→
feáin
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
+
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
+
→
fios
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága mise ar bheagán fios é, th'éis go raibh sé an-chaidéiseach = níor innis mé tada dhó
+
→
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
+
→
frasaíl
Bhí cuid agus maoin aige, ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aice. Ro-mhór a bhí sé.
TUILLEADH (1) ▼
Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch is chuile theach ósta san tír
→
freagair
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
Tá sé ro-fhreochanta. Ní fhágfaidh sé aon-duine gan cur in a aghaidh. Fear ar bith atá in a cheann posta seisean, níorbh fhuláir dó foighid naoimh a bheith aige
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
→
fág ag
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an Aifreann Dé Domhnaigh = sin é an leiscéal a thug an leadaí fadó
TUILLEADH (21) ▼
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
Fágfaidh sé an teach agus an talamh ag an mac
Fág é sin ag an dul amú
Ar fhága sé slán agadsa chor ar bith sul ar imigh sé?
Fág slán aige anois, mar ní móide go bhfeicfeá aríst é
Ní hé a bheannacht a d'fhága sé ag an athair ag imeacht dó
D'fhága sé a bheannacht agadsa ar chaoi ar bith!
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo, agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
Fágfaidh mise másaí tinne agad má chloisim an focal sin uait aríst = léasfaidh mé thú
Fágfaidh mise pian san ngoile agad mara n-eirí tú as do chuid nathaíocht'
Níor fhága mise smid aige = chuir mé in a shórt é
Fágfaidh mise ag craitheadh na gcrúb thú mara leige tú de do chuid ámhailleacht = gortóidh mé thú
Fágfaidh an cléibh sin druim tinn agad
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agad
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! = thóig mé grís uaidh
Fágfaidh an bhóithreóireacht ag caitheamh na miotán é. Níl áird ar bith aige ar a ghnatha
Sé an droch-phósadh a d'fhága ag iarraidh a chudach é
Níor fhága sleaghannaí na raithní sin aon-ionga ag gabhail liom anuiridh
Níor fhága an dúchan fata de bhláth bliana agam
Níor fhága an bháisteach aon-fhód móna ag na daoine i mbliana
Níor fhága an curásach sin gráinne coirce san ngarraí sin thiar agam