Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág
briathar
aimsir chaite: d'fhága i gcónaí
san ainm briathartha bíonn an l leathan go hiondúil: fágál
1.
a.
+
Fág seo! — teara uait; teara in éindí liom (ar thuras, ag siúlóid srl.) Ní bhaintear leas as fág seo in áit ar bith chomh mór le Cois Fharraige)
Fág seo abhaile — teara abhaile
TUILLEADH (11) ▼
Fág seo ann — teara (in éindí liom) go dtí an áit sin
Fág seo síos ar an mbóthar
Fág seo ag siúlóid. Tá muid cuibhrithe anseo ó mhaidin
Fág seo amach go fóilleach. Tá gnaithe agam dhíot
Fág seo ar cuairt. Ní raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir
Fág seo go Gaillimh inniu a chuideachta dhom
Fág seo isteach go n-óla muid cupla pionta ó chas Dia a luach chugainn
Fág seo ag iascach. Tá an lá in araíocht
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Ní maith leat a bheith anseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
Tá sí ag teacht. Fág seo le faitíos go bhfeicfeadh sí muid
+
Fág seo leat — le capall, asal, bó srl. agus thú dhá seoladh nó dhá gcinnireacht
Fág seo amach anseo go beo! Is righin thú
TUILLEADH (1) ▼
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
+
Fág sin; fág an bealach — éirigh as an áit a bhfuil tú, nó lig thart mé
Fág sin. Tá tú i lár an bhealaigh.
TUILLEADH (2) ▼
Fág sin. Nach bhfeiceann tú go gcaithfidh mé an pota a thógáil den tine
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce ansin i mbealach chuile dhuine
+
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág mo bhealach a bhreastairín!
TUILLEADH (4) ▼
Fág an solas — imigh as bealach an tsolais; ná bí sa solas
Fág mo sholas. Ní léir dhom céard atá mé a dhéanamh agat
Breá nach bhfágfá an solas orm? Céard atá tú a dhéanamh in do chaidhfte ansin?
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
+
Nár fhága mé seo. Sin í an fhírinne! — dar lán an leabhair, sin í an fhírinne!
Níor bhuail mise é. Nár fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
TUILLEADH (4) ▼
Ní mise a chorraigh é. Nár fhága mé seo má chorraigh!
Nár fhága mé seo má dúirt mé ariamh é. Duine eicínt a chuir bréag orm
Nár fhága mé seo murab in é an ceart!
Nár fhága mé ball na háite choíchin, má leag mise ariamh barr mo láimhe ar do bhicycle!
+
Seo ní fhágfaidh tú anois nó go n-óla tú an méaracán seo — ní bhfaighidh tú cead an áit seo a fhágáil.
Seo ní fhágfaidh tú nó go n-insí tú dhomsa cé adúirt leat é
TUILLEADH (6) ▼
Seo ní fhágfaidh sibh nó go dtuga sibh saoradh nó séanadh dhom ar mo chuid airgid.
Murach gur thug sé dhom é, sin ní fhágfadh sé (beo) — murach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Murach gur éirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
Sin ní fhágfadh sé go deo ná go brách nó go mbaininnse mo shásamh dhó (dhe), murach amháin
Ní fhágfadh sé ball na háite murach an trua a ghlac mé dá chuid páistí — mharóinn ar an láthair é
b.
·
D'fhága sé an teach romhamsa
+
Níor fhága an slaghdán mo chnámha fós — níor scar sé le mo chnámha
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí ina leannán agam
TUILLEADH (5) ▼
Níor fhága an t-olc é thall ná abhus — tá an t-olc céanna anois ann agus a bhí ann sula ndeachaigh sé anonn (go Sasana)
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin — níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. Deirtear go mbaineann sneachta an ghoimh as an aimsir
Níor fhága an phian sin mo chrioslaigh ó shin. Tá sí smeartha amach ar fud mo chnámh ar fad anois
Níor fhága an damhsa do chosa fós — tá tú in ann damhsa a dhéanamh fós
Níor fhága an ghangaid a theanga aon uair, dhá dhonacht dhá mbeadh sé
+
Níor fhága sé an tír. Tá sé sa teach in áit eicínt — rud a bheifí a thóraíocht agus é ar iarraidh
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do sheanchaipín. Ar ndóigh níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear faightear é, adeir siad, agus scéal cinnte nár goideadh do sheanchaipínse. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
TUILLEADH (1) ▼
'Níor fhága an marbh láthair,' adeir sé. 'Tá mo phíopa ag duine eicínt sa teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfaighidh mé aige é, ní leis a rachas' (fc. marbh)
+
An té is cúng (nó ar cúng) leis fágadh — an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mura dtaitníonn leis
Brú suas ansin, agus tabhair binn domsa. An té is cúng leis fágadh anois. Is beag an áit a dtuilleann an carthanas adeir siad
TUILLEADH (3) ▼
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
Teannaidh anuas. Déanaigí áit díbh fhéin ansin chomh maith agus a fhéadfas sibh. Má tá muid cúng níl muid doicheallach. Ar ndóigh an té is cúng leis fágadh
·
Ní léithí bealach chun na coille 'na coille ná chun a fágáil — má bhíonn duine i dteannta, tá neart bealaí i gcónaí ann lena theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst srl.
2.
a.
gan a thabhairt leat.
+
Sin é ansin agat anois é. Ní ligfidh mé laglabhartha as seacht bpunt é. Tóg é nó fág é ar an airgead sin — níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil
Sin é a bhfuil agamsa duit. Tóg é nó fág é. Dheamhan neart agamsa ort
TUILLEADH (1) ▼
Leag sé amach feaigs Mheiriceá chugam agus ní raibh ann ach "tóg iad nó fág iad"
+
Fág é nó go bhfeice tú leat — ná tóg anois é; ná déan an obair sin anois srl.
Fág go maidin é — ná bac lena dhéanamh go maidin
TUILLEADH (5) ▼
Fág na beithígh go dtí ar ball — gan bleán, gan beathú srl
D'fhága sé ansin é ag tabhairt na gcor
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
Ná fág ag déanamh bróin mar siúd í. Téirigh go dtí í
Ní fhágfadh an madadh mion-mullóg dhíot le chéile marach gur eirigh Dia liom go dtáinig mé ann
+
Fág é sin lena anó fhéin — ná cuir aon araoid air; tá a dhóthain air cheana
Nach breá nach bhfágfadh sibh le m'anó féin mé, agus gan a bheith ag spochadh liom
TUILLEADH (1) ▼
Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil lena anó fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
+
Fág mar sin anois é — fág é ar an gcaoi a bhfuil sé gan críochnú (obair, scéal, caint a bheadh tarraingthe anuas srl.)
Fág mar sin anois é. Ní hé an slacht adéarfadh an ceann céanna!
TUILLEADH (4) ▼
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go lige Dia do shláinte duitse!
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus fág mar sin é. Cén mhaith dhuit a bheith dhá sheadú, le tuilleadh cantail a chur orm?
Fág mar atá sé é leave it so; ná hathraigh ná ná corraigh é ach mar sin
Fágfaidh muid mar sin é enough said!
+
Thug S. garbh faoi A. é. Más thíos a frítheadh é (A.) thuas a fágadh é — cuireadh malrait córach air; más molta a bhí sé roimhe sin cáinte a bhí sé anois, agus a leithide sin. Ciallaíonn sé sa leagan áirid seo go dtug S. drochdhíol cainte ar A., nó gur chuir sé drochbhail air
Ó a dhiabhail nach é a thug faoi. M'anam más thíos a frítheadh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
TUILLEADH (16) ▼
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a frítheadh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. Ar ndóigh dheamhan leath an chirt aige leo, níl sin
Ara a dheartháir ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a frítheadh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur ina theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis — rinne mé an-sciolladóireacht air
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige murach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í — fuair tusa í, agus drochbhail uirthi, agus chuir tú caoi cheart uirthi
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é — bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
Ba dona an teach a bhí ansin nó go ndeachaigh inín S. Th. isteach ann. Má tá brá gill orthu inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an seanriadaire sin abhaile as Meiriceá chuige. Más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é (thit airgead an tseanriadaire air)
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scaitheamh, ach más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cá'il sé: cá'il sé"
Más thíos a fuaireadar a chéile thuas a d'fhágadar a chéile. Bhí an-fháilte acu roimh a chéile — le lúcháire fáilte
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí acu! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile — ropadar a chéile le caint agus aithis
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'inis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaití)
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
Murach P. s'againne a theacht ann agus M. a chosaint, dheamhan fata a changlódh sé lena luiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba ina sheasamh a d'fhága sé é (M.)
Is maith an cúl toraic aici (ag Sasana) Meiriceá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí í, ba ina seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta murach Meiriceá
Más thíos a fuair sí é thuas a d'fhága sí é. Bhí an oiread ríméid uirthi go dtáinig sé agus gur mhúch sí é le póga
·
"Gobadaí ar t'aghaidh nár éirí leat: gobadaí dí go bhfága tú thíos!" — caint adeirtear le cúig sna clocha péire nó sna screaga
+
Fágfaidh an rothar sin ar an mbóthar thú — brisfidh sé ort faoi bhealach agus caithfidh tú siúl
Níor fhága sé sin aon fhear ariamh ar an mbóthar gan marcaíocht a thabhairt dó — dhá scoitheadh sé fear a bheadh ag siúl, thógfadh sé é, ina charr
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága an bus ar an mbóthar inniu mé — ní thógfadh sé mé
D'fhága sé an féar siúd rófhada ar sraith agus fuair sé amlú
b.
+
Fágfaidh an ragairne réidh thú as a dheireadh — giorróidh sí leat; tabharfaidh sí bás duit
Sin é a d'fhága réidh é, nach ndeachaigh sé roimhe in am (roimh thinneas srl.)
TUILLEADH (5) ▼
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Fágfaidh an láimh seo go dona mise (gan a bheith in ann tada a dhéanamh; pian a bheith orm srl.)
An t-ól a d'fhága ag iarratas mar sin é
An ghnaíúlacht a d'fhága in anchaoi é (a d'fhága mar sin é, a d'fhága mar atá sé é, a d'fhága go dona é srl.)
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt aird uirthi sin
c.
+
D'fhága sí na beithígh blite shular imigh sí — bhligh sí na beithígh
Ná himigh go bhfága tú an bainne déanta — déan an bainne sula n-imí tú
TUILLEADH (6) ▼
Fág an leaba cóirithe sula dté tú ag bleán
Fág aistir uisce istigh shula dté tú soir sa ngarraí
Fágadh sé móin istigh shula dté sé ag an gcladach
Fág neart aráin déanta le aghaidh an lae amárach — déan
Fág fataí tugtha isteach ansin le aghaidh cuid na mbeathach shula gcorraí tú
D'fhága sé neart tine thíos sular imigh sé ar chaoi ar bith
+
D'fhága an soilíos mo chuid féir fhéin dreoite
Fágfaidh na feaigs tolgtha thú
TUILLEADH (2) ▼
Fágfaidh an fliú seo daoine sínte — básaithe; curtha; ina luí
D'fhága na scoilteachaí craplaithe mé
d.
+
Tá sí drochmhúinte. Muise cá bhfágfadh sí é (an drochmhúineadh). Bhí a hathair amhlaidh — ba dual di a bheith drochmhúinte
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muintir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfágfadh sé é. Duine de bhunú(s) Mhurchadh na Sclaige! Ní fhéadfadh sé gan tóir a bheith aige ar an ól. Bhí sin sa dualgas aige.
Tá an braon ionat cheana féin, agus gan tú as an gcóta cabhlach fós. Mise i mbannaí! Cá bhfágfá é? Ba dual do do chineál an braon a bheith iontu.
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon bhean ariamh ar urlár ba honóraí ná a máthair. Ba in í fhéin muis an onóir dhona.
Tá Gaeilge agat! … Tuige nach mbeadh. Cá bhfágfá í. Fear as Ó.
3.
+
Má bhí sé anseo, sin é a d'fhágfadh nach eisean a bhí thoir — má bhí sé anseo, is cruthú é sin nach bhféadfadh sé a bheith thoir
Trí is toistiún ar scór uibheachaí. Sin é a d'fhágfadh dhá phínn ar an gceann. Ní taobh le dhá phínn a bhainfí dhíot muise dhá dtéiteá dhá gceannacht sa siopa
TUILLEADH (7) ▼
Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
Má rinne sé cleas den tsórt sin, sin é a d'fhágfadh gur beag a chiall é
Ar ndóigh má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
Bhris sé sin thíos an ceap s'againne. Fágann sin nach bhfuil ceap ar bith ar an mbaile anois
Nuair a d'fhiafraigh mise dhó (dhe) cé mar tháinig Contae na Mí leis, "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn", adeir sé. Fágann sin nach bhfuil aon tsástaíocht air ann
Ní dheachaigh fear an phosta siar fós. Fágann sin nach bhfuil sé an haon a chlog
Ní ghabhfadh sé leis (ag troid). D'fhága sin nach raibh sé in ann aige. Dhá gceapadh sé go mbeadh, sé a ghabhfadh, agus go líofa
4.
gan a chur san áireamh srl.
+
Ach cár fhága tú Seán? — breá nach gcaintíonn tú ar Sheán; ní ceart Seán a fhágáil as margadh; tá Seán i gceist freisin srl.
Ní dhéanfadh Peadar é. Dheamhan é go n-itheadh sé é. Ach cár fhága tú Seán? — dhéanfadh Seán é; bhí agat labhairt air
TUILLEADH (8) ▼
Níl aon chúnamh aige? Cár fhága tú an t-athair?
Ní abródh aon duine sa tír aon cheo faoi murach í fhéin. Ach cár fhága tú na Flaitheartaigh — ba Flaithearteach í fhéin ó cheart agus i ngeall gur Flaitheartach í adúirt sí é
Ní raibh údar achrainn ar bith aige, ach cár fhága tú an díth céille ina dhiaidh sin? — ní raibh d'údar achrainn aige ach a bheith dícéillí dhó
D'ionsaigh sé mé, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh. Ach cár fhága tú an t-olc, rud atá ann, mo léan? — d'ionsaigh sé mé i ngeall ar a chuid oilc
Ar ndóigh ní dhéanfadh aon fhear beo an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
Bádh í (bó). Ní raibh troigh uisce ann. Shílfeá nach mbáfaí seangán ann, ní áirím bó. Ach cár fhága tú an mí-ádh mór? Nuair a bhíos an mí-ádh ar dhuine, níl aon dul uaidh aige. Sin é an chaoi a bhfuil sé
Tá do chuid dola dhíot agat aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
Ní raibh a dhath air sin nuair a leag mé ansin é inné. Ach cár fhága tú ábhailleacht ghasúir ar ndóigh? Tá an clampar orthu. Ní mian leo gan a dhul ag spochadh le chuile shórt

fág in iontrálacha eile (50+)

 
Tá an chliath fágtha ar an gceannfhearann thuas sa ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
+
D'fhága sé ansin é le faitíos a ithe
TUILLEADH (3) ▼
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
Ná fág an buicéad uisce ar forbhás ansin faitíos na timpiste. Tá an cat mara ar na gasúir sin. Ba gearr orthu a dhóirteadh anuas ar fud an tí
 
faoisc
Fág ansin iad. Níl leathbhruith orthu fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orthu. Níor fhaoisc siad chor ar bith
+
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (1) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa ansiúd agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
 
Bhain sí an drioball den mhadadh amach ón dúid. Níor fhága sí feimín ar bith air
 
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
 
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
+
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat. Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
+
fios
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága mise ar bheagán fios é, théis go raibh sé an-chaidéiseach — níor inis mé tada dhó
+
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
+
Bhí cuid agus maoin aige ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aici. Rómhór a bhí sé.
TUILLEADH (1) ▼
'Sí a chuid frasaíl fhéin a d'fhága mar sin é. Níor sheas an uachta dhó mórán le bliain. Nach mbíodh sé ag glaoch i chuile theach ósta sa tír
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
Dhein sé fudairnéis den áit lena sheanmhótar. D'éagóir Dé dhó nár fhága é san áit a raibh sé! Tá íospairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
Fágaim an Satharn ag Muire Mháthair agus bím ag an aifreann Dé Domhnaigh — sin é an leithscéal a thug an leadaí fadó
TUILLEADH (20) ▼
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bheas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an trá — ag obair sa gcladach a bheas mé Dé Luain
Fágfaidh sé an teach agus an talamh ag an mac
Fág é sin ag an dul amú
Ar fhága sé slán agatsa chor ar bith sular imigh sé?
Fág slán aige anois mar ní móide go bhfeicfeá aríst é
Ní hé a bheannacht a d'fhága sé ag an athair ag imeacht dó
D'fhága sé a bheannacht agatsa ar chaoi ar bith!
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
Fágfaidh mise másaí tinne agat má chloisim an focal sin uait aríst — léasfaidh mé thú
Fágfaidh mise pian sa ngoile agat mura n-éirí tú as do chuid nathaíochta
Níor fhága mise smid aige — chuir mé ina shórt é
Fágfaidh mise ag croitheadh na gcrúb thú mura lige tú de do chuid ábhailleacht — gortóidh mé thú
Fágfaidh an cléibh sin droim tinn agat
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agat
D'fhága an diabhal grís agam (orm). Is maith an bronntanas í sin! — thóg mé grís uaidh
Fágfaidh an bhóithreoireacht ag caitheamh na miotán é. Níl aird ar bith aige ar a ghnaithe
'Sé an drochphósadh a d'fhága ag iarraidh a chodach é
Níor fhága sleánnaí na raithní sin aon ionga ag gabháil liom anuraidh
Níor fhága an dúchan fata de bhláth bliana agam
Níor fhága an bháisteach aon fhód móna ag na daoine i mbliana